Scléip – Buaiteoirí Babhta Laighin
Feabhra 8, 2011
Bhí Babhta Laighin againn san Axis (i mBaile Munna, Baile Átha Cliath) ar an 7 Feabhra agus bhí 7 scoil linn ar an lá. Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, bhí iomaíocht den scoth ann agus tá moladh tuillte ag na rannpháirtithe uile a chur seó den scoth ar stáitse dúinn. Beimis ag súil go mór leis an Craobh Ceannais san Axis ar an 2 Aibreán. Má tá grianghraif agat den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad! Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Tiernan Shaw, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
- Ceol nua-aimseartha (aonair): Míchéal Konstantin, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
- Amhránaíocht thraidisiúnta agus clasaiceach: “Anaithnid”, Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath
- Ceol nua-aimseartha (grúpaí): “Oíche Dhearg”, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
- Rince cruthaitheach: “Domhaintarraingt”, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): Ceoltóirí Reachrann (grúpa sinsir), Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
- Drámaíocht agus mím: “Mairtíreacht Naomh Bhríde”, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
- Ilchineálach: “Ceathrar leaids”, Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath
- Duais na Moltóirí: “Zú”, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath