Scoileanna Nua
Cá bhfuil an scoil lán-Ghaeilge is cóngaraí duit? Tá léarscáil anseo do na scoileanna lán-Ghaeilge (bun agus iarbhunleibhéal) ar fud na tíre: Léarscáil
Bunscoileanna Nua: 2012 agus 2013
Beidh Gaelscoil an Chuilinn, scoil lán-Ghaeilge nua ag oscailt i Meán Fómhair 2012 i Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an scoil. Beidh Gaelscoil an Chuilinn lonnaithe ar suíomh sealadach (nach bhfuil deimhnithe fós) go dtí go bhfuil suíomh buan aimsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don scoil. Tá an scoil ag glacadh le foirm chlárúcháin anois do mhí an Mheán Fómhair 2012. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com nó glaoch a chur ar 086 3236187.
Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh scoileanna nua le hoscailt i 2013 i gceantair éagsúla timpeall na tíre. S’iad na ceantair atá aitheanta do ghaelscoileanna nua ná:
- Teach na Giúise/An tSeanbhábhún, Baile Átha Cliath 24. An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an scoil, is féidir glaoch a chur ar oifig an Fhorais ag 01 6294110
- An Chéim, Baile Átha Cliath 18. An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an scoil, is féidir glaoch a chur ar oifig an Fhorais ag 01 6294110
- Cnoc na Cathrach, Gaillimh. Tá pátrúnacht na scoile le socrú go fóill.
Preasráiteas GAELSCOILEANNA TEO. maidir leis na scoileanna nua.
Preasráiteas na Roinne Oideachais maidir leis na scoileanna nua.
Iar-bhunscoileanna Nua: 2014
Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh ráiteas na Roinne Oideachais agus Scileanna go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcholáiste nua i measc an 14 iar-bhunscoil nua a osclófar as seo go ceann trí bliana. Dheimhnigh an Roinn gur scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh sna h-iarbhuscoileanna i nDún Droma, Baile Brigín agus Carraig Uí Leighin, ach nach bhfuil pátrúin na scoileanna socraithe go fóill.
Cé go bhfuil dóchas ann don soláthar gaelscolaíochta leis an trí ghaelcholáiste nua fógartha, tá imní anois nach dtabharfaí aitheantas don éileamh ar ghaelcholáiste i Maigh Nuad, ceantar atá aitheanta ag an Roinn do sholáthar úr don bhliain 2014. Tá coiste bunaithe d’iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i mbun tréan stocaireachta i Maigh Nuad ó 2005 i leith, le líon mór daltaí réamh-rollaithe acu agus tacaíocht an phobail faighte acu dá bhfeachtas. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag iarraidh ar an Roinn an feachtas seo a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu ar shainmheon teanga agus ar phátrúnacht na scoile nua seo.
Níl scoil i mo cheantar!
Mura bhfuil scoil i do cheantar, tá seans go bhfuil feachtas ar bun le ceann a bhunú ann. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag obair le coistí bunaithe timpeall na tíre le cinntiú go mbeidh oideachas trí mheán na Gaeilge mar rogha ag daltaí agus tuismitheoirí ina gceantair féin. Is grúpaí pobail iad na coistí seo a tháinig le chéile toisc riachtanais agus éilimh an phobail áitiúil i leith na gaelscolaíochta.
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna socruithe nua i gcomhair pátrúnachta scoileanna nua ar an 27 Meitheamh 2011. Is féidir iad a léamh anseo. Tá liosta foilsithe ag an Roinn de na ceantair ina mbeidh scoileanna nua de dhíth as seo go 2017, agus is féidir an liosta a léamh anseo. Tá liosta na Roinne bunaithe ar déimeagrafaic, áfach, seachas ar éilimh na dtuismitheoirí agus ní léir go bhfuil siad ag tabhairt aitheantas mar is ceart don éileamh ná do gheallúint an Stáit i dtaobh tacú le soláthar na gaelscolaíochta.
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO. deontais ar fáil do choistí bunaithe trí chúnamh maoinithe Fhoras na Gaeilge. Is é an sprioc atá leo ná tacú leis na costais arda a bhíonn ar choistí bunaithe i leith cúrsaí poiblíochta/cruinnithe eolais/ábhar bolscaireachta srl. Ní cheadaítear níos mó ná €3,000 (ar bhonn céimithe) a íoc le haon coiste amháin mar dheontas ar an iomlán. Is trí iarratais scríofa amháin a thabharfar aon mhaoiniú d’aon choiste bunaithe agus tá gach eolas le fáil ón Oifigeach Forbartha (cspainneach@gaelscoileanna.ie nó 01 8535193).
Faoi láthair, tá an tOifigeach Forbartha i dteagmháil le daoine sna ceantair thíos gur mian leo scoileanna nua a bhunú:
Leibhéal na Bunscoile
- Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
- Cill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh (Gaelscoil na Feoire)
- Dún Léire, Co. Lú (Gaelscoil Oiriall)
- Achadh an Iúir, Oirthear an Cabháin (Gaelscoil Chillín Chéir)
- Cromghlinn, Baile Átha Cliath 12 (Gaelscoil Oisín)
- Lusca, Co. BÁC
- Biorra, Co. Uíbh Fháilí
- Marino/Fionnradharc/Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3
Leibhéal na hIarbhunscoile
- Sligeach, Co. Shligigh (Gaelcholáiste Shligigh)
- An Mhuilinn gCearr, Co. na hIarmhí (Gaelcholáiste na hIarmhí)
- Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma
- Maigh Nuad, Co. Chill Dara (Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh)
- Baile Coimín, Co. Chill Mhantáin
- Dún Dealgan, Co. Lú (Aonad)
- An Cábhán (Aonad)
- Cill Áirne, Co. Chiarraí (Aonad)
Mura bhfuil coiste bunaithe ag feidhmiú sa cheantar ina bhfuil tú féin agus más mian leat coiste a chur ar bun, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn. Tá gach eolas maidir leis na feachtais sna ceantair thuasluaite ar fáil ón Oifigeach Forbartha ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.



