Méid an Téacs

Gaelscoil Ilchreidmheach Nua do Dhún Laoghaire

Márta 10, 2016

Gaelscoil Bhréifne

I mí Bealtaine, dhiúltaigh an Aire Oideachais & Scileanna don iarratas ón bhForas Pátrúnachta go mbunófar scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua i Meán Fómhair 2016, le freastal ar Dhún Laoghaire.

Tá eolas maidir le próiseas na Roinne Oideachais & Scileanna, móide an tuairisc maidir leis an gceantar, ar fáil ar www.education.ie.

Is féidir Preasráiteas Gaeloideachas maidir le fógra an Aire a léamh anseo.

Cén fáth go roghnófá scoil lán-Ghaeilge dod’ pháiste? 

Léigh anseo maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an gcóras tumoideachais.

Tá gach eolas maidir leis an bhForas Pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie.

Tá eolas reatha maidir leis an bhfeachtas i nDún Laoghaire ar fáil ar Facebook.

The Breadwinner/An Saothraí

Bealtaine 15, 2018

Gallery_Desktop_5_website

Ón Stiúrthóir Nora Twomey agus stiúideo beochana Salúin Chartún (a chruthaigh Song of the Sea agus The Secret of Kells). Insíonn An Saothraí an scéal faoi Parvana, cailín óg 11 bliain d’aois atá ag fás aníos faoin Taliban san Afganastáin in 2001. Nuair a ghabhtar a hathair in éagóir, cuireann Parvana cruth buachalla uirthi féin le tacú lena teaghlach. Le buanseasmhacht neamheaglach, agus Parvana ag baint neart as na scéalta a d’inse a hathair di, ar deireadh cuireann sí a beatha féin i gcontúirt le fáil amach an bhfuil sé go fóill beo. Scéal corraitheach agus draíochtach é, is scéal tráthúil agus spreagúil é faoi chumhacht tharchéimnitheach na scéalta, agus a gcumas le muid a aontú le chéile agus a leigheas.

Beidh an scannán nua seo le feiceáil i bpictiúrlanna ón 25 Bealtaine 2018. Tá leagan Gaeilge den scannán ar fáil ach ní bheidh sé le feiceáil i ngach pictiúrlann ar an liosta thíos. Cuirfear an leagan Gaeilge ar siúl i gceantair faoi leith má léiritear suim ón bpobal nó ó scoileanna áitiúla. Is féidir le scoileanna é a chur in áirithe do ghrúpaí trí theagmháil a dhéanamh leis an bpictiúrlann. Breis eolais anseo.
Mar sin más maith libh an leagan Gaeilge den scannán a fheiceáil, ní mór glaoch a chur ar an bpictiúrlann leis an leagan Gaeilge a chur in áirithe do ghrúpa theaghlaigh, ranganna scoile, grúpa pobail srl…
Muna bhfuil an t-éileamh ann, ní bheadh an leagan Gaeilge le feiceáil i ngach pictiúrlann.
Pictiúrlanna a bheas ag léiriú an scannáin:
Baile Átha Cliath:
  • Irish Film Institute, 6 Eustace St, Temple Bar, D2 / Tel: 01 679 3477 / Web: ifi.ie
  • Light House Cinema, Smithfield, D7 / Tel: 01 8728006 / Web: lighthousecinema.ie
  • Cineworld Dublin, Parnell St, Rotunda, D1 / Tel: (0818) 304 204 / Web: cineworld.ie
  • Movies @ Dundrum, Sandyford Rd, Dundrum, D16 / Tel: 01 291 6802 / Web: movies-at.ie
  • Movies @ Swords, Pavilions, Swords, Co. Dublin / Tel: 01 870 3600 / Web: movies-at.ie
  • Omniplex Rathmines, 210 Rathmines Rd Lower, D6 / Tel: 01 497 5199 / Web: omniplex.ie
  • IMC Dun Laoghaire, George’s St Lwr, Dún Laoghaire, Co. Dublin / Tel: 01 230 1367 / Web: imccinemas.ie
  • IMC Tallaght, The Square, Tallaght, D24 / Tel: 01 404 3005 / Web: imccinemas.ie
  • IMC Santry, Omni Park, Old Airport Road, Whitehall, D9 / Tel 01 842 8822 / Web: imccinemas.ie
  • Vue, Fonthill Rd, Liffey Valley Park, Lucan, Co. Dublin / Tel: 1890 800 705 / Web: myvue.com

Timpeall na tíre:

  • Palas Galway,15 Merchants Rd Lower, Galway/ Tel: 091 394800 / Web: palas.ie
  • Eye Galway, Wellpark Retail Park, Wellpark, Co. Galway / Tel: 091 78 00 78 / Web: eyecinema.ie
  • IMC Galway, Galway Retail Park, Headford Rd, Galway / Tel: 091 566 771 / Web: imccinemas.ie
  • Omniplex Cork, Mahonpoint Shopping Centre, 1 Link Road, Mahon, Co. Cork / Tel: 0214972082 / Web: omniplex.ie
  • Gate Cork, North Main Street, Cork / Tel: 021 4279595 / Web: corkcinemas.com
  • Gate Midelton, Market Green, Midleton, Co. Cork / Tel: 021 4630066 / Web: corkcinemas.com
  • Gate Mallow, Market Square, Mallow, Cork / Tel: 022 53282 Web: corkcinemas.com
  • Omniplex Limerick, Crescent Shopping Centre, Dooradoyle Road, Limerick, / Tel: 353 61 305 020 / Web: omniplex.ie
  • Omniplex Sligo, Wine St, Abbeyquarter North, Sligo / Tel: 353 71 916 2651 / Web: omniplex.ie
  • Century Letterkenny, Leckview Lane Pearse Road, Oldtown, Letterkenny, Co. Donegal / Tel: 074-9121976 / Web centurycinemas.ie
  • IMC Kilkenny, Gaol Rd, Jamesgreen, Kilkenny City / Tel: 056 7723130 / Web: imccinemas.ie
  • Mayo Movieworld, Moneen, Castlebar, Co. Mayo / Tel: 094 902 7777 / Web: mayomovieworld.ie
  • Queens Film Theatre, 20 University Square, Belfast / Tel: 028 9097 1097 / Web: queensfilmtheatre.com
  • IMC Carlow, Fairgreen Shopping Centre, Barrack St, Carlow / Tel: 059 9137645 / Web: imccinemas.ie
  • IMC Dundalk, Carroll’s Village, The Long Walk, Townparks, Dundalk, Co. Louth / Tel: 042 932 0400 / Web: imccinemas.ie
  • SGC Dungarvan, High Street, Dungarvan, Co. Waterford / Tel: (058) 45796 / Web: sgcdungarvan.ie
  • Movies @ Gorey, Raheenagurren East, Courtown Rd, Raheenagurren East, Gorey, Co. Wexford / Tel: 053 948 9570 / Web: http://moviesatgorey.ie

Deiseanna do na scoileanna lán Ghaeilge i bhfógra an Aire Oideachais

Aibreán 13, 2018

Cuireann Gaeloideachas fáilte mhór roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, inniu, go bhfuil 42 scoil úra le hoscailt le linn na tréimhse 2019-2022. “Is fógra an-dearfach é seo a chabhróidh linn a chinntiú go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar rogha do bhreis páistí a bhfuil suim ag a dtuismitheoirí sa chóras tumoideachais agus cabhróidh siad go mór i dtaobh freastal ar an éileamh ollmhór atá ann ar oideachas ilchreidmheach trí mheán na Gaeilge freisin”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Deiseanna le scoileanna nua a bhunú

Pléifidh Gaeloideachas le pátrúin ionchasacha gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna ceantair atá aitheanta ag an Roinn, agus fáiltíonn muid roimh fiosrúcháin agus teagmháil ón bpobal maidir leis na féidearthachtaí a shamhlaíonn siad dá gceantair féin.

Tá ceantair áirithe ar an liosta inar ritheadh feachtais le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú cheana, ina measc: Marino, Droim Conrach agus BÁC1, 2, 4 agus 6, Dún Laoghaire agus Cill Chainnigh. Beimid ag súil le tógáil ar an mhór-obair a rinne na pobail sin agus toradh dearfach a bhaint amach dóibh anois agus an deis ann. Feictear dúinn go mbeidh éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge i go leor de na ceantair eile leis, agus tuigeann muid ó na staitisticí a chuireann scoileanna ar fáil don eagraíocht chuile bhliain go bhfuil ró éileamh ar formhór na scoileanna lán-Ghaeilge reatha sna ceantair atá ar liosta na Roinne.

Gá le cur chuige iomlánaíoch le cúram a thabhairt do na scoileanna reatha

Táimid feasach chomh maith ar na deiseanna agus dúshláin a chruthaíonn fógra mar seo don phobal scoile reatha, go bhfuil scoileanna ann gur mian leo fás ach nár tugadh an cead dóibh, agus scoileanna atá ag fulaingt le blianta fada de dheasca cóiríocht míchuí a bheith acu. Leanfaimid orainn ag troid cás na scoileanna seo agus ag éileamh go dtabharfaí a gcuid mianta agus riachtanais san áireamh i gcónaí sa phróiseas pleanála. Is cinnte go bhfuil scoileanna ann a bheadh toilteanach agus in ann roinnt den bhrú atá ar an gcóras a mhaolú trí glacadh le daltaí breise ach foirgnimh chuí a bheith acu, agus iarraimid go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ag an Roinn agus iad ag pleanáil chun cinn. Seasann seo ach go háirithe ag an iar-bhunleibhéal, áit a mbeadh féidearthachtaí ann an soláthar reatha a fhorbairt agus stádas scoil neamhspleách a bhunú ar aonaid atá ag feidhmiú i roinnt de na ceantair aitheanta. Faoi láthair, tá aonaid iar-bhunleibhéil ag feidhmiú ar fud na tíre gan tacaíocht nó cosaint cuí ón Stáit lena rathúlacht agus inmharthanacht a chinntiú. Thabharfadh an próiseas seo deis don Roinn obair i gcomhairle lena bpátrún agus soláthar lán-Ghaeilge buan a chinntiú do na réigiúin sin.

Cothrom na féinne don oideachas lán-Ghaeilge?

Ní léir go fóill cén próiseas a bheidh ann le pátrúin agus sainmheoin na scoileanna nua atá le bunú a roghnú. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn go mbeidh athruithe air, ach go mbeidh an béim ar rogha na dtuistí go fóill. Beidh tionchar mhór ag an bpróiseas roghnúcháin ar an líon scoileanna nua lán-Ghaeilge a bhunófar agus tá Gaeloideachas ag stocaireacht ó 2015 chun go leasófar é ar mhaithe le cothrom na féinne a bheith ann d’iarratais ar scoileanna lán-Ghaeilge. Chuir an próiseas, i bhfeidhm ó 2011, tuismitheoirí gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí faoi mhíbhuntáiste ollmhór toisc nach raibh sé d’acmhainn ag a bhfeachtais dul san iomaíocht leis an mórphobal Béarla. Foilseofar eolas maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe sna seachtainí amach romhainn, agus beimid ag súil leis go mbeidh sé ag tacú le forbairt na hearnála, de réir gealltanais an Stáit sa Straitéis 20-Bhliain don Ghaeilge.

Roinnfear gach eolas maidir leis na feachtais le scoileanna nua a bhunú agus le cóiríocht chuí a éileamh do na scoileanna reatha ar www.gaeloideachas.ie agus ar na meáin shóisialta. Deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán na heagraíochta, “beimid ag súil leis go gcuirfí le líonmhaireacht agus láidreacht na scoileanna lán-Ghaeilge sna blianta beaga amach romhainn”.

Gaelscoil nua do Bhaile an Chollaigh i Meán Fómhair 2017, ach briseadh croí do thuismitheoirí níos mó ná 500 páiste le diúltú trí iarratas eile ar scoileanna nua

Bealtaine 4, 2017

Bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua do Bhaile an Chollaigh

Ba mhaith le Gaeloideachas comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le tuismitheoirí Bhaile an Chollaigh, nár staon dá gcuid feachtasaíochta chun bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú ina gceantar. Aithníodh a gcuid iarrachtaí móra inniu i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton. Osclóidh an scoil i mí Mheán Fómhair na bliana seo do naíonáin sóisir, faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta.

“As na trí bhunscoil atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2017, cuireann muid fáilte faoi leith roimh fhógra an Aire Bruton gur scoil lán-Ghaeilge a osclófar i gceantar Bhaile an Chollaigh” a dúirt Clare Spáinneach, Leas-Ardfheidhmeannach Gníomhach Gaeloideachas. “Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh rochtain ag glúin iomlán úr ar an tumoideachas, a bhuí leis an obair ollmhór a rinne tuismitheoirí áitiúla chun a scoil nua a bhunú. Tá buntáistí ollmhóra ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge do pháistí – beidh siad líofa in dhá theanga ar a laghad, agus cabhraíonn múnla an tumoideachais lena bhforbairt shóisialta, chumarsáide agus chognaíoch. Freastalóidh an scoil ilchreidmheach seo ar pháistí ó chúlraí éagsúla teanga, cultúir agus creidimh agus gheobhaidh siad oideachas tairbheach agus cuimsitheach”.

Socrófar cóiríocht chuí don scoil le tacaíocht na Roinne Oideachais & Scileanna sna seachtainí amach romhainn, agus ceapfaidh An Foras Pátrúnachta príomhoide. Ní mór do thuismitheoirí ar suim leo a gcuid páistí a chlárú don scoil teagmháil a dhéanamh leis An Foras Pátrúnachta: cormac@foras.ie nó 01 6294110.

Díomá ar thuismitheoirí os cionn 500 páiste i nDún Laoghaire, Baile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath agus iad fágtha gan rogha dá gcuid páistí

Is ábhar mór díomá é, áfach, do phobail Dhún Laoghaire, Bhaile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath nár aithníodh an t-éileamh ollmhór ar an oideachas lán-Ghaeilge ina gcuid ceantar. “Tá obair iontach déanta ag na grúpaí áitiúla sna ceantair éagsúla seo ar fad ón uair a fógraíodh go raibh scoileanna nua le bunú, agus fuair muid breis agus 517 bhfoirm léirithe spéise ó thuismitheoirí áitiúla a bhí ag iarraidh gur scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a n-osclófar dá gcuid páistí” a dúirt Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha le Gaeloideachas.

“Is tuismitheoirí iad seo nach féidir leo áit ar bith a fháil i scoileanna lán-Ghaeilge reatha na gceantar, agus níl aon scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha ar fáil dóibh sna trí cheantair scoile seo. Beidh na scoileanna nua eile ar fad ag teagasc trí mheán an Bhéarla, agus ní fhreastalóidh sé sin ar mhianta oideachais na dtuismitheoirí seo dá gcuid páistí. Níl aon áit acu anois le dul.”

Aitheantas ar bith do Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis achainí ó thuismitheoirí bhreis agus 700 páistí

Bhí breis míshásamh i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna inniu maidir le scoileanna nua do 2017 agus 2018 de dheasca nach raibh tagairt ar bith déanta don fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bailíodh 733 fhoirm léirithe spéise mar chuid den phróiseas pátrúnachta scoile in 2016, ach níor éirigh leis an iarratas. Cuireadh in iúl sa tuairisc ón nGrúpa Comhairleach um Bunú Scoileanna Nua chuig an Aire in Aibreán 2016 go raibh éileamh suntasach ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar, agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air seo. Bhí dóchas áirithe ann go mbeadh scéal dearfach i bhfógra an lae inniu agus go n-aithneofaí mianta na dtuismitheoirí sin i dtuaisceart na cathrach. Níor tháinig aon aitheantas ar an éileamh seo ón Roinn Oideachas ná ón Aire Bruton, áfach. “Leanfaidh Gaeloideachas ag troid ar son chearta oideachais na bpáistí seo agus páistí eile cosúil leo” a dúirt Clare Spáinneach, “agus leanfaidh muid orainn ag stocaireacht go ndéanfar an próiseas reatha chun pátrúnacht scoile a bhaint amach a leasú agus dífheistiú a éascú, toisc nach n-éascaíonn na cúinsí reatha le bunú scoileanna mionteanga. Tá moltaí déanta againn leis an Roinn maidir le leasú an phróisis seo, mar atá déanta ag Páirtithe eile Oideachais, agus feicfimid má ghlacann lucht déanta na bpolasaithe le cúiseanna imní tuismitheoirí”.

Is próiseas dian fada ar thuismitheoirí é an próiseas seo a úsáideann an Roinn le pátrúnacht na scoileanna nua a aithint. Tá na tuismitheoirí seo i mbun feachtas ina gcuid ceantar féin le breis agus bliana anois agus fágadh iad ag fanacht trí mhí ar chinneadh ón Aire. Beidh dúshlán mór ag na pátrúin rathúla anois gach rud a bheith réidh acu don scoilbhliain atá le teacht, agus beidh sé an-dúshlánach do na tuismitheoirí nár éirigh lena gcuid feachtas áit scoile a shocrú dá gcuid páistí i scoileanna eile. Ba mhaith le Gaeloideachas an obair chrua a chuir na tuismitheoirí seo ar fad isteach a aithint agus buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí, na pátrúin agus na heagraíochtaí a thacaigh leo, go háirithe Conradh na Gaeilge, as na feachtais dearfacha a bhí ar bun sna ceithre cheantair éagsúla agus as feasacht a ardú i measc an phobail ar na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge do chách.

(English) Montessori to bid for patronage of primary school

Eanáir 5, 2017

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Irish medium schools’ patron campaigns for multi-denominational schools in Cork and Dublin

Nollaig 5, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Minister invites applications for patronage of four new primary schools to be established

Nollaig 5, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Patronage awarded for new school in Dublin 15

Samhain 14, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Minister Bruton announces patronage of 9 new Post-Primary schools to be established in 2017 and 2018

Samhain 3, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Fóraim

Lúnasa 25, 2016

Is ar Facebook atá na fóraim ag Gaelscoileanna Teo. Tá grúpaí sainspéise cruthaithe againn le comhroinnt eolais agus plé a éascú san earnáil, agus tá fáilte roimh chách bheith rannpháirteach iontu. Má tá moladh ar bith agat maidir leo, déan teagmháil le Ciara ar ciara@gaelscoileanna.ie.


Scéalta na hEarnála

Grúpaí sainspéise

Feachtais reatha

Eolas Tábhachtach

Ar ghrúpaí atá cruthaithe ag Gaelscoileanna Teo., is mian linn cumarsáid agus plé a spreagadh idir daoine le chéile. Is le baill an ghrúpa amháin gach tuairim agus dearcadh pearsanta a léirítear ar an ngrúpa Facebook seo, áfach. Ní gá gurb ionann iad seo agus dearcadh Gaelscoileanna Teo. Tá gach ball den ghrúpa freagrach go pearsanta iad féin as an ábhar a roinneann siad ar an ngrúpa seo agus níl Gaelscoileanna Teo. freagrach dá bharr as cruinneas nó iontaofacht an eolais a roinneann páirtithe seachtracha.

Táthar ag súil go mbeidh go ndéanfaidh baill an ghrúpa cumarsáid le chéile i mbealach múinte proifisiúnta a léiríonn meas ar a chéile. Coinnítear súil ar an ngrúpa seo ag baill foirne Gaelscoileanna Teo. ar bhonn rialta agus bainfear aon phostáil a mheastar atá mí-oiriúnach láithreach. Áirítear ina measc seo:

  • tráchtaireacht atá maslach nó ionsaitheach
  • tráchtaireacht atá in aghaidh an dlí, gáirsiúil, clúmhillteach, bagrach, ciapach, gránna, nimhneach nó náireach d’aon duine nó d’aon aonán faoi leith
  • fógraíocht tríú páirtí
  • turscar

Ar mhaithe le do shábháilteacht phearsanta féin, molann muid go láidir nach roinntear do chuid sonraí teagmhála nó aon eolas pearsanta i bpóstálacha ar bith.

Next Page »