Staitisticí
Gach bliain, bailíonn GAELSCOILEANNA TEO. staitisticí ó na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn na staitisticí seo linn pleanáil straitéiseach a dhéanamh ar fhorbairt agus riachtanais na hearnála. Leis na staitisticí seo, is féidir linn tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá liosta de roinnt den taighde eile atá ar fáil maidir leis an ngaelscolaíocht anseo.
Foilseofar staitisticí ginearálta do thaighdeoirí agus don phobal, ach faoi pholasaí GAELSCOILEANNA TEO, ní chuirfear eolas faoi aon scoil ar leith ar fáil go poiblí.
Ba mhian linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na scoileanna a chabhraigh linn trína gcuid staitisticí a roinnt linn.
Cé mhéad scoileanna lán-Ghaeilge atá ann?
Is é an ghaeloideachas ceann de na réimsí oideachais is mó fás agus forbairt in Éirinn le 30 bliain anuas agus tá GAELSCOILEANNA TEO. chun tosaigh san fhás agus san fhorbairt sin. Tá 45,373 daltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an eagraíocht á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Seo thíos an méid scoileanna lán-Ghaeilge sa tír atá taobh amuigh den Ghaeltacht.
Bunscoileanna: 141 sna 26 Co. + 36 sna 6 Co. = 177 sna 32 Condae
4.4% de na bunscoileanna sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht gur gaelscoil iad
5.9% de dhaltaí bunscoile sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht atá i ngaelscoileanna
Líon daltaí bunscoile 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht: 32,538
Líon daltaí bunscoile 32 contae lasmuigh den Ghaeltacht: 35,710
Iar-Bhunscoileanna: 35 sna 26 Co. + 5 sna 6 Co. = 40 sna 32 Condae
4.9% d’iar-bhunscoileanna sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht gur gaelcholáistí iad nó a bhfuil aonad lán-Ghaeilge iontu
2.2% de dhaltaí iar-bhunscoile sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht atá ag foghlaim trí Ghaeilge
Líon daltaí iar-bhunscoile 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht: 8,890
Líon daltaí iar-bhunscoile 32 contae lasmuigh den Ghaeltacht: 9,663
(staitisticí bailí don scoilbhliain 2012-2013)
Graif: Fás ar an nGaelscolaíocht ó 1972-2013
Graif: Fás ar Líon na nDaltaí ag Freastal ar Scoileanna Lán-Ghaeilge Meán Fómhair 1990-2012
Graif: Líon Daltaí Scoileanna Lán-Ghaeilge sa Ghalltacht, Gaeltacht & 6 Co. 2011-2012
Is léir ó na staitisticí thuas go bhfuil earnáil na gaelscolaíochta faoi bhláth. Tá scoileanna lán-Ghaeilge nua á mbunú ag tuismitheoirí ag an dá leibhéal go seasta agus go leanúnach, rud a chuireann go mór le líon na ndaltaí gach bliain a chláraíonn leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Deimhníonn an fás agus an fhorbairt seo mian thuismitheoirí na tíre seo d’oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.




