Méid an Téacs

Campaí Samhraidh

Ní chuireann GAELSCOILEANNA TEO. campaí samhraidh ar fáil, ach tá liosta d’eagraíochtaí a chuireann ar fáil anseo. Más eol duit aon eagraíocht eile gur fiú a chur leis an liosta, ba mhór linn an t-eolas a fháil ar ríomhphost (oifig@gaelscoileanna.ie).

Cuimsíonn an tseirbhís nuachta scéalta ón scoilphobail, ina measc, eolas maidir le himeachtaí, campaí agus eile a bheadh oiriúnach do phobal na gaelscolaíochta. Is féidir clárú le nuacht na heagraíochta a fháil ar ríomhphost uair in aghaidh an lae trí do sheoladh ríomhphost a chur sa bhosca ar an leathanach baile. Tá fotha RSS ann don nuacht chomh maith.