Text size

Comhdháil 2016

jpeg-posterBa mhór le Gaeloideachas agus COGG ár mbuíochas a ghabháil le rannpháirtithe uile na Comhdhála Oideachais, a bhí ar siúl san Óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 11 agus 12 Samhain 2016. Bhí scoth na gcainteoirí againn ann, agus roinneadar a gcuid saineolas go fial le comhaltaí na Comhdhála. Gabhaimid buíochas ar leith leis na gcainteoirí a cheadaigh dúinn a gcuid cur i láthair a roinnt anseo, tá súil againn cur leis an t-ábhar thíos amach anseo.

Clár na Comhdhála

Comhdháil Oideachais COGG & Gaeloideachas 2016 – Clár (PDF)

Aiseolas

Cabhraigh linn Comhdháil 2017 a phleanáil trí aiseolas a thabhairt dúinn ar Chomhdháil 2016. Fiú mura raibh tú i láthair, ba mhór linn do mholtaí a fháil: https://www.surveymonkey.com/r/comhdhail2016

Ollsheisiúin na Comhdhála

Forléargas ar Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 na Roinne Oideachais & Scileanna (PDF) – An Dr. Harold Hislop, An Roinn Oideachais & Scileanna

Dea-chleachtais i dTeagasc trí Ghaeilge in Éirinn – Aoife Ní Shéaghdha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge & T. J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál

Leanúnachas ón mbunleibhéal chuig an iarbhunleibhéal lán-Ghaeilge – Pádraig Ó Duibhir, Institiúid Oideachais DCU & Laoise Ní Thuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Bunscoileanna

Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí – Conchúr Ó Brolcháin, Coláiste Mhuire gan Smál

Úsáid na Teicneolaíochta sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta – Pól Mag Lionáin, Lisa Nic Dhoinnléibhe & Brian Ó Meachain, SFGM

 

Iarbhunscoileanna

Áiseanna Foclóireachta – Cathal Convery, Rannóg Foclóireachta, Foras na Gaeilge