Méid an Téacs

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí i gCeatharlach i Mí an Mhárta

Feabhra 25, 2014

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí, le chéile an Satharn seo chugainn, 1ú Márta ag 11 a chlog ar maidin mar an chéad imeacht ar chlár Mhí an Mhárta, Féile na Gaeilge i gCeatharlach.

Tagann an grúpa SPRAOI le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobail Darach Úr, Ceatharlach. Bíonn tae agus caife ag na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach a bheith sásta triail a bhaint aisti! Tagann slua breá go dtí na hócáidí SPRAOI idir fhoghlaimeoirí agus cainteoirí agus tá formhór de na páisti idir bliain amháin agus ceithre bliana d’aois.

Baineann idir pháistí agus tuistí an-taitneamh as na seisiúin shóisialta seo. Spreagtar labhairt na Gaeilge agus is breá leis na páistí amhráin agus rímeanna beaga a chasadh trí Ghaeilge ag deireadh an tseisiúin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar, tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois. Tiocfaidh an grúpa le chéile dhá uair i rith Mhí an Mhárta- ag cur tús le Féile na Gaeilge i gCeatharlach ar an gcéad lá den mhí agus arís ar an 29ú Márta chun deireadh a chur leis an bhFéile. Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar 085/1340047. Bígí linn agus beidh fáilte roimh chách!

www.carlow-nationalist.ie

Coláiste Samhraidh 2014 do dhéagóirí i gCeatharlach

Feabhra 18, 2014

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go n-eagrófar Coláiste Samhraidh do dhéagóirí i gCeatharlach arís an samhradh seo.

Cuirfear tús leis an gcoláiste samhraidh ar an 30ú Meitheamh agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 11ú Iúil ó 9.30r.n. go 1.00 i.n. gach lá Luan go hAoine. Mar is gnáthach beidh an cúrsa coicíse lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach. Tá clárú oscailte anois agus ‘sé €200 an táille. Beidh an Coláiste Samhraidh dírithe ar mhicléinn atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh dhaltaí ó rang a sé go leibhéal na hardteistiméireachta. Beidh ranganna agus imeachtaí an chúrsa in oiriúint do dhaltaí i rang a sé agus do mhicléinn i mbliain 1 agus 2 i ngrúpa na sóisear agus beidh na daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear.

Chomh maith leis na ranganna foirmiúil gach lá beidh cluichí cainte, díospóireachtaí, amhránaíocht, cluichí, spórt agus damhsa ar an gclár. Cuirfear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus díospóireacht in oiriúint do na daltaí. Ina theannta sin, beidh seans ag na micleinn tarraingt ar a gcuid eolais ginearálta ag tráth na gceist boird agus ar ndóigh bainfear taitneamh as na céilithe.

Is í seo an séú bhliain den choláiste samhraidh i mbaile Cheatharlach. D’éirigh go hiontach leis an gcoláiste samhraidh le blianta anuas le hochtó dalta páirteach. Bhaineadar taitneamh agus tairbhe, sult agus spraoi as an gcúrsa coicíse. Beifear ag súil le héileamh mór arís i mbliana ach chun áit a chinntiú ní foláir foirm iarratais comhlánaithe maille le héarlais €50 a bheith istigh go luath. Is féidir foirm a fháil anois ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach nó glaoch a chur ar (059) 9158105 nó (085) 1340047. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig emma@glorcheatharlach.ie.

www.carlow-nationalist.ie

Féile na Gaeilge

Feabhra 18, 2014

Tá mí an-taitneamhach, suimiúil agus gnóthach i ndán do phobal Cheatharlach agus rogha mór imeachtaí á phleanáil do chlár Fhéile na Gaeilge.

Reachtálfar Mí na Gaeilge seachas Seachtain na Gaeilge i mbliana a mhairfidh ó thús go deireadh Mhí an Mhárta. I measc na mbuaicphointí beidh an Comórtas Amhránaíochta Pan Cheilteach, Feis na nGael, imeachtaí na Féile Pádraig, Scoildrámaíocht agus an Fhéile Drámaíochta. Tar éis suas le daichead iarratas a fháil tá gearrliosta na n-amhrán nuachumtha roghnaithe don Chomórtas Náisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl ins an Ostán Seven Oaks ar an Satharn, 8ú Márta ag 8.00i.n. Cuirfear na hamhráin i láthair go poiblí ag ócáid ghalánta os comhair lucht éisteachta agus painéal moltóireachta. Chomh maith le seic €1,000 a bhailiú rachaidh an t-amhrán buachach ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta a bheidh ar siúl i gCathair Dhoire um Cháisc. Le rogha leathan, éagsúlacht iontach agus roinnt amhráin le cumadóirí áitiúla san áireamh is cinnte go mbeidh éileamh mór ar thicéid don imeacht áirithe seo. Tá na ticéid @ €10 ar fáil trí VISUAL ag 059 9172400 nó www.visualcarlow.ie. Moltar áirithintí a dhéanamh gan mhoill chun suíocháin a chinntiú.

Eagraíonn Feis na nGael sraith imeachtaí chun ceangal leanúnach a chothú idir Éire agus Alba agus é mar aidhm ag an eagraíocht an dá chultúr ceilteach a roinnt agus a cheiliúradh le chéile. Mar chuid de chamchuairt náisiúnta na Feise i rith dheireadh seachtaine na Féile Pádraig tabharfar cuairt ar Cheatharlach ar an Satharn, 15ú Márta le haghaidh oíche mhór cheilteach ins an Ostán Seven Oaks. I measc na rannpháirtithe ar an oíche beidh amhránaithe, ceoltóirí, rinceoirí, píobaire agus file ag roinnt a gcuid talainne sa dá theanga. Tá ócáid fíor álainn geallta agus beidh fáilte roimh chách.

I measc na n-imeachtaí dírithe ar scoileanna i rith Mhí an Mhárta beidh Slógadh Spleodar, Spraoicheisteanna an Earraigh, Comórtas Ealaíne, Comórtas Aiste agus Ceardlann Coimicí Gael. Cuirfear fáilte roimh dhrámaí ó scoileanna áitiúla ag an Lá Scoildrámaíochta ar an Déardaoin,13ú Márta. Beidh Mórshiúl na Féile Pádraig ar na sráideanna agus céilithe galore. Chomh maith le fáilte a fhearadh roimh dhrámaí ó cheantair éagsúla léireoidh an complacht drámaíochta áitiúil Aisteoirí an Lóchrainn an dráma Maggie Mhór le John B. Keane ag an bhFéile Drámaíochta a reachtálfar in Amharclann G.B. Shaw ar an Satharn, 22ú Márta. Féile mhór na Gaeilge mar sin i gCeatharlach a mhairfidh ar feadh míosa, Mí an Mhárta agus Mí na Gaeilge. Bí ullamh agus bain taitneamh as an teanga agus an cultúr. Beidh clár iomlán agus gach eolas ar fáil ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 nó seol ríomhphost chuig emma@glorcheatharlach.ie.

www.carlow-nationalist.com

Seimineár ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ i gCeatharlach

Feabhra 11, 2014

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineáir i gCeatharlach dar teideal ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’.

Seo seimineár fostaíochta dhátheangach do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna an cheantair. Is ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach a bheidh an ócáid seo á reáchtáil ar an Déardaoin, 27ú Feabhra 2014. Ar an lá labhróidh painéal d’aoichainteoirí ó earnálacha éagsúla faoin mbuntáiste breise a thug an Ghaeilge dóibh agus iad i mbun a ngairmeacha beatha. Beidh cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil agus spleodrach. Is cinnte go rachaidh an painéal iontach cumasach go mór i bhfeidhm ar na daltaí scoile a bheidh i láthair.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid seo beidh an t-aisteoir aitheanta Barry Barnes as Loch Garman ó dhúchas. Bheadh aithne níos fearr ag daoine air mar athair Aifric sa sobalchlár ‘Aifric’ ar TG4. Anuas ar sin ghlac sé páirteanna i Ros na Rún, Fair City, na scannáin Veronica Guerin, Michael Collins, Kings mar aon le go leor eile. Labhróidh Emma Uí Bhroin, atá ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach, ar a cuid oibre leis an bpobal i gCeatharlach agus na tionscadail ar fad a bhíonn á reachtáil aici chun úsáid na Gaeilge a neartú i measc an phobail ar an mbaile.

Déanfaidh an t-abhcóide Cynthia Ní Mhurchú as Ceatharlach cur síos ar a post féin agus freisin tabharfaidh sí léargas iontach ar an seal a chaith sí mar láithreoir teilifíse le RTÉ. Anuas ar seo tabharfaidh Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael fear de bhunús Co. Laoise léargas ar an tábhacht atá leis an nGaeilge i dtaobh an CLG mar aon le súil siar ar a thréimhse mar phríomhoide scoile. Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair ag an seimineár chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ann dóibh.

Tá eolas ar an seimineár á dháileadh ar iar-bhunscoileanna an cheantair i láthair na huaire. Níl aon táille le n-íoc ach iarrtar ar mhúinteoirí a ranganna a chlárú gan mhoill. Is féidir breis eolais faoin seimineár a fháil ar www.gaelport.com , glaoch a chur ar Bhrighid ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdhail.ie . Sonraí freisin ó Ghlór Cheatharlach ar 059 9158105 nó 085 1340047.

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Lá Mór na Gaeilge

Feabhra 4, 2014

Cuirfear tús le feachtas láidir ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn,15ú Feabhra.

Eagrófar mórshiúl ar son cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag tosnú ag 2.00i.n. Conradh na Gaeilge, i gcomhar le grúpaí eile teanga agus tacaíocht an mhórphobail ar fud an oileáin, atá ag eagrú an fheachtais mar gheall ar chúiseanna éagsúla agus go háirithe fógairt Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24ú Feabhra 2014 de bharr cearta teanga, easpa seirbhísí stáit as Gaeilge agus easpa tacaíochta an rialtais don Ghaeilge.

Tosóidh Lá Mór na Gaeilge le mórshiúl ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell ag 2.00i.n. Gluaisfidh an mórshiúl trí lár na príomhchathrach agus tá lucht eagraithe an léirsithe ag súil go mbeidh na mílte i láthair chun cothrom na féinne don teanga a éileamh ar an rialtas. Maraon le haoichainteoirí beidh ceol ó na grúpaí aitheanta Kila, Seo Linn agus Na Fíréin ar an lá agus cuirfear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh. Tá breis eolais faoi Lá Mór na Gaeilge ar fáil ar lagaeilge@cnag.ie

www.carlow-nationalist.ie

Comórtas Clár Raidió Gael Linn

Eanáir 29, 2014

Tá Gael Linn ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn, comórtas bliantúil a thugann aitheantas do thallann raidió úr i measc daltaí iar-bhunscoile.

Is é an dáta deireannach iontrála ná 7 Feabhra 2014, ach ní gá na cláir féin a bheith istigh go dtí 14 Márta 2014. Bronnfar duaiseanna ar mhic léinn a dhéanann cláir raidió Ghaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a láithriú. Glacfar le cláir cainte, irischláir, gnéchláir srl Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn idirbhliana go príomha agus creidtear go bhfuil sé an-oiriúnach mar ábhar le haghaidh tionscnamh do na mic léinn seo. Tá cead, áfach, ag daltaí i mbliain ar bith sa scoil páirt a ghlacadh ann agus níl aon teorainn leis an líon scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár.

Cuireann na daltaí, le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió ar a rogha téama le chéile, a mhaireann idir 15 agus 20 nóiméad. Is féidir rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile. Glactar le drámaí raidió chomh maith. Tá dhá roinn sa chomórtas, roinn amháin d’iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc trí Ghaeilge agus an roinn eile do na scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu. Bronnfar trí dhuais náisiúnta, urraithe ag Raidió na Gaeltachta, ar na trí chlár is fearr, is cuma cén roinn ina mbeidh an scoil ag iomaíocht. Ina dhiaidh sin bronnfar trí dhuais, urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann, ar na trí chlár is fearr i ngach roinn.

Tá gach eolas faoin gComórtas gClár Raidió 2014 ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie agus is féidir éisteacht ansin chomh maith leis na cláir a bhuaigh duaiseanna sa chomórtas anuraidh. Nó is féidir glaoch ar riarthóir an chomórtais, Niamh de Búrca, ag 01 6753303.

www.carlow-nationalist.ie

Ciorcail Ghaeilge na seachtaine seo i gCeatharlach

Eanáir 29, 2014

Leanfar leis an teacht le chéile seachtainiúil dar teideal “Is Leor Beirt” sa Leabharlann, Sráid na Tulaí, Ceatharlach ar an gCéadaoin seo ag 10.30r.n.

Agus cuirfear míle fáilte roimh chách chomh maith chuig SULT, an imeacht míosúil trí Ghaeilge, ar an Déardaoin, 30 Eanair sa Teach Bar taobh le Teach Dolmain, Ceatharlach. Is ansin a thagann daoine le chéile ar an Déardaoin deireannach de gach mí ag 9.00i.n. chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirtear fíorchaoin fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Leanfaidh an oíche leis an seisiún traidisiúnta.

Is deiseanna iontacha iad na ciorcail seo chun an Ghaeilge a labhairt go sóisialta agus aithne a chur ar chainteoirí Gaeilge eile sa cheantar. Beidh fáilte faoi leith roimh fhoghlaimeoirí agus tabharfar gach seans dóibh an teanga a chleachtadh i suímh nádúrtha. Bí ann agus fáilte!

www.carlow-nationalist.ie

Seachtain eile d’amhráin don Chomórtas Pan Cheilteach

Eanáir 29, 2014

Tá áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go bhfuil seachtain eile curtha leis an spriocdháta d’iarratais don Chomórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach.

Glacfar le hiarratais ar dhlúthdhioscaí suas go dtí 2.00i.n. ar an Aoine, 7ú Feabhra. Ní foláir na focail agus an ceol a bheith nuachumtha agus caithfidh na focail a bheith as Gaeilge. Tá duais €1,000 le buachaint agus rachaidh an t-amhrán buachach ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheith ar siúl i gCathair Dhoire um Cháisc.

Tá rannóg faoi leith sa chomórtas i mbliana le haghaidh iarratais ó dhaoine faoi sheacht mbliana déag d’aois agus ‘sé €200 an phríomhdhuais sa rannóg áirithe seo. Tá na rialacha agus an fhoirm iontrála ar an suíomh idirlín www.panceltic.ie. Gach eolas ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó emma@glorcheatharlach.ie. Iarratais chuig Oifig Ghlór Cheatharlach, Sraid an Choláiste, Ceatharlach.

www.carlow-nationalist.ie

Seimineár ar ‘Atógáil Phobal na Gaeilge’

Eanáir 21, 2014

Beidh seimineár ar bun i gCluain Dolcáin, Baile Atha Cliath ar an Satharn, 25 Eanáir ar bhealaí praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

Is é ‘Atógáil Phobal na Gaeilge’ teideal na himeachta, a bheidh ar síúl in Áras Chrónáin agus tá sé dírithe ar cheantracha cosúil le Baile Cheatharlach ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga mionlaigh faoi láthair. Pléifear na slite is éifeachtaí chun athbheochan na teanga a spreagadh. Beidh aíonna ó eagraíochtaí pobail ó cheann ceann na tíre ag labhairt ag an seimineár i rith an lae faoi ábhair éagsúla, idir cur chun cinn na Gaeilge i measc teaghlach, imeachtaí don aos óg agus do dhaoine fásta, agus cur chun cinn na Gaeilge i measc an lucht gnó. I measc na n-aoíchainteoirí a bheidh páirteach chun an taithí atá acu féin ó thaobh cur chun cinn na teanga sa phobal agus na rudaí a oibríonn dóibh a roinnt leis na rannpháirtithe beidh Emma Uí Bhroin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach

Tá an seimineár saor agus oscailte don phobal agus cuirfear fáilte roimh éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a atógáil mar theanga phobail, idir dhaoine atá i mbun oibre faoi láthair agus daoine atá ag machnamh ar imeachtaí nó ghrúpa pobail nua a eagrú amach anseo. Cuirfear tús leis an seimineár ag 9.30rn Dé Sathairn 25 Eanáir agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.araschronain.ie nó 086 3927090.

www.carlow-nationalist.ie

Scoileanna Cheatharlach cáilithe do Dhíospóireachtaí Réigiúnach Gael Linn!

Eanáir 21, 2014

Reachtáladh an dara babhta de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2014 an tseachtain seo caite agus bhí ceithre iarbhunscoil as Ceatharlach páirteach.

Bhí foirne ag Coláiste an Chnoic Bhig agus ag Coláiste na Toirbhirte in iomaíocht i gcomórtas na sóisear. Bhí Coláiste Leon Naofa agus Acadamh Naomh Muire i rannóg na sinsear. “Táimid ag gabháil thar fóir le caomhnú na timpeallachta in Éirinn” an rún a bhí ag na sóisir agus “Ba chóir deireadh iomlán a chur le híocaíochtaí dól do dhaoine faoi 25 bliain d’aois” a bhí faoi chaibidil ag na sinsir.

Bhí na moltóirí an-tógtha leis an gcaighdeán ard díospóireachta agus argóna agus ar deireadh fógraíodh foireann Acadamh Naomh Muire agus foireann Choláiste na Toirbhirte i measc na bhfoirne a bheidh ag dul ar aghaidh chuig an Chraobh Réigiúnach a reachtálfar roimh shos lár-théarma an earraigh. Comórtas náisiúnta is ea Díospóireacht an Phiarsaigh eagraithe gach bliain ag Gael Linn. ‘Sé príomhaidhm an chomórtais ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daltaí iarbhunscoile agus cabhrú leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna díospóireachta. Cuirtear tús leis an gcomórtas sa fómhar agus leantar le babhtaí go dtí Mí an Mhárta nuair a bhíonn Craobh na hÉireann ar siúl.

Molann Glór Cheatharlach na micléinn áitiúla go léir agus a múinteoirí as páirt a ghlacadh ins na díospóireachtaí agus guímid gach rath ar na foirne ins na babhtaí réigiúnach.

www.carlow-nationalist.ie

« Previous PageNext Page »