Seastáin agus fógraíocht ag Comhdháil 2016
Reáchtálfar Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta in Óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 11 agus 12 Samhain 2016. Freastalaíonn ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre ar an ócáid seo agus tá súil againn go mbeidh ionadaithe ó earnáil na luathbhlianta inar dteannta arís i mbliana chomh maith. Bíonn idir 250 – 300 comhalta i láthair ag Comhdhálacha Bliantúla Ghaelscoileanna Teo.
Beidh rogha deiseanna ag d’eagraíochtaí maidir le fógraíocht ag Comhdháil na bliana seo:
Seastán a thógáil sa Taispeántas Seastán
-nó-
Fógra a thógáil i Lámhleabhar na Comhdhála
N.B. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar rogha amháin
Na Seastáin
Chuile bhliain, tugaimid cuireadh d’eagraíochtaí oideachais agus Gaeilge seastán a ghlacadh ag an gComhdháil. Is ar an Aoine 11 Samhain a bheidh na seastáin againn i mbliana. Beidh Taispeántas na Seastán oscailte do rannpháirtithe na Comhdhála ón 9.00 – 18.00 ar an Aoine. Beidh imeachtaí na comhdhála ar bun idir na hamanna seo ach spreagfar rannpháirtithe chun cuairt a thabhairt ar na seastáin le linn clárúcháin, sosanna tae agus caife agus i rith am lóin. Beidh an tae agus caife eagraithe san ionad taispeántais.
Beidh na sosanna ann ag na h-amanna seo:
8.30-9.20 Clárúchán – Tae agus caife
11.15-11.45 Sos – Tae agus caife
12.45-13.45 Lón (le milseog, tae agus caife ag taispeántas na seastán)
16.00-16.30 Sos – Tae agus caife
Táillí:
Eagraíocht dheonach nó neamhbhrabúis: €150 ar spás le bord 6’ x 1’
Eagraíocht tráchtála: €300 ar spás le bord 6’ x 1’
Clúdaíonn na costais cead isteach ag imeachtaí na comhdhála, bord, dhá chathaoir agus WIFI. Clúdaíonn sé tae, caife agus lón do lucht na seastán chomh maith. Luíonn sé le lucht na seastán gach rud eile a bheadh de dhíth orthu a bhreith leo féin. Molann an t-óstán cábla sínidh a thabhairt leat.
Áirithintí:
Is 40 seastán ar fad a bheidh sa taispeántas. De bharr an éilimh a bhíonn ar na seastáin gach bliain, tá se socraithe gur trí chrannchur a roghnófar na heagraíochtaí a mbeidh seastán acu linn i mbliana. Mar sin, má tá suim agat seastán a ghlacadh ag an gComhdháil, líon isteach an fhoirm thíos roimh 30 Meán Fómhair 2016 ag 17.00.
Eagrófar an crannchur do na hiarrthóirí ar fad a léiríonn suim ar an 3 Deireadh Fómhair 2016 agus cuirfear na torthaí in iúl ar an lá céanna. Ní mór do na hiarrthóirí rathúla an táille don seastán a íoc roimh 14 Deireadh Fómhair 2016 chun an spás a chinntiú. Cuirfear sonrasc chugat leis an táille chuí sonraithe air. Ní chinnteofar áirithint an tseastáin go bhfaighimid íocaíocht air. Ní ghlacfar le híocaíocht ag an gComhdháil féin. Mura bhfaighimid íocaíocht faoin spriocdháta, rachaidh an seastán ar ais ar díol.
Coinníollacha:
- Ní cheadófar ach seastán amháin in aghaidh na heagraíochta.
- Beidh taispeántas na seastán ar oscailt do rannpháirtithe na Comhdhála ó 09.00-18.00 ar an Aoine. Ní bheidh spás seastáin ar fáil ar an Satharn.
- Má tá riachtanas ar leith agat iarraimid ort é sin a chur in iúl dúinn ar an bhfoirm agus déanfaimid ár ndícheall freastal ort.
- Ní gá go mbeadh Gaeilge líofa ag an duine a bheidh leis an seastán, ach is í an Ghaeilge teanga oibre na Comhdhála agus a rannpháirtithe.
Fógra i Lámhleabhar na Comhdhála
Tá spás do 6 fhógra ar díol mar seo a leanas:
- spás leathanaigh A5
- beidh siad i nGaeilge amháin nó dátheangach
- leagan portráide a bheidh iontu
Táillí:
Eagraíocht dheonach nó neamhbhrabúis: €150
Eagraíocht tráchtála: €300
De bharr go bhfuil teorainn ar an méid fógraí atá ar fáil, is trí chrannchur chomh maith a roghnófar na hiarrthóirí rathúla. Mar sin, má tá suim agat fógra a thógáil i lámhleabhar na Comhdhála, líon isteach an fhoirm thíos roimh 30 Meán Fómhair 2016. Eagrófar an crannchur do na hiarrthóirí ar fad a léiríonn suime ar an 3 Deireadh Fómhair 2016 agus cuirfear na torthaí in iúl ar an lá céanna. Ní mór do na hiarrthóirí rathúla an táille don fhógra a íoc roimh 14 Deireadh Fómhair chun é a chinntiú. Cuirfear sonrasc chugat leis an táille chuí sonraithe air. Ní chinnteofar spás fógraíochta go bhfaighimid íocaíocht air. Mura bhfaighimid íocaíocht faoin spriocdháta, rachaidh an spás fógra ar ais ar díol.
Oops! We could not locate your form.