Méid an Téacs

An Ghaeilge mar Chritéar Aitheantais do Scoileanna Nua

Lúnasa 10, 2010

Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.

Tá i gceist ag an Tánaiste creatlach de chritéir nua a leagan amach, a úsáidfear chun measúnú trédhearcach a dhéanamh ar  iarratais chun scoileanna nua dara leibhéal a bhunú.

Tá beartaithe ag an Tánaiste Grúpa Comhairleach um Pátrúnacht Dara Leibhéal a bhunú, chun machnamh a dhéanamh ar na hiarratais, agus chun comhairle a sholáthar don Tánaiste, tar éis don ghrúpa suirbhé a chur i gcrích faoi thuairimí na dtuismitheoirí agus na critéir nua atá le leagan síos a úsáid.

Tá tuartha go mbeidh méadú de 67,000 dalta breise sa chóras oideachais iar-bhunscoile faoin mbliain 2024, agus is in oirthear na tíre is mó atá an méadú seo tuartha.

Deir an Tánaiste go bhfuil “gá le critéir shoiléire agus breis trédhearcachta sa chinnteoireacht faoin bpátrúnacht sna cásanna seo de bharr go bhfuil comhlachtaí pátrúnachta éagsúla anois ag iarraidh scoileanna nua a bhunú”.

Tá na critéir mhionsonraithe fós le socrú, ach tá tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar soláthar do dhaltaí ar mhiste leo a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge, trí Aonad Gaeilge a bhunú laistigh den scoil, i gceantair nach bhfuil dóthain daltaí do Ghaelscoil dara leibhéal.

I measc na gcritéar eile atá aitheanta ag an Tánaiste, áirítear cumas na scoile freastal ar líon idir 800 go 1,000 dalta, ach bheadh tairseach níos ísle de 400 dalta i gceist do Ghaelcholáistí.

Agus í ag tagairt don mholadh go mbunófaí Aonad Gaeilge i scoil lán-Bhéarla, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta “cé go bhfáiltímid roimh an mholadh do sholáthar Aonaid a fhreastalóidh ar mhianta na ndaltaí don ghaeloideachas sa chás nach mbeadh éileamh dóthanach do scoil neamhspleách, ní mór go leanfaí leis an idirphlé idir an Roinn agus Gaelscoileanna Teoranta ar mhaithe le hathbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige. Is cinnte go sásaíonn sé riachtanais ar leith, ach tá a lán dúshlán ag baint leis an mhúnla reatha”.

©Gaelport.com 10 Lúnasa 2010

« Previous Page