Méid an Téacs

Múinteorí ag teastáil i mBaile Átha Cliath

Aibreán 18, 2017

unnamed

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Beidh Coláiste de hÍde Gaelcholáiste 300 dalta i dTamhlacht Bhaile Átha Cliath a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, ag lorg na muinteoirí seo a leanas don scoilbhliain 2017 / 2018. Is féidir  iarratais a chuir isteach ar www.etbvacancies.ie agus CV a sheoladh chuig eolas@colaistedehide.ie

.

  • Múinteoir Gaeilge/Béarla 22 uair in aghaidh na seachtaine
  • Múinteoir Gaeilge/Tíreolaíocht nó Múintoeir Gaeilge/Stair 22 uair in aghaidh na seachtaine
  • Múinteor Ceol-OSPS-Stair 22 uair in aghaidh na seachtaine.  Tréimhse Saoire Mátháireachas atá i gceist leis an folúntas seo.
  • Múinteoir Fraincis/Béarla 22 uair in aghaidh na seachtaine

Aoife Ní Bhuachalla sna Craobhacha Domhanda, Rince Gaelach

Aibreán 18, 2017

image1

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Aoife Ní Bhuachalla agus í tar éis áit a ghnóthú sna Craobhacha Domhanda Rince Gaelach

Is dalta Idirbhliana i gColáiste de hÍde agus Rinceoir Gaelach ar chaighdeán domhanda í Aoife Ní Bhuachalla, ar éirigh leí le déanaí dul tríd go Craobhacha Domhanda a bheidh i nGlascó 2018. Is éacht faoi leith í seo atá déanta ag Aoife agus tá an-bhród ar Cholaiste de hÍde. Comhghairdeas leat Aoife agus le do chlann uilig.

Seasann Aoife mar uimhir a chúig déag sa domhain anois, mar uimhir a naoi in Éirinn agus uimhir a dó i gCúige Laighean. D’éirigh léi áit a fháil ar scoil Samhraidh Riverdance i mbliana! Damhsaíonn Aoife le scoil damhsa Elaine Kavanagh as Arsa Chrónáin, Cluain Dolcain.

Turas Scoile Coláiste de hÍde go dtí an Iodáil 2017

Feabhra 28, 2017

Bhain ghrúpa iontach de 32 daltaí agus a muinteoirí an-taitneamh as Turas Scoile álainn go dtí an Iodáil le déanaí, (an séú lá déag go dtí an fichiú lá Feabhra 2017). Bhí an aimsir do-chreidte ag seacht déag céim celsius. Déirigh leis an ngrúpa cuairt a
thbhairt ar radharcanna álainn na Róimhe, An Vatacan, Collesseum, Fóram na Róimhe, An Pantheon, Cuarán Trevi, agus Scála Sancta san áireamh. Thugadar cuairt ar Pompeii / Herculaneum, Sliabh Vesevius agus Sorrento.

dh fr

A wonderful group of 32 second year students and their teachers enjoyed a memorable visit to Italy recently (16-20 Feb 2017). The weather was a balmy 17 degrees. The group visited the beautiful sights of Rome including The Vatican, Collesseum, Roman Foram, The Pantheon, The Trevi Fountain, The Spannish Steps. The group visited Pompeii near Naples, Herculaneum, Mount Vesevious and the beautiful Sorrento