Méid an Téacs

Deontas do Choistí Bunaithe

Tá na deontais seo á chur ar fáil ag GAELSCOILEANNA TEO. trí chúnamh maoinithe Fhoras na Gaeilge. Is é an sprioc atá leo ná tacú leis na costais arda a bhíonn ar choistí bunaithe i leith cúrsaí poiblíochta/cruinnithe eolais/ábhar bolscaireachta  srl.

Ní cheadaítear níos mó ná €3,000 (ar bhonn céimithe) a íoc le haon coiste amháin mar dheontas ar an iomlán. Is trí iarratais scríofa amháin a thabharfar aon mhaoiniú d’aon choiste bunaithe agus tá gach eolas le fáil ón Oifigeach Gaeilge (cspainneach@gaelscoileanna.ie nó 01 8535193).