Méid an Téacs

Seisiún Taifeadta le SnaG

Le cúig bliana anuas tá Seachtain na Gaeilge i mbun tionscnaimh shuimiúil, shamhailtigh – is é sin albam a eiseadh chuile bhliain le amhráin i nGaeilge ó ceoltóirí móra le rá cosúil le Bell X1, Mundy, the Corrs, Declan O’Rourke, the Sawdoctors, the Frames agus the Coronas. I gcás cuid acu tá na liricí aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge, tá cuid eile acu cumtha i nGaeilge, agus téann an brabús ar fad ón albam go eagraíochtaí carthanachta. Tá níos mó eolas le fáil mar gheall air ar shuíomh SnaG féin. I 2009, agus 2010 bhí deis ag buaiteoirí na rannóige Ceol Nua-Aimseartha sa chomórtas Scléip bheith páirteach sa tionscnamh spleodrach seo!

Peadar le giotár

Peadar Ó Goill, buaiteoir pop/rac Scléip 2010 ag an seisiún taifeadta.

Is féidir éisteacht leis an amhrán a bhí ag Peadar anseo: Peadar Ó Goill

Is féidir éisteacht le Mo Phóca, buaiteoirí pop/rac Scléip 2009, anseo: Aisling Suaimhní

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain.