Preasráitis ón CSTT
Cruinniú Stairiúil de Cheannairí Gaeloideachais
09.06.2009
Tháinig ceannairí ó eagraíochtaí gaeloideachais thuaidh agus theas le chéile le Coiste Seasta ar an nGaeloideachas a bhunú ag cruinniú Dé hAoine, 29 Bealtaine 2009. Bhí na ceannairí ó na príomheagraíochtaí gaeloideachais sa dá dhlínse i láthair don chruinniú sin, an chéad chruinniú dá leithéid. Bhí ionadaithe i láthair ag an gcéad chruinniú den Choiste Seasta Gaeloideachais ó GAELSCOILEANNA TEO., ó Chomhairle na Gaelscolaíochta, ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, ó Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, scátheagraíocht na n-eagraíochtaí deonacha, ag feidhmiú mar chomhordaitheoir gnó an choiste.
Ag cur síos ar an gcruinniú, dúirt Seán Ó Coinn, a ceapadh ina chathaoirleach ar an gCoiste Seasta don chéad tréimhse chathaoirleachta, gur “chruinniú stairiúil a bhí sa chruinniú a réiteodh an bealach le haghaidh comhoibriú sa ghaeloideachas sna blianta atá romhainn ar fud an oileáin”.
Faoi láthair, tá eagraíochtaí stát-mhaoinithe ann ó thuaidh agus sa Phoblacht a thugann tacaíocht do réimse leathan gnéithe den ghaeloideachas; an réamhscolaíocht, an bhunscolaíocht, an iar-bhunscolaíocht, múinteoirí agus tuismitheoirí san áireamh. Eascraíonn an tionscadal seo ón tionscadal uile-oileánda Gaelscolaíocht Éirinn a raibh mar aidhm aige deiseanna comhoibrithe a mhéadú thuaidh theas i gcóras an ghaeloideachais. Tá an tionscadal nua thuaidh theas á fhorbairt chun tógáil ar an mbunús seo agus chun cur le teagmhálacha ar fud an oileáin, le struchtúir thacaíochta a fhorbairt agus le meicníochtaí do roinnt an dea-chleachtais a chur chun cinn. Tá súil freisin go gcuideoidh an Coiste Seasta le comhoibriú trasteorann, agus go mbeidh teacht níos leithne ag níos mó daoine ar an ngaeloideachas dá bharr, go háirithe sna ceantair chois teorann. De réir an Chathaoirligh, Seán Ó Coinn, méadófar ballraíocht an Choiste Sheasta le linn na bliana atá romhainn, nuair a thosaíonn baill ag plé comhoibrithe i réimse leathan achar, macasamhail soláthar áiseanna seomra ranga, oiliúint do mhúinteoirí agus taisteal trasteorann chuig scoileanna lán-Ghaeilge.
Nóta don eagarthóir – An Gaeloideachas ar Oileán na hÉireann
Tá an ghaelscolaíocht ar cheann de na cineálacha oideachais is gasta fás ar oileán na hÉireann. Is cuid de threocht idirnáisiúnta an fás seo sa tumoideachas, trína dtumtar páistí sa dara teanga agus iad ar an scoil mar mhodh foghlama teanga. Tá an treocht seo forleathan ar fud an domhain i dtíortha chomh fada ar shiúl ó chéile leis an mBreatain Bheag, le Ceanada, le Hawaii agus leis an Nua-Shéalainn.
In Éirinn, tá an gaeloideachas ag fás le tríocha bliain. Anois tá breis agus 37,000 dalta ar fud na hÉireann ag fáil a scolaíochta tríd an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i 170 bunscoil agus i 44 iar-bhunscoil.
Tacaíocht léirithe ag cruinniú de cheannairí Gaeloideachais don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Léirigh ceannairí ó eagraíochtaí gaeloideachais thuaidh agus theas a dtacaíocht don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) ag cruinniú den Choiste Seasta ar an nGaeloideachas a tionóladh Dé Luain, 19 Deireadh Fómhair 2009.
Bhí plé leathan sa chruinniú ar mholtaí an Bhoird Snip Nua agus impleachtaí na moltaí sin do chur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. D’aontaigh lucht an chruinnithe d’aonghuth gur ghá cur in aghaidh na moltaí sin go láidir, an moladh tromchúiseach maidir le deireadh a chur le COGG go háirithe. Aithníodh arís an dea-obair atá curtha i gcrích ag COGG ar acmhainní srianta i bhforbairt sainstruchtúr tacaíochta chun freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Ina dhiaidh sin, labhair baill an Choiste Sheasta faoi na tosaíochtaí oideachais atá i bpleananna oibre a n-eagraíochtaí do 2010 chomh maith leis na réimsí oibre a bhféadfaí bheith ag comhoibriú orthu don bhliain romhainn. Aontaíodh go bhfuil comhoibriú idir eagraíochtaí na hearnála níos tábhachtaí ná riamh lena chinntiú go ndéantar gach ar féidir chun éifeacht an chúlaithe eacnamaíochta dhomhanda ar earnáil an Ghaeloideachais agus ar chur chun cinn na Gaeilge a laghdú.
Bhí áthas ar chathaoirleach an Choiste Seasta Seán Ó Coinn a fhógairt don chruinniú go bhfuil An Roinn Oideachais ó Thuaidh tar éis maoiniú de £5,000 a cheadú don Choiste chun struchtúir thacaíochta a fhorbairt agus le meicníochtaí do roinnt an dea-chleachtais sa chóras gaeloideachais a chur chun cinn.
Tionólfar an céad cruinniú eile de Choiste Sheasta ag tús 2010.
Nóta don eagarthóir – An Gaeloideachas ar Oileán na hÉireann
Tá an ghaelscolaíocht ar cheann de na cineálacha oideachais is gasta fás ar oileán na hÉireann. Is cuid de threocht idirnáisiúnta an fás seo sa tumoideachas, trína dtumtar páistí sa dara teanga agus iad ar an scoil mar mhodh foghlama teanga. Tá an treocht seo forleathan ar fud an domhain i dtíortha chomh fada ar shiúl ó chéile leis an mBreatain Bheag, le Ceanada, le Hawaii agus leis an Nua-Shéalainn.
In Éirinn, tá an gaeloideachas ag fás le tríocha bliain. Anois tá breis agus 37,000 dalta ar fud na hÉireann ag fáil a scolaíochta tríd an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i 170 bunscoil agus i 44 iar-bhunscoil.



