Teanga Tí – Gaeilge sa mBaile
Márta 29, 2017
De réir rialacha an scéim, is gá go gcuirfidh scoil ar mhian leo páirt a ghlacadh ann €300 ar fáil, le go mbeidh €900 sa chíste ar mhaithe le himeachtaí Gaeilge a chur ar bhun dóibh siúd a bheidh páirteach sa scéim.
Comhdháil – Ag Treorú na Foghlama sa Ghaeloideachas
Márta 21, 2017
Fáilteofar roimh pháipéir thaighde ar ghné ar bith den Ghaelscolaíocht, lena gcur i láthair ag Comhdháil ar an Ghaeloideachas i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, 3 Bealtaine 2017.
Is é treorú na foghlama sa Ghaeloideachas téama na comhdhála. Is tríd an taighde reatha agus an taithí ghairmiúil a léireofar an treorú sin. Meastar go mbeidh suim ag cleachtóirí, ceannairí, taighdeoirí agus lucht pleanála sa chomhdháil.
Más mian leat cur i láthair a mholadh don chomhdháil, iarrtar ort achoimaireacht 250 focal a chur chuig an seoladh thíos faoi 24 Feabhra 2017:
comhdhail@smucb.ac.uk
Fóram mac léinn
Reáchtálfar ceardlann do mhic léinn taighde mar chuid den chlár. Más suim leat cur i láthair a bhunú ar thaighde máistreachta nó dochtúireachta, iarrtar ort sin a chur in iúl le d’achoimaireacht, le do thoil.
Cur i láthair
Mairfidh gach cur i láthair 15 nóiméad agus fágfar 15 nóiméad do phlé ina ndiaidh.
Páipéir
Ba mhaith leis an ITOL rogha páipéar ón chomhdháil a fhoilsiú ar Taighde agus Teagasc 7. Iarrfar cóip de pháipéir (6000 focal) faoi 13 Aibreán 2017.
Le Chéile Trí Ghaeilge!
Eanáir 24, 2017
Scéim: Le Chéile Trí Ghaeilge 2017 Tapaigh an deis! Deontais ar fáil
Tá Gaeloideachas ag cur deontais ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Feabhra – Nollaig 2017 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh den tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar an deontas seo, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a thapú agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
• Naíonraí / naíscoileanna
• Bunscoileanna
• Iarbhunscoileanna
Is deis mhaith í seo comhcheangal idir scoileanna Gaeltachta agus Galltachta a chruthú agus imeachtaí a reachtáil i gcomhpháirt lena chéile.
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaeloideachas an tacaíocht thíos ar fáil:
€250/£225 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 2 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.
€500/£450 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 3 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.
€750/£675 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 4 pháirtí éagsúla* nó níos mó rannpháirteach ann.
Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobail.
Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/imeachtai-turais/
Léigí go cúramach na coinníollacha thíos. Má tá ceist ar bith, seol ríomhphost chuig [sandra@gaelscoileanna.ie%20]sandra@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar an oifig ag 01-8535194
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo. Ní ghlacfar ach amháin le hiarratais ar líne: http://www.gaelscoileanna.ie/sceimeanna/eolas/