Coiste Seasta Thuaidh Theas
Cúlra agus comhthéacs an Choiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas
D’eascair an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas as an dtionscadal Gaelscolaíocht Éireann a maoiníodh faoi mhaoiniú an Phrósis Síochána. B’iad Gaelscoileanna Teo, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta na páirtnéirí tosaigh sa tionscadal seo. Ba é ról agus réimse Ghaelscolaíocht Éireann ná comhoibriú na hearnála agus soláthar seirbhíse a fheabhsú cois teorann agus sna Sé Chontae ó thuaidh. Ba léir go raibh bua an chomhoibrithe chun ár leasa uile in earnáil na gaelscolaíochta thuaidh/theas. Mar sin de, chinn muid ar Choiste Seasta a chur ar bun a chuirfeadh le comhoibriú trasteorann agus le roinnt an dea-chleachtais ar bhonn thuaidh theas. Chonacthas do na heagraíochtaí bunaidh sin gur le leas na hearnála an comhoibriú sin a leathnú le go mbeadh na heagraíochtaí uile atá páirteach in earnáil na gaelscolaíochta thuaidh agus theas páirteach. Bunaíodh an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas sa bhliain 2009. Tá ballraíocht leathan ag an gCoiste anois de na príomhpháirtnéirí in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Tá an Coiste Seasta Thuaidh Theas (CSTT) comhdhéanta de na páirtnéirí seo a leanas:
- Gaelscoileanna Teo.
- Comhairle na Gaelscolaíochta
- Foras na Gaeilge
- Forbairt Naíonraí Teoranta
- An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
- An Foras Patrúnachta
- Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo.
- Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
- Comhar na Múinteoirí Gaeilge
- Comhar na Naíonraí Gaeltachta
- An Roinn Oideachais, Tuaisceart Éireann
- Altram
- Iontaobhas na Gaelscolaíochta
Sa rannóg seo:
-
Comhdháil: Forbairt na Ceannasaíochta sa Bhunscoil lán-Ghaeilge
-
Seimineár Taighde ar an Ghaeloideachas
-
Ról, réimse agus cuspóir an CSTT
-
Preasráitis ón CSTT




