Text size

(Gaeilge) Oifigeach Eagrúcháin á earcú ag Gael-Linn

August 1, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

(Gaeilge) Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

June 28, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

June 27, 2017

Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.

Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!

D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:

Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara

Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh

Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí

Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!

(Gaeilge) Siamsaíocht @6! Le Gael Linn

May 24, 2017

AMHARCLANN CHÚIRT AN PHAORAIGH

(Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, cúpla nóiméad ó Shráid Grafton…Bealaí isteach ó Shráid Clarendon, Sráid Liam Theas agus Rae Coppinger…ardaitheoir go hurlár 2) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó 5.40 p.m.).

DÉARDAOIN, 25 BEALTAINE 2017 Cuirfidh Josie Nugent( Fidil ) ó oirthear an Chláir, i dteannta a fir chéile Brian Stafford (Píb Uileann ), a deirfiúr Máire Núinseann ( Fliúit ) & Seán O’Donnell ( giotár ) clabhsúr breá le séasúr eile siamsaíochta l le ceol óna halbam ‘Modal Citizen’ agus tuilleadh!

(www.josiebrianmusic.info ) Tá costas €12 ar thicéad. Is féidir fíon, beor, deochanna boga, tae & caifé a cheannach. Tá spásanna teorannta agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh ar 087-2547574 nó ag niamh@gael-linn.ie

Más fearr leat gan aon eolas a fháil faoi imeachtaí Gael Linn, cuir sin in iúl dúinn, led’ thoil.

POWERSCOURT THEATRE, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh/Powerscourt Townhouse Centre ( Bealaí isteach/Entrances – Clarendon St, Sth William St, Coppinger Row – ardaitheoir go hurlár 2/lift to 2nd floor ) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó /Doors open 5.45p.m.)

Tickets are €12 and wine beer, soft drinks, tea & coffee are available for purchase.

Booking is essential as seats are limited. Contact Niamh on 087-2547574 ]

Siansa 2017!

March 3, 2017

Tá Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tháinig na grúpaí a bheidh ar ardán anocht trí chóras réamhbhabhtaí ó mhí na Samhna seo caite agus beidh siad san iomaíocht do dhuaischiste €4,500.

Siamsaíocht

February 27, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.