Méid an Téacs

Scléip 2013 – Dátaí don dialann

Nollaig 19, 2012

Tá áthas orainn na dátaí a fhógairt do Scléip 2013. Ócáidí spraíúla agus spreagúla a bhíonn sna comórtais, do na daltaí rannpháirteacha agus na múinteoirí a chabhraíonn leo, agus tá súil againn go mbeidh an oiread rath ar Scléip na bliana seo is a bhí anuraidh, nuair a ghlac níos mó ná 500 dalta páirt ann. Ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na hiomaitheoirí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. Bígí cinnte agus na rialacha a léamh roimh an fhoirm iontrála a chomhlánú!

Tá an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó grúpa is fearr san iomlán. Beidh deis ag cách dul san iomaíocht sna réamhbabhtaí agus roghnófar an tallann is fearr le dul ar aghaidh chuig an craobh ceannais.

 

18 Feabhra 2013

Amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath

22 Feabhra 2013

Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh

26 Feabhra 2013

Amharclann an Riverbank, Droichead Nua, Co. Chill Dara

1 Márta 2013

Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

 

NB Níl sé i gceist babhta a reáchtáil i nGaillimh i mbliana de dheasca an freastal an-íseal a bhí ar an mbabhta ann le blianta beaga anuas. Tabharfar cuireadh do na scoileanna a bhíodh ag freastal ar an gceann sin freastal ar an mbabhta san Axis ar an 18 Feabhra ina ionad. Is oth linn go gcuirfidh seo turas bhreise ar roinnt scoileanna ach tá súil againn go mbeidh eispéireas na ndaltaí níos fearr san Axis – beidh rannpháirtíocht níos airde agus atmaisféar sceitimíneach ann. Cuirfear deontas ar fáil le cabhrú leis na costais taistil a chlúdach faoin scéim imeachtaí idirscoile, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn más mian leis an scoil leas a bhaint as.

Beidh craobh ceannais Scléip ar siúl in amharclann an Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath ar an 9 Márta.

An dáta deiridh d’iontrálacha ná an 18 Eanáir 2013. Má tá aon cheist ina leith nó aon amhras ort faoin rannóg is feiliúnaí duit, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.