Oiliúint Bhord Bainistíochta
Tá Foras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaelscoileanna Teo. ag cur clár oiliúna le chéile do bhoird bainistíochta na mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus tá cuireadh á thabhairt do bhaill na Boird Bainistíochta a bheith rannpháirteach ann. Reáchtálfar an clár seo in amanna éagsúla sa bhliain atá romhainn. Tá an oiliúint seo ar fáil tríd páirtithe éagsúla oideachais agus tá sí aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Beidh an oiliúint seo á chur ar fáil do chúig módúil atá curtha le chéile ar bhonn náisiúnta idir an Roinn Oideachais agus na páirtithe oideachais bunscoile. Ina measc tá:
• Nósanna Imeachta Ceapacháin: Cur i láthair & bileoga eolais
• An Bord Bainistíochta mar Aonán Corparáideach
• Airgeadais Boird agus Ról an Chisteora Foirm Clárúcháin
• Ceisteanna Dlí
• Caomhnú Leanaí
Bhí an chéad seisiún oiliúna ar siúl i gcúig ionad mórthimpeall na tíre idir an 21 agus an 29 Bealtaine agus dhírigh siad ar an módúil ar nósanna imeachta ceapacháin. Tá tábhacht ar leith ann do na boird eolas cruinn a bheith acu faoi na nósanna seo agus tá freagracht ar an mbord iad a chur i gcrích i gceart de réir dlí de. Bhí an t-eolas is déanaí ar na rialacha bainteach leis na nósanna seo mar aon le heolas ar fheidhmiú na painéil agus conas tabhairt faoi mhír 29 den Acht Oideachais ar fáil ag an oiliúint seo i measc nithe eile.
Cuirfear an oiliúint seo ar fáil trí mheán na Gaeilge ach cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil má tá sé de dhíth. Bheadh sé tábhachtach dúinn eolas a fháil ó na scoileanna roimh ré má tá aistriúchán comhuaineach de dhíth. Mura mbíonn an t-éileamh ann roimh an spriocdháta ní chuirfear an seirbhís seo ar fáil.
Tá fáilte roimh gach ball de Bhord Bainistíochta na scoile freastal ar an oiliúint (tá an fhreagracht i leith nósanna imeachta ceapacháin ar an mBord go léir). Níl aon chostas ar an oiliúint seo mar go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag íoc as agus clúdófar costais taistil na rannpháirtithe chuig an ionad ar rátaí na Roinne. Cuireann muid fáilte roimh leas-phríomhoidí nach bhfuil mar bhall den Bhord Bainistíochta freastail ar an oiliúint chomh maith (cé nach mbeidh costas taistil ar fáil dóibh). Tá sé tábhachtach go mbeadh siad ar an eolas faoi na nithe seo chomh maith má bhíonn orthu riamh feidhmiú mar phríomhoide.
Má tá aon cheist agat maidir leis an oiliúint tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn ag na huimhreacha thíos.
Nóra Ní Loingsigh Caoimhín Ó hEaghra
Leas-Ardfheidhmeannach Ard-Rúnaí
Gaelscoileanna Teo. Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge
01-8535191 01-6294110



