Méid an Téacs

Clann Lir ar stáitse san Axis i mBaile Munna

Aibreán 26, 2017

11 Bealtaine 2017

 

 

 

 

Tá an comhléiriú de ‘Clann Lir’ idir Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge is mó sa tír agus Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead ar stáitse san Axis i mBaile Munna ar an Déardaoin 11 Bealtaine le dhá seó speisialta. Tosóidh an chéad seó ag 10r.n agus an dara seó ag 12i.n. Tá an seó feiliúnach do pháistí bunscoile ag gach aois agus mairfidh an seó féin tuairim is 50 nóiméad.

Tá an seó bunaithe ar an scéal miotaseolaíochta faoi cheathrar clainne a athraíodh ina n-ealaí bána nuair a chuir Aoife, bean chéile Lir, faoi ortha dhraíochta iad. Baintear leas as bua an cheoil, bua na scéalaíochta, agus bua na healaíona sa léiriú seo chun an scéal seo a insint.

Cruthóidh an t-ealaíontóir Dara McGee sraith íomhánna corraitheacha beo ar stáitse le linn an scéil agus an méid a thit amach nuair a díbríodh Finola agus a triúr deartháireacha chun 900 bliain a chaitheamh mar ealaí i mbun ceoil i trí cheantar iargúlta in Éirinn.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch a chur ar oifig na dticéid san Axis ar 01 883 2100 nó ar líne anseo

Feabhra 22, 2017

Failte-go-Fibin

A Mhúinteoirí, a Phríomhoidí agus a Leas-Phríomhoidí!

Tá an Comhlacht Drámaíochta Fíbín ag déanamh taighe ar dhrámaí Gaeilge do dhaoine óga i láthair na huaire agus bheadh muid an-bhuíoch d’éinne a mbeadh in ann  an suirbhé gearr seo a líonadh isteach – níl mórán ceisteanna le freagairt agus ní thógfaidh sé 3 nóiméad ort! Tá bhur n-aiseolas tábhachtach do thodhchaí dhrámaíocht na Gaeilge. Tóg an suirbhé anseo!

Clann Lír

Feabhra 13, 2017

Clann Lir íomhá poib med res logos
Tá Áras Inis Gluaire ag obair ar chomhléiriú le Fíbín ar leagan nua den scéal Clann Lirfaoi threoir a Stiúrthóir Ealaíonta, Brendan Murray. Is seó ar leith atá ann a thugann ealaín, damhsa, scéalaíocht agus ceol le chéile.

Cruthóidh an t-ealaíontóir Dara McGee sraith íomhánna corraitheacha beo ar stáitse le linn an scéil. Feicfear an méid a thit amach nuair a díbríodh Finola agus a triúr deartháireacha chun 900 bliain a chaitheamh mar ealaí i mbun ceoil i trí cheantar iargúlta in Éirinn.

Beidh Clann Lir á léiriú i Maigh Eo, i nGaillimh agus i gConamara mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2017. Tá an seó feiliúnach do ghach aoisghrúpa. 

IONAID & DÁTÁI:

  • 13 – 15 Márta: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
                          *13 & 14 Márta ag 10r.n & 12i.n
                          *15 Márta ag 8i.n