Méid an Téacs

Líonra Réigiúnach

Tá Gaelscoileanna Teo. ag obair le gréasán tacaíochta a spreagadh idir scoileanna, le go mbeidh deiseanna rialta ag pobail na scoile saineolas agus taithí a roinnt ar a chéile, dúshláin a phlé agus obair i dteannta a chéile. Chuige sin, tá an tír roinnte i 16 réigiúin againn agus táimid i mbun cruinnithe a eagrú i ngach ceann acu siúd. Tugtar cuireadh do phobail na scoileanna áitiúla teacht agus bualadh le chéile i dteannta le hionadaí ón eagraíocht. Tá na cruinnithe ar oscailt do phobal uile na scoileanna; foireann, Boird Bainistíochta, tuismitheoirí agus coistí bunaithe lonnaithe sa cheantar.

An leagan amach a bhíonn ar na cruinnithe de ghnáth ná seisiún eolais ar an earnáil agus eolas ar na seirbhísí a chuireann Gaelscoileanna Teo. ar fáil do na scoileanna chomh maith le cur síos a dhéanamh ar chur chuige an líonra. D’fhéadfadh go mbeadh aoi-chainteoir i láthair chomh maith. Ba mhian linn rannpháirtíocht a ardú in ngnó na heagraíochta le go mbeidh sé ar ár gcumas freastal níos fearr a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais na scoileanna.

Bhí cruinniú do na scoileanna in Iarthar Átha Cliath ar an 25 Eanáir in Óstán Bewleys, Crois an Fhearainn Nua agus craoladh an clár Glór Anoir ar Raidió na Gaeltachta beo ón gcruinniú.

Tuilleadh eolais: cspainneach@gaelscoileanna.ie nó 01 8535193.

 

 

Liosta na Réigiúin