Méid an Téacs

Iarbhunscoil Ilchreidmheach Nua do Phort Laoise

Tá Coláiste Dhún Másc, iarbhunscoil nua ilchreidmheach le hAonad lán-Ghaeilge, le hoscailt i bPort Laoise i Meán Fómhair 2017.  Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise & Uíbh Fháilí a bheidh ina mbun, le An Foras Pátrúnachta mar iontaobhaithe don Aonad.

Ba mhór le Gaeloideachas an obair dhian a rinne Coiste Bunaithe Phortlaoise a aithint – spreagadar suim san oideachas lán-Ghaeilge i measc tuistí an cheantair agus is mar thoradh ar a bhfeachtas go mbeidh an Aonad nua á bhunú.

Tá gach eolas maidir leis an bhForas Pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie.

Tá gach eolas maidir leis an mBord Oideachais agus Oiliúna ar fáil ar www.laoisoffalyetb.ie.

Cén fáth go roghnófá scoil lán-Ghaeilge dod’ pháiste? 

Léigh anseo maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an gcóras tumoideachais.