Méid an Téacs

Gaelscoil Ilchreidmheach Nua do Dheisceart Bhaile Átha Cliath

Scoil2016Is cúis áthais dúinn a fhógairt go raibh toradh dearfach ar an iarratas ar scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua a oscailt le freastal ar Stigh Lorgan agus Baile na nGabhar. Buíochas agus comhghairdeas le gach duine a thacaigh leis an bhfeachtas.

D’oscail Gaelscoil na Fuinseoige i Lúnasa 2016. Tá Aisling Uí Fhéich mar phríomhoide na scoile agus is féidir teagmháil a dhéanamh lei trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gsnafuinseoige.ie nó glaoch a chur ar 01-2096967. Tá An Foras Pátrúnachta mar phátrún na scoile.

Chláraigh tuismitheoirí ainmneacha 571 páistí mar léirithe spéise le tacú leis an bhfeachtas leis an scoil a bhunú ar deireadh. Ón líon sin bhí 335 lonnaithe lasmuigh den cheantar aitheanta. Tá Gaelscoileanna Teo ag tacú le hiarratas eile ón bhForas Pátrúnachta chun scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a oscailt i nDún Laoghaire in 2017. Tá eolas maidir leis an bhfeachtas i nDún Laoghaire ar fáil anseo: Dún Laoghaire.

Más spéis leat, is féidir an tuairisc ar an bpróiseás don cheantar seo a léamh ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna: www.education.ie.