Ballraíocht
Céard é GAELSCOILEANNA TEO?
Bunaíodh GAELSCOILEANNA TEO. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt do bhunú agus d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Céard a dhéanannn GAELSCOILEANNA TEO?
Is í príomhaidhm GAELSCOILEANNA TEO. ná an ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal fud fad na hÉireann.
Baintear na spriocanna seo amach trí:-
- spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt don phobal maidir le bunú scoile
- tacaíocht a thabhairt do phobal na scoile i ngach gné d’fhorbairt na scoile idir mhúinteoirí, phríomhoidí, boird bainistíochta agus tuismitheoirí
- oiliúint inseirbhíse ar shainriachtanais na hearnála a chur ar fáil do phobail na scoileanna
- idirghabháil idir an Roinn Oideachais agus na scoileanna lán-Ghaeilge ar cheisteanna ilghnéitheacha
- stocaireacht thar ceann na scoileanna
- tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do scoileanna scoilphobal a bhunú agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil
- Comhdháil Bhliantúil Oideachais a thionól
- ábhair bolscaireachta a ullmhú agus a chur ar fáil.
Cén bhuntáiste a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh le GAELSCOILEANNA TEO?
Is iad baill na heagraíochta ná na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal a chláraíonn le GAELSCOILEANNA TEO. Feidhmíonn GAELSCOILEANNA TEO. de réir riachtanais ár gcuid baill agus na hearnála. Is mór an éifeacht agus an tionchar a bhíonn ag an earnáil gaelscolaíochta más guth comhaontaithe láidir atá ann ó na scoileanna féin.
Gníomhaíonn GAELSCOILEANNA TEO. ar riachtanais agus ar mhianta na scoileanna atá cláraithe leis an eagraíocht trí na rúin a rithtear ag an gCruinniú Chinn Bliana (CCB) agus trí iarratais ar chúnamh a thagann chugainn ó scoileanna. Is gá do scoil a bheith cláraithe leis an eagraíocht chun vóta a chaitheamh ag an CCB, chun rún a mholadh agus chun ainmniúchán don Bhord Stiúrtha a dhéanamh.
Tá raon leathan scéimeanna agus tionscadail ag an eagraíocht, samhail Imeachtaí idirscoile, Scléip agus eile atá oscailte do na scoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann an eagraíocht ábhar bolscaireachta ar fáil a bhíonn chun leasa na scoileanna.
Conas ballraíocht a ghlacadh
Más mian leis an scoil ballraíocht a ghlacadh, ní ghá ach an fhoirm bhallraíochta thíos a chomhlánú agus an táille cuí a íoc go leictreonach (sonraí ar an bhfoirm) nó le seic.
Foirm Bhallraíochta Eanáir-Nollaig 2013
Sonraí Teagmhála
Is féidir ceisteanna faoi seo nó faoi sheirbhísí GAELSCOILEANNA TEO. a chur orainn trí ghlaoch ar 01-8535195 nó ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie




