Text size

Application Form

Rialacha Maoinithe don scéim Le Chéile Trí Ghaeilge

  1. Tá an tionscadal seo dírithe ar naíonraí, bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge (féach 3 thíos) Féadfaidh naíonraí/scoileanna lán-Ghaeilge comh-imeacht a reáchtáil trí mheán na Gaeilge le réamhscoileanna/scoileanna Béarla chomh maith ar mhaithe le cur chun cinn na teanga sa phobal.
  2. Is gá go mbeadh íosmhéid de dhá naíonra/scoil/aonaid lán-Ghaeilge (sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht) rannpháirteach san imeacht.
  3. Fáilteofar roimh iarratais d’imeacht idir na trí leibhéil mar shampla:
    • Naíonraí amháin
    • Naíonraí agus bunscoileanna
    • Naíonraí agus iarbhunscoileanna
    • Bunscoileanna amháin
    • Bunscoileanna agus iarbhunscoileanna
    • Iarbhunscoileanna amháin
  4. Is gá go reáchtáilfear an imeacht trí mheán na Gaeilge.
  5. Is gá go gcuirfí tuairisc c.200 focal ar an imeacht ar ríomhphost chuig sandra@gaelscoileanna.ie. Fáilteofar go mór roimh ghrianghraif (go leictreonach) agus taispeántar ar an suíomh gréasáin www.gaelscoileanna.ie nó/agus sa nuachtlitir iad, le cead an naíonra/na scoile.
  6. Is é €250 / £225 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 2 naíonra/scoil rannpháirteach ann, €500.00 / £450 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 3 naíonra/scoil rannpháirteach ann, agus €750 / £675 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 4 naíonra/scoil nó níos mó rannpháirteach ann (i. uasmhéid in aghaidh na himeachta, seachas an naíonra/na scoile atá rannpháirteach). Ar bhonn dea-chleachtais, bheadh comhroinnt costais idir na naíonraí/scoileanna rannpháirteacha i gceist.
  7. Is ar bhonn admhálacha agus tuairisce amháin a íocfar an deontas. Íocfar an deontas díreach isteach i gcuntas bainc an naíonra/na scoile. Ní híocfar deontas le seic.
  8. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na heagraíochta.
  9. Tá cead ag Gaelscoileanna Teo. deontas a aisghairm i leith mí-úsáide