Méid an Téacs

Dátaí Scléip 2011

Nollaig 10, 2010

 

Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. dátaí Scléip 2011 a fhógairt. Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil. Tabharfaidh Scléip 2011 deis do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid ina gcuid ceoil agus ina gcuid drámaíochta. Ba mhian linn go spreagfaí daltaí gaelscolaíochta an lae inniu mar a spreagadh iardhaltaí gaelscolaíochta eile ar nós roinnt do bhaill Kíla, na Frames agus Dara Ó Briain.

Babhta na Mumhan 25 Eanáir Firkin Crane, Corcaigh
Babhta Chonnacht 27 Eanáir Town Hall Theatre, Gaillimh
Babhta Ulaidh 1 Feabhra Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Babhta Laighin 7 Feabhra Amharclann an Axis, Baile Munna

 

Rachaidh buaiteoirí na gcomórtas thuasluaite ar aghaidh go Craobh Ceannais Scléip 2011 a reáchtálfaí ar Shatharn, an 19 Márta 2011 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath. An dáta deiridh d’iarratais ná an 17 Nollag agus tá an fhoirm le híoslódáil anseo – mar sin, sciobaigí an deis bheith linn! 

 

 

Easpa Gaeilge na Roinne Oideachais

Nollaig 9, 2010

Tá ráiteas eisithe ag Conradh na Gaeilge ag tacú le héileamh an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a dúirt go raibh géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla.

Bhí an Coimisinéir Teanga ag tabhairt le fios nach bhfuil ach 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais agus Scileanna atá in ann a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.
Dúirt sé freisin gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas. Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cúis ollmhór imní dúinn go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Lean sé “ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit.”

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
9 Nollaig 2010

Sí Do Mhamó

Nollaig 8, 2010

 

Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i sraith nua teilifíse do RTÉ a chuidíonn le teaghlaigh chun an leas is fearr a bhaint as an tsaol?

B'fhéidir go bhfuil sos de dhíth oraibh nó b'fhéidir nach bhfuil sibh i bhur gcónaí in aice le bhur gclanna féin agus níl an cuidiú breise sin ar fáil? Nó b’fhéidir go bhfuil leanbh nua agaibh agus tá sibh ag éirí cleachtaithe leis an saol nua? nó b'fhéidir nach gcaitheann do theaghlaigh neart ama le chéile?

B’fhéidir go bhfuil Super Mhamó ag teastáil uaibh! Tabharfaidh Super Mhamó gaisciúil cúnamh do theaghlaigh i bhfoirm leideanna agus noda chun an leas is fearr a bhaint as an tsaol agus sult a bhaint as na gnéithe simplí sa tsaol.

Tá riar maith den saineolas atá ag Super Mhamó bunaithe ar nósanna a bhí á chleachtadh fadó go traidisiúnta ach nach maireann fós.

Tá an comhlacht teilifíse The Picture House ar lorg teaghlaigh a bhfuil Gaeilge mhaith acu & atá compordach í a úsáid os comhair ceamara; a bhfuil athrú ag teastáil uathu agus atá sásta páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí teaghlaigh difriúla.

Má tá suim agat an deis speisialta seo a thapú, téigh i dteagmháil le Grainne Mc Guiness chun tuilleadh eolais a fháil:

The Picturehouse, 429 Bóthar Ard Mhic Neasa, Béal Feirste, BT4 2LN
Fón: 028 9076 9800 / 077 404 34109
R-phost: grainne@thepicturehouse.tv

 

Teacher’s Pet

Nollaig 7, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Comórtas Clár Raidió Gael Linn 2011

Nollaig 7, 2010

Tá Gael linn ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn, comórtas bliantúil a thugann aitheantas do thallann raidió úr i measc daltaí iar-bhunscoile.
Is é an 17 Nollaig, 2010  an dáta deiridh iontrála,  ach ní gá na cláir féin a  bheith istigh go dtí 11 Feabhra 2011.  Bronnfar duaiseanna ar mhic léinn a dhéanann cláir raidió Ghaeilge (Clár cainte, Irischláir, Gnéchláir etc) ar ardchaighdeán  a léiriú agus a  láithriú.

Tá an comórtas  dírithe ar mhic léinn Idirbhliana go príomha agus creidtear go bhfuil an-oiriúnach mar ábhar le haghaidh tionscnamh do na mic léinn seo.  Tá cead, áfach, ag daltaí ar bith sa scoil páirt a ghlacadh ann  agus níl aon teorainn leis an líon scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár.

Cuireann daltaí , le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió ar a rogha téama le chéile, a mhaireann idir 15 agus 20 nóiméad.  Is féidir rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile.

Tá dhá roinn sa chomórtas, roinn amháin (Roinn A)  d’iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc trí Ghaeilge agus an roinn eile (Roinn B) do na scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.  Bronntar trí dhuais náisiúnta ar na trí chlár is fearr (urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ), is cuma cén roinn ina mbeidh an scoil ag iomaíocht.  Ina dhiaidh sin, bronntar trí dhuais ar na trí chlár is fearr iRoinn A agus trí dhuais ar na trí chlár is fearr i Roinn B ( urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann)

Tá gach eolas faoin gcomórtas, mar aon le foirmeacha iontrála, ar fáil  ag www.gael-linn.ie, áit gur féidir éisteacht le duaiseoirí 2010 chomh maith.  Nó déan teagmháil le Niamh de Búrca ag 01:6753303/niamh@gael-linn.ie. 

Comórtas Díospóireachta i gCeatharlach

Nollaig 6, 2010

Reachtáil Gael Linn babhta den Chomórtas Díospóireachta 2011 do Iarbhunscoileanna Lánghaeilge i nGaelcholáiste Cheatharlach an tseachtain seo caite áit ar bhailigh na foirne agus a lucht tacaíochta. Is í an phríomhaidhm atá leis an gcomórtas ná an Ghaeilge a chur chun cinn, mar aon le scileanna díospóireachta agus caint phoiblí a chothú i measc na hóige.

Le 40% de mharcanna san Ardteist ag dul don bhéaltriail amach anseo is cabhair iontach do scoláirí a bheith páirteachi i ndíospóireachtaí.

I gcomórtas na sinsear bhí foirne san iomaíocht ó Ghaelcholáistí Chill Dara, Cheatharlach, Chluain Meala agus an Inbhir Mhóir. Phlé na cainteoirí an rún tráthúil ‘Ba cheart dúinn trua a bheith againn do Brian Cowen!’ Bhí caighdeán díospóireachta na gcainteoirí uile thar barr agus bhí sé soiléir gur chaitheadar a lán ama agus stró ag ullmhú agus ag cleachtadh agus ag déanamh taighde ar an ábhar.

Bhí an plé spleodrach agus suimiúil le hargóintí i bhfábhar agus i gcoinne an rúin agus d’éirigh le dhá fhoireann dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Réigiúnach a bheidh ar siúl i Mí Eanair. Is iad siúd Gaelcholáiste Cheatharlach agus Gaelcholáiste Chluain Meala. Déanaimid comhgháirdeachas ó chroí leo agus len a múinteoirí.

The Carlow Nationalist – Bríde de Róiste
30 Samhain 2010

Seimineár Taighde ar an nGaeloideachas ar athló

Nollaig 6, 2010

Tá an seimineár taighde a bhí beartaithe ag an gCoiste Seasta ar an nGaeloideachas don Luan seo chugainn, (6 Nollaig 2010) curtha ar athló de bharr na drochaimsire. Tá súil an seimineár seo a reáchtáil ar an 17 Eanáir 2011, in óstán Clarion, Aerfort Bhaile Átha Cliath. Cuirfear sonraí an tseimineáir sin ar fáil níos gaire don dáta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag + 353 (0) 1 679 4780.

Comhsheimineár ar athló

Nollaig 3, 2010

Beidh Gaelscoileanna Teo. agus Forbairt Naíonraí Teo. ag eagrú Comhsheimineáir ar ábhar na luathbhlianta go luath san Athbhliain, agus ní ar an 4 Nollaig 2010 mar a fógraíodh cheana, de dheasca na haimsire. Pléifear ábhar Síolta, Aistear agus an Curaclam Bunscoile ag an gComhsheimineár. Beidh costas €30 air, lón san áireamh, agus tá bileog eolais agus foirm chlárúcháin ar fáil le híoslódáil anseo: Bileog Eolais. Ba chóir an fhoirm a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais leis an íocaíocht chuig FNT. Fógrófar an dáta nua don chomhsheimineáir go luath.

Straitéis Gaeilge Glactha

Nollaig 3, 2010

Tá an Dréacht-Straitéis i leith na Gaeilge 2010-2030 glactha ag an rialtas agus súil go bhfoilseofar an Straitéis dheireanach roimh an Nollaig.

“Cibé cén rialtas a bheidh againn san athbhliain tá glacadh ginearálta faighte ag an Straitéis ón dá pháirtí a bhfuil súil lena bheith i rialtas, Fine Gael agus, go hindíreach, ag Páirtí an Lucht Oibre,” dar le Pádraig Ó hAoláin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Tuigtear go n-athrófar Údarás na Gaeltachta go hÚdarás na Gaeltachta agus na Gaeilge ach is ar Fhoras na Gaeilge a thiteann an dualgas ‘uile-oileánda’ chun an Ghaeilge a chur chun cinn faoi láthair, mar sin an mbeidh an dá eagraíocht ag teacht salach ar a chéile?
“Is é an tuiscint atá againn ná go mbeidh Foras na Gaeilge ag plé go sonrach le cúramaí teanga trasteorann agus go mbeidh Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ag plé go sonrach le tograí nua teanga sa 26 contae,” a deir Ó hAoláin.

Chomh fada agus a bhaineann sé le Foras na Gaeilge is eagraíocht, “uile-oileánda muid agus níl aon rud socraithe go fóill faoin straitéis ach tá conradh idirnáisiúnta againne agus ní fheicim go dtiocfaidh aon athrú ar rudaí mar atá siad,” a deir Ferdie Mac an Fhailigh, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Cé go bhfuil Pádraig Ó hAoláin ar tí a thréimhse mar phríomhfheidhmeannach a chríochnú ar an 31 Nollaig níl sé ceadaithe go fóill ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta go gceapfaí príomhfheidhmeannach eile ina áit.

Síleann Pádraig Ó hAoláin go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfuil an Straitéis anois beannaithe ag an rialtas agus cé go mbeidh impleachtaí ag ciorruithe Phlean Téarnaimh an rialtais ar an roinn tá sé curtha in iúl aige don Aire Pádraig Ó Ciardha nach mbeidh aon ghá le caiteachas mór sa chéad dá bhliain den Straitéis nuair a dhéanfar an réamhullmhúchán.

“Tá litir faighte agam ón Aire Ó Ciardha go bhfuil sé ag tógáil mo mholtaí ar bord, gur tar éis an chéad dá bhliain a bheidh gá le fás céimnithe ar chaiteachais ar an Straitéis. Tá a lán sonraí fós le plé ó thaobh athstruchtúrú an Údaráis, na sonraí faoi acmhainní, sonraí faoi oiliúint agus an lárionad feabhais agus an mbeidh ról ag na comharchumainn agus cén ról a bheidh acu amach anseo. Tá gá le soiléiriú ar an athstruchtúrú an ról an Údaráis san athbhliain.”

Beidh cúramaí fiontraíochta agus fostaíochta ag fanacht le hÚdarás na Gaeltachta agus na Gaeilge. Faoi Phlean Téarnaimh an rialtais 2010-2014 tá sé i gceist go ngearrfar buiséad reatha agus caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta 10% nó timpeall €38 milliún agus tá ciorruithe ar bhuiséad an Údaráis fós le cinntiú agus na himpleachtaí a bheidh aige seo ar chúramaí an Údaráis.

Is ar an Aoine seo chugainn a bheidh an chéad chruinniú boird eile ag an Údarás agus tá súil go mbeidh réiteach ar cheist an phríomhfheidhmeannaigh, is é sin, príomhfheidhmeannach, nó príomhfheidhmeannach eatramhach fiú, a cheadú.

Mar chuid de shonraí na straitéise atá ar eolas againn:
• Beidh sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus Aire agus Roinn faoi leith ann don Ghaeilge.
• Tar éis plé fadálach ar an sprioc a bhí leagtha síos gur cheart go dtiocfadh méadú 250,000 ar líon na gcainteoirí laethúla faoi 2030, is é an sprioc anois atá aontaithe ná go dtiocfadh ardú 25% ar líon na gcainteoirí laethúla.
• Beidh athbhreithniú á dhéanamh ar an sprioc seo gach seacht mbliana. Is taobh amuigh den chóras oideachais atá i gceist leis na cainteoirí laethúla seo.
• Tá sé i gceist faoin Straitéis go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais agus go mbeadh measúnú bliantúil ar an Ghaeilge i scoileanna na tíre chomh maith le cúntóirí teanga i ngach scoil lán-Ghaeilge.
• Níl sé i gceist ach an oiread go mbeadh dhá ábhar Gaeilge ann don Ardteist, is é sin ábhar amháin a bheadh feiliúnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus ábhar eile do chainteoirí dúchasacha nó d’ardchaighdeán Gaeilge.

Is é an tAire Éamon Ó Cuív a chur tús le Dréacht-Straitéis na Gaeilge, an tAire Pádraig Ó Ciardha a lean ar aghaidh leis an obair chun an Dréacht-Straitéis a chinntiú ach beidh le feiceáil cén tAire Gaeilge a bheidh i mbun é a chur i bhfeidhm.

Gaelscéal – Treasa Bhreathnach
03 Nollaig 2010

Polasaí Gaeilge Fhine Gael curtha faoi bhrú

Nollaig 3, 2010

Chuir idir bhaill den phobal agus bhaill d’Fhine Gael féin a mí-shástacht in iúl maidir le polasaí Gaeilge an pháirtí ag cruinniú poiblí a bhí eagraithe ag Fine Gael in Óstán Pháirc Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath, oíche Dé Máirt.

Labhair ceannaire an pháirtí, agus é ag déanamh tagairt do chúrsaí eacnamaíochta na tíre, faoin ngá le cinntí a thógáil atá bunaithe ar thaighde iontaofa agus ar thoil an phobail ach nuair a iarradh air cén taighde a raibh polasaí tromchúiseach Gaeilge an pháirtí bunaithe air dhiúltaigh sé freagra a thabhairt. Cé nár luaigh Enda an Ghaeilge ina aitheasc, cuireadh dian-cheisteanna air maidir le polasaí conspóideach an pháirtí chun deireadh a chur leis an Ghaeilge mar chroí-ábhar éigeantach Ardteistiméireachta.

Chuir ógánach amháin, Aodhán Ó Deá, atá anois ina iarbhaill den pháirtí, in iúl don slua go raibh an misneach ar fad a bhí aige sa pháirtí imithe agus nach bhféadfadh sé vóta a chaitheamh d’Fhine Gael a thuilleadh “i ngeall ar pholasaí teanga atá thar a bheith tubaisteach do thodhchaí na Gaeilge.”

Tharraing daoine aonair aird an slua ar thaighde a léiríonn nach bhfuil muintir na hÉireann ar son an pholasaí seo agus gur bhuntáiste í don teanga an stádas atá aici sa chóras oideachais.

Ba ar mhaithe le tacaíocht a mhéadú don pháirtí i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Theas a eagraíodh an cruinniú.

Gaelscéal – Ciarán Mac Fhearghusa
03 Nollaig 2010

« Previous PageNext Page »