Méid an Téacs

Bunú Scoil Nua

Mura bhfuil scoil i do cheantar, tá seans go bhfuil feachtas ar bun le ceann a bhunú ann. Tá Gaelscoileanna Teo. ag obair le coistí bunaithe timpeall na tíre le cinntiú go mbeidh oideachas trí mheán na Gaeilge mar rogha ag daltaí agus tuismitheoirí ina gceantair féin. Is grúpaí pobail iad na coistí seo a tháinig le chéile toisc riachtanais agus éilimh an phobail áitiúil i leith na gaelscolaíochta. Tá gach eolas maidir leis na feachtais atá ar bun ag na grúpaí seo ar fáil ó oifigigh forbartha na heagraíochta, déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie. Más mian leat coiste a chur ar bun i do cheantar féin, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn agus cuirfimid gach cúnamh ar fáil duit.

Próiseas na Roinne Oideachais & Scileanna le Scoileanna Nua a Bhunú

D’fhógair an Roinn Oideachais & Scileanna socruithe nua i gcomhair pátrúnachta scoileanna nua ar an 27 Meitheamh 2011. Tá cur síos ar an bpróiseas, agus na dúshláin a bhaineann leis i dtaobh freastal ar éileamh, thíos:

  1. Aithníonn an Roinn na ceantair ina bhfuil soláthar nua scoile de dhíth, bunaithe ar déimeagrafaic agus cumas na scoileanna reatha freastal ar an daonra. Ní thugtar sainmheoin teanga nó creidimh na scoileanna reatha san áireamh anseo; msh. má tá éileamh ar cineál scoile ar leith ach spásanna fós i scoileanna reatha an cheantair, ní fheicfear ar soláthar nua a bhunú ann. Go praiticiúil, ciallaíonn seo go minic nach bhfuil deis ann scoil lán-Ghaeilge a bhunú má tá áiteanna scoile ar fáil i scoileanna reatha an cheantair, fiú mura bhfuil aon scoil lán-Ghaeilge ann.
  2. Má chinneann an Roinn go bhfuil gá le soláthar úr a bhunú, tugtar cuireadh d’eagraíochtaí pátrúnachta (comhlachtaí bainistíochta scoile, msh. An Foras Pátrúnachta, Educate Together, na Boird Oideachais agus Oiliúna, eagraíochtaí reiligiúnacha) iarratais a dhéanamh ar son pátrúnacht na scoile nua. I gcás iarbhunscoileanna nua, aithníonn an Roinn sainmheon teanga na scoile agus ní ghlactar le hiarratais ó phátrúin nach bhfuil ag teacht leis an treoir sin.
  3. Is gá d’eagraíochtaí pátrúnachta comhairliúcháin a dhéanamh leis an bpobal maidir lena n-iarratais, msh. cruinnithe poiblí a reáchtáil agus léirithe spéise a lorg ó thuismitheoirí maidir leis an gcineál scoile atá de dhíth sa cheantar.
  4. Déanann an Roinn na hiarratais a mheas agus fógraítear pátrún na scoile nua.

Níl an Roinn Oideachais & Scileanna ag tabhairt aitheantas d’aon iarratas ar scoil a bhunú nó d’aon scoil a bhunaítear lasmuigh den phróiseas seo. Tá coistí timpeall na tíre ag déanamh stocaireacht ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i gceantair nach bhfuil mar spriocanna ag an Roinn, agus cuireann Gaelscoileanna Teo. tacaíocht agus comhairle ar fáil dóibh.

Faoi láthair, tá coistí bunaithe iarbhunscoile ag feidhmiú sna ceantair seo a leanas:

Le do shuim a léiriú sna feachtais thuasluaite, déan teagmháil linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.