Méid an Téacs

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile – saor in aisce!

Meitheamh 27, 2012

Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana. Tá an cúrsa seo á reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus beidh sé ar siúl i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, idir 20-24 Lúnasa 2012. Ní bheidh aon táille le híoc ag na rannpháirtithe agus cuirfear lón ar fáil gach lá.

“Is é seo an ceathrú bliain dúinn an cúrsa seo a reáchtáil,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bhí an-tóir ar an chlár go dtí seo agus measaimid go mbeidh ráchairt air arís i mbliana.

“Is cúrsa an-phraiticiúil é, ina bhfuil an bhéim ar theanga laethúil na scoile agus ar na gnéithe is lárnaí de ghramadach na Gaeilge. Cuirtear seisiúin speisialtóireachta ar fáil freisin, rud a thugann deis do na rannpháirtithe dul i ngleic le sainteanga agus béarlagair a n-ábhar féin, agus cuirtear na hacmhainní teicneolaíochta is úsáidí don Ghaeilge ar a súile do na múinteoirí chomh maith. Taitníonn an cúrsa le múinteoirí de bhrí go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá acu.”

Fuair an dianchúrsa ardmholadh ó rannpháirtithe na bliana seo caite, agus tá cuid den aiseolas a thug siad le feiceáil thíos.

“Is í seo mo chéad bhliain ag múineadh i nGaelcholáiste agus tá níos mó muiníne agam tar éis an chúrsa seo. Táim an-sásta leis na hacmhainní a fuair mé agus an leabhar gramadaí. Bhí seans agam aon cheist a chur ar na speisialtóirí freisin. Bhí an múinteoir go hiontach agus an-chairdiúil.”

“Tá mé i ndiaidh an-chuid a fhoghlaim. Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn go cinnte.”

“D’fhoghlaim mé a lán rialacha nach raibh ar eolas agam.”

“Freagraíodh gach ceist a cuireadh agus tá na rialacha i bhfad níos soiléire dom anois.”

Tá bróisiúr an chúrsa ar fáil anseo agus is féidir clárú dó ach cliceáil anseo. Moltar dóibhsean ar mian leo tabhairt faoin gcúrsa áit a chur in áirithe roimh 29 Meitheamh 2012.

Acmhainní ar fáil ar shuíomh nua Altram

Iúil 8, 2011

Tá suíomh gréasáin nua seolta ag Altram. Is eagraíocht tacaíocht réigiúnach í Altram do thionscadail luathbhlianta Gaeilge. Cuirtear Seirbhísí Tacaíochta réigiúnach, Tacaíocht Speisialtóirí Luathbhlianta, agus Cnuasoiliúint ar fáil don earnáil luathbhlianta Gaeilge.
Mar chuid den suíomh tá acmhainní mar rímeanna agus amhráin ar théamaí éagsúla gur féidir úsáid sa Naíonra nó sa bhaile.
Tá an suíomh fós á forbairt ag Altram, mar sin tá siad ag lorg aiseolais. Tabhair cuairt ar an suíomh le breathnú ar na hacmhainní go léir agus seol teachtaireacht ghearr chuig Altram le do mheas ar an suíomh nua.

www.altram.org

« Previous Page