Buaiteoirí Scléip 2011

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i gcraobh ceannais Scléip 2011, bhí lá den scoth againn ar an 2 Aibreán in amharclann an Axis, Baile Munna. Ghlac 17 scoil páirt sa chraobh, agus bhí an-rath ar an imeacht. Bhí triúr i mbun moltóireacht ar an seó, Ríonach Ní Néill, Martin Tourish agus Ray Mac Mánais, agus bhí sé an-dian orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis na buaiteoirí toisc feabhas na tallainne a bhí ar stáitse rompu. Tar éis go leor plé agus machnamh, chuireadar na torthaí thíos in iúl don slua. Gabhaimid buíochas leo as an sár-obair ar fad, agus gabhaimid buíochas chomh maith leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus an lucht tacaíochta a thug oiread spreagadh do na rannpháirtithe uile. Guímid gach rath ar na hiomaitheoirí; is cinnte go bhfuil tallann agaibh agus tá súil againn sibh a fheiceáil ar stáitse arís amach anseo, bíodh sin ag Scléip 2012 nó san o2!
Na buaiteoirí rannóige ná:
- Ceol Traidisiúnta agus/nó Clasaiceach (aonair) – Áine Ní Fhlanagáin, Coláiste Oiriall
- Ceol Nua-Aimseartha (aonair) – Peadar Ó Goill, Gairmscoil Éinne
- Amhránaíocht Traidisiúnta agus/nó Clasaiceach – Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
- Ceol Nua-Aimseartha (grúpaí) – “Mo”, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
- Ceol Traidisiúnta agus/nó Clasaiceach (grúpaí) – Ceoltóirí Reachrann, Gaelcholáiste Reachrann
- Rince Cruthaitheach – Domhaintarraingt, Gaelcholáiste Cheatharlach
- Ilchineálach – Gearóid Ó Gealbháin, Gaelcholáiste Chiarraí
- Drámaíocht/Mím – Eva Ní Dhoibhlinn & Ciarán Mac a Gheimhridh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
Duaiseanna nuálaíochta:
- Mattie Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
- Grupa Thraidisiunta Colaiste FCJ Laurel Hill
- “Ceathrar Leaids”, Scoil Chaitríona
Grand Prix 2011:
- Ceoltóirí Reachrann
Tá grianghraif ón lá le feiceáil sa ghailearaí. Má tá grianghraif nó físeáin agat féin den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad: cspainneach@gaelscoileanna.ie.
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil. Tugann Scléip deis do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid ina gcuid ceoil agus ina gcuid drámaíochta. Ba mhian linn go spreagfaí daltaí gaelscolaíochta an lae inniu mar a spreagadh iardhaltaí gaelscolaíochta eile ar nós roinnt do bhaill Kíla, na Frames agus Dara Ó Briain. Is deis iontach é do dhaltaí iarbhunscoile an tallainn atá acu a léiriú ar stáitse os comhair moltóirí proifisiúnta agus lucht féachana agus gradam a bhaint amach dóibh féin agus don scoil.
Babhtaí Réigiúnacha:
Bhí Babhta na Mumhan againn in amharclann an Firkin Crane i gCorcaigh ar an 25 Eanáir, agus bhí 9 scoil linn ar an lá. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Deirdre Ní Mhaoláin, Coláiste FCJ, Laurel Hill, Luimneach
- Ceol nua-aimseartha (aonair): Mattie Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
- Amhránaíocht thraidisiúnta agus clasaiceach: Róisín Ní Dhonnchú, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
- Ceol nua-aimseartha (grúpaí): “Mo”, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
- Rince cruthaitheach: “Cosmhuintir”, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): “Grúpa Thraidisiúnta Coláiste FCJ”, Coláiste FCJ, Laurel Hill, Luimneach
- Drámaíocht agus mím: “Tintreach”, Meánscoil San Nioclás, Port Láirge
- Ilchineálach: Gearóid Ó Gealbháin, Gaelcholáiste Chiarraí, Ciarraí
- Duais na Moltóirí: Abbi Ní Loingsigh, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
Bhí Babhta Chonnacht againn in amharclann an Town Hall i nGaillimh ar an 27 Eanáir, agus bhí 4 scoil linn ar an lá. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Colene Ní Niadh, Gairmscoil na bPiarsach, Gaillimh
- Ceol nua-aimseartha (aonair): Peadar Ó Goill, Gairmscoil Éinne, Gaillimh
- Ceol nua-aimseartha (grúpaí): Téip na Lachan, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): Céad Slán, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
- Drámaíocht agus mím: “Raic”, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
- Duais na Moltóirí: Hannah Ní Laoire, Coláiste Chroí Mhuire, Gaillimh
Bhí Babhta Ulaidh againn i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an 1 Feabhra agus bhí 4 scoil linn ar an lá. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Áine Ní Fhlanagáin, Coláiste Oiriall, Muineachán
- Ceol nua-aimseartha (aonair): Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
- Amhránaíocht Traidisiúnta & Clasaiceach (Aonair & Grúpaí): Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): An Crann Óg, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
- Ceol nua-aimseartha (grúpaí): Róisín Ní Dhuifinn & Seán Ó Coinne, Coláiste Feirste, Aontrom
- Rince Cruthaitheach (Aonair & Grúpaí): Aoibheann Ní Mhuimhne, Coláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall
- Drámaíocht agus mím: Eva Ní Dhoibhlinn & Ciarán Mac a Gheimhridh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
- Comórtas Ilchineálach (Aonair & Grúpaí): Trí A, Coláiste Oiriall, Muineachán
- Duais na Moltóirí: Rosie Nic Gairbheith, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
Bhí Babhta Laighin againn in amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath ar an 7 Feabhra agus bhí 7 scoil linn ar an lá. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí:
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (aonair): Tiernan Shaw, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
- Ceol nua-aimseartha (aonair): Míchéal Konstantin, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
- Amhránaíocht thraidisiúnta agus clasaiceach: “Anaithnid”, Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath
- Ceol nua-aimseartha (grúpaí): “Oíche Dhearg”, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
- Rince cruthaitheach: “Domhaintarraingt”, Gaelcholáiste Cheatharlach, Ceatharlach
- Ceol traidisiúnta agus clasaiceach (grúpaí): Ceoltóirí Reachrann (grúpa sinsir), Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
- Drámaíocht agus mím: “Mairtíreacht Naomh Bhríde”, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath
- Ilchineálach: “Ceathrar leaids”, Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath
- Duais na Moltóirí: “Zú”, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath



