Pátrúnacht
An Fóram ar Phátrúnacht agus Iolrachas in Earnáil an Bhunoideachais
Foilsíodh Tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ar Phátrúnacht agus Iolrachas sna Bunscoileanna i mí Aibreán 2012. Is féidir an tuarascáil a léamh anseo. I Meitheamh 2012, thug an tAire a fhreagra oifigiúil air móide eolas faoin bplean gnímh idir lámha. Tá tagairt sa phlean gnímh do na scoileanna lán-Ghaeilge.
Suirbhéanna maidir le Rogha na dTuismitheoirí
Tá tús curtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le próiseas nua chun breathnú ar an gcaoi a bhfeadfaí roinnt scoileanna atá á reáchtáil ag an Eaglais Chaitliceach a aistriú chuig comhlachtaí pátrúnachta eile i 43 ceantar ar fud na tíre. Is éard a tharlóidh sa chéad chéim den phróiseas seo ná go n-iarrfar ar na tuismitheoirí nó na caomhnóirí go léir a bhfuil leanaí acu atá ag freastal ar bhunscoileanna nó ar réamhscoileanna sna ceantair sin a insint don Roinn cén cineál bunscoile ar mhaith leo go mbeadh a gcuid leanaí ag freastal orthu. Is éard atá i gceist ná a fháil amach cé mhéid éilimh atá i measc tuismitheoirí/caomhnóirí maidir le rogha níos leithne a bheith acu ó thaobh cineálacha scoile sna ceantair sin a bhfuil rogha teoranta iontu faoi láthair. Úsáidfear freagraí na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí le féachaint cad iad na hathruithe atá riachtanach, más gá aon athrú a dhéanamh, chun go mbeidh rogha níos leithne ann ó thaobh bunscoileanna de sna ceantair sin.
Rinneadh suirbhé i gcúig cheantar píolótacha i Fómhair 2012; An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Fionnbhrú (lena n-áirítear An Choill Mhór Thiar agus Beaumont), Baile Átha Troim agus an Trá Mhór
Tá suirbhéanna ar oscailt i 38 ceantar eile go dtí an 8 Feabhra 2013. Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas anseo.
Tá blag nua ag An Foras Pátrúnachta maidir leis an gcineál pátrúnachta a chuireann An Foras ar fáil, is féidir é a léamh anseo.
Nasc cuig na suirbhéanna: EDUCATION.IE
Preasráitis ar an ábhar seo:
- Bileog Eolas na Roinne Oideachais agus Scileanna
- Bileog Eolais An Foras Pátrúnachta
- Suirbhé na Roinne – Preasráiteas An Foras Pátrúnachta
- Ráiteas na Roinne Oideachais maidir le torthaí na suirbhéanna sna 5 ceantar píolótacha
- Anailís le tosú láithreach ar fhás agus bunú na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír molta ag an bhFórám ar Phátrúnacht agus Iolrachas
- Minister Quinn outlines his Action Plan in response to the report of the Advisory Group to the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary Sector
Liosta na 38 ceantar ina bhfuil suirbhéanna ar bun:
- Béal an Átha
- Béal Átha na Sluaighe
- Droichead na Bandan
- Bun Cranncha
- Biorra
- Carraig na Siúire
- Carraig Uí Leighin
- Cill Droichid
- Cluain Meala
- An Cóbh
- Baile Átha Cliath 6
- Dún Garbháin
- Éadan Doire
- Inis Córthaidh
- Mainistir Fhear Maí
- Ceanannas
- Cill Airne
- Léim an Bhradáin
- An Longfort
- Baile Locha Riach
- Mullach Íde
- Muineachán
- An tAonach
- Ros Mhic Thriúin
- Baile Phámar/Baile Formaid/Séipéal Iosóid/Gort na Silíní san áireamh
- An Pasáiste
- Port Mearnóg
- Ros Comáin
- Ros Cré
- An Ros
- Sionainn
- Na Sceiri
- Durlas
- Tiobraid Árann
- Tuaim
- Cathair na Mart
- Cill Mhantáin
- Eochaill
Tá 311 bunscoil reatha sna 38 ceantar.




