Méid an Téacs

Cosain an Cóimheas!


Cad í an fhadhb?

Tá an cóimheas daltaí le múinteoirí i ngaelscoileanna á ardú ag an Roinn Oideachais & Scileanna ó Mheán Fómhair na bliana seo. I roinnt cásanna, beidh ar scoileanna 20 páistí sa bhreis a mhealladh isteach chun na scoile chun líon na múinteoirí atá acu a choimeád. Aon uair a athraíodh an cóimheas daltaí le múinteoirí roimhe seo ní raibh ach 1-2 dalta i gceist mar dhifríocht!

Cén fáth go raibh cóimheas níos fábharaí ag gaelscoileanna?

Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fábharaí. Cur chuige a bhí ann a d’aithin na dúshláin bhreise atá roimh na gaelscoileanna, dúshláin ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclaim iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge.

An raibh an cóimheas níos fábharaí i bhfeidhm i ngach gaelscoil?

Ní raibh, díreach i ngaelscoileanna le h-idir 3 agus 9 múinteoirí iontu, le tacú leo agus iad ag am criticiúil i bhforbairt na scoile.

Bhí bunús oideachasúil leis an athrú seo mar sin?

Ní raibh. Tá cinneadh na Roinne bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.

Cén toradh a bheidh ar an gcinneadh seo?

Caillfidh roinnt scoileanna múinteoir ranga amháin; i roinnt scoileanna, caillfear beirt mhúinteoirí agus beidh ar an bPríomhoide Riaracháin filleadh ar ais ar an seomra ranga. Ardóidh líon na ndaltaí i ranganna agus beidh a lán ranganna meascaithe ann dá bharr.

Nár aithin an ‘Plean 20 Bliain don Ghaeilge’ ról lárnach na ngaelscoileanna?

D’aithin.

Tugtar tacaíocht chuí agus cothrom na féinne do na gaelscoileanna mar sin?

Ní thugtar, faraor. Tá 75% de na scoileanna a bheidh thíos leis seo i gcóiríocht shealadach, cuid mhaith acu le blianta fada. Tá scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste ach nach bhfuil aitheantas mar scoileanna faoi mhíbhuntáiste acu in ainneoin go bhfuil an stádas sin ag scoileanna eile taobh leo. Ionsaí eile ar an nGaelscolaíocht atá sa chinneadh seo.

Cad ata ag teastáil mar sin?

An cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.

Tuilleadh Eolais:

Tá bileog eolais agus póstaeir le híoslódáil anseo:

Bileog a4 Cóimheas

Postaer a3 Cóimheas

Tá leathanach Facebook an fheachtais anseo: Cosain an Cóimheas ar Facebook

Tá grianghraif ó seoladh an fheachtais anseo: Gailearaí

Podchraoltaí RTÉ maidir leis an bhfeachtas: 14 Márta 2011 agus 28 Márta 2011

Gearrthóga nuachta maidir leis an bhfeachtas:

Sceideal foirne agus rollacháin na Roinne Oideachais agus Scileanna: www.education.ie

Eolas do Mhúinteoirí ó Ghaelscoileanna Teo.: MS Word