Méid an Téacs

Buntáistí an Oideachais Dátheangaigh

Cuimsítear i measc na mbuntáistí atá aitheanta sa taighde idirnáisiúnta:

Buntáistí an Churaclaim

  1. Gnóthachtáil mhéadaithe curaclaim.
  2. Níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú.

Buntáistí Cumarsáide

  1. An Dátheangachas (cumas dhá theanga a labhairt go líofa).
  2. Litearthacht i dhá theanga (léamh agus scríobh i dhá theanga).
  3. Cumarsáid níos forleithne (teaghlach, pobal, cairde, fostaíocht).

Buntáistí Cultúrtha

  1. Inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút féin luachanna cultúir eile); ilchultúrachas níos doimhne; Caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr.

Buntáistí Cognaíocha

  1. Buntáistí smaointeoireachta (cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide).

Buntáistí Carachtair

  1. Féinmhuinín níos airde.
  2. Diongbháilteacht féiniúlachta.

Buntáistí Airgid

  1. Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta.

(oiriúnaithe ag GAELSCOILEANNA TEO. ó Baker, 2003)