Scléip
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.
Sa rannóg seo:
Cartlann Scléip:
- Tá na grianghraif ó Scléip le feiceáil anseo: Gailearaí
- Buaiteoirí Scléip 2012
- Buaiteoirí Scléip 2011
- Buaiteoirí Scléip 2010
- Scléip 2012 ar Raidió na Gaeltachta
- Seisiún Taifeadta le Seachtain na Gaeilge



