Buaiteoirí Scléip 2012
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i gcraobh ceannais Scléip 2012, bhí lá den scoth againn ar an 24 Márta in amharclann an Axis, Baile Munna. Ghlac 15 scoil páirt sa chraobh, agus bhí an-rath ar an imeacht. Bhí triúr i mbun moltóireacht ar an seó, Sinéad ní Uallacháin, Tomaí Ó Conghaile agus Jen ní Mhathúna, agus bhí sé an-dian orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis na buaiteoirí toisc feabhas na tallainne a bhí ar stáitse rompu. Mholadar na hiomaitheoirí uile as an dul chun cinn a bhí déanta acu ó na réamhbabhtaí, ba léir go ndearna gach éinne an t-uafás cleachtadh! Tar éis go leor plé, chuireadar na torthaí thíos in iúl don slua. Gabhaimid buíochas leo as an sár-obair ar fad, agus gabhaimid buíochas chomh maith leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus an lucht tacaíochta a thug oiread spreagadh do na rannpháirtithe uile. Guímid gach rath ar na hiomaitheoirí; is cinnte go bhfuil tallann agaibh agus tá súil againn sibh a fheiceáil ar stáitse arís amach anseo, bíodh sin ag Scléip 2013 nó san o2!
Na buaiteoirí rannóige ná:
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
Cór Cois Life, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath (sóisear)
Na Comrádaithe, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (aonair):
Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
Kym Gartry, Coláiste de hÍde (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
Saoirse ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sóisear)
Dearbhail Ní Mhurchú, Meánscoil Gharman (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
Áine Pollock agus Sinéad Ní Buachalla, Coláiste de hÍde (sóisear)
Na Jaffa Cakes, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
Cé sa diabhail í Alice? Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
Naomh Smirnoff, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
Clíona Ní Ghallchoir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
Grúpa Ceoil an Daingean, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
Scléipeoirí, Coláiste Chilliain
Grand Prix 2012:
Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh
Tá grianghraif ón lá le feiceáil sa ghailearaí. Má tá grianghraif nó físeáin agat féin den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad: cspainneach@gaelscoileanna.ie.
Réamhbabhtaí Scléip 2012
Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhtaí Ulaidh, Laighin, Mumhain agus Connacht agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais ar an 24 Márta san Axis, Baile Átha Cliath:
Connacht
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Meabh Nic an Chrosáin, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Teannas, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
- Armóin, Coláiste an Eachréidh (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- Jade Tierney, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
Uladh
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Megan Nic Ruairí, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Loinnir, Coláiste Chineál Eoghain (sóisear)
- Eva, Megan & Emma, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Christina Ní Luachra, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Aoibhinn Ní Mhuimhne, Coláiste Chineál Eoghain (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Cinnúint, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Anna & Orla, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
- Ciarán & Eva, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Jack & Shane le “Naomh Smirnoff”, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
- Clíona Ní Ghallchoir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Rosie Nic Gairbhigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- James Mac Lochlainn, Coláiste Chineál Eoghain (sinsear)
Laighean
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Lauren Ní Dhubhlaíoch, Coláiste Cois Life (sóisear)
- Kym Gartry, Coláiste de hÍde (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Cór Cois Life, Coláiste Cois Life (sóisear)
- Scléipeoirí, Coláiste Chilliain (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Saoirse Ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sóisear)
- Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Sinéad & Áine, Coláiste de hÍde (sóisear)
- Na Jaffa Cakes, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
- Cé sa diabhail í Alice? Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
- Pandora, Gaelcholáiste Reachrann (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- Chewie agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman(sinsear)
Mumhan
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Maitias Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Na JJs, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Na Comrádaithe, Gaelcholáiste Mhuire A.G (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Shauna Ní Thuama, Gaelcholáiste Mhuire A.G (sóisear)
- Áine Ni Loingsigh, Coláiste an Phiarsaigh (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Húla Húpz! Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
- Triail a hAon! Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)
Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
- Anna & Nicole, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
- Aisteoirí na Ríochta, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
- Dílseacht Gheal, Gaelcholáiste Chiarraí (sóisear)
- Léiriú Gaelach den amhrán Addicted to Progress ó na Coronas, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)
Rogha na Moltóirí:
- Na Rithimí! Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 24 Márta don chraobh ceannais.
Roinnt griangraif ó na réamhbhabhtaí le feiceáil anseo



