Méid an Téacs

Ceistneoirí Ar-líne do Mhúinteoirí/Theagascóirí (An Roinn Oideachais & Scileanna)

Lúnasa 26, 2014

Déanann an Chigireacht clár meastóireachtaí i scoileanna agus ionaid oideachais. Tugann an próiseas meastóireachta deis thábhachtach do mhúinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin, ar láidreachtaí an tsoláthair a dhéanann an scoil/ionad agus ar ghnéithe den tsoláthar sin gur féidir iad a fheabhsú. Is mór don Chigireacht tuairimí múinteoirí agus, mar chuid den mheastóireacht atá á déanamh i do scoil/ionad, iarrtar ort ceistneoir ar-líne a chomhlánú faoi do chleachtas féin agus faoi chúrsaí oideachais sa scoil/ionad go ginearálta.

Is mór ag an gCigireacht do chomhoibriú i gcomhlánú an cheistneora mar is cuid thábhachtach é den mheastóireacht. Ba chóir nach dtógfadh sé níos mó ná 10-15 nóiméad chun an ceistneoir a chomhlánú agus beidh do chuid freagraí gan ainm agus faoi rún. Tabharfaidh na cigirí cóip de na sonraí comhbhailithe don scoil/ionad.

Chun an ceistneoir a chomhlánú, iarrtar ort:

An ceistneoir cuí a roghnú (féach thíos)

Ainm úsáideora agus pasfhocal a chur isteach (cuireadh ainmneacha úsáideora agus pasfhocail ar fáil dod’ scoil/ionad)

Moltar an ceistneoir a chomhlánú i seisiún amháin. (Dúnfar an ceistneoir má fhágtar ar feadh tamaill é gan sonraí a chur isteach. Má thárlaíonn sé seo, ní bheidh tú ábalta an ceistneoir a oscailt arís ar feadh 10 nóiméad.)

Ní mór an ceistneoir a chomhlánú roimh 5 i.n. ar an Aoine roimh an meastóireacht in-scoile.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá seanbhrabhsálaí in úsáid agat (Internet Explorer 6 nó níos sinne, nó seanleagan de Firefox) tá seans ann go bhfeicfidh tú teachtaireacht earráide ag rá go bhfuil tú ag déanamh nascleanúna i dtreo láithreán gréasáin atá gan shlándáil. Moltar duit neamhaird a dhéanamh den teachtaireacht seo mar tá sé deimhnithe go bhfuil an láithreán cosanta go hiomlán.

Cliceáil ar an nasc cuí ar www.education.ie chun an ceistneoir a chomhlánú.