Méid an Téacs

Direct method is the best way to teach Irish

Márta 24, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga

Márta 24, 2011

Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.

Léiríonn iniúchadh a rinne a Oifig ar Ranna agus Oifigí Rialtais go raibh ag teip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón, agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. “Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an t-iniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad” a dúirt an Coimisinéir Teanga. “Scanrúil” a thug an Coimisinéir Teanga ar an eolas a tháinig chun cinn le linn na bliana nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50% le cúig bliana anuas. Agus é ag admháil gur fadhb choitianta í seo sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, dúirt sé go léiríonn sé níos soiléire ná aon ní eile an bhearna idir cumas seirbhísí a sholáthar trí Bhéarla agus soláthar na seirbhísí sin trí Ghaeilge.

Ba bheag iontas é mar sin, bunaithe ar imscrúdú eile, gur chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suímh gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Tá an tuarascáil iomlán le fáil ar www.coimisineir.ie.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha

An Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht na nÓg (sa Ghaeilge)

Márta 24, 2011


Clár na Comhdhála

Aoine 8 Aibreán 2011
Ionad: An Seomra Caidrimh (D110)

9:45 – 10.00

Fáiltiú agus Clárú

10:00 – 10.15

Oscailt oifigiúil imeachtaí an lae ag Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg

10.15 – 11.45

Seisiún 1: Léitheoireacht agus Aistriúchán
Cathaoirleach: Ciarán Mac Murchaidh
Jacqueline De Brún – ‘Foghlaim Chód na Léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais sa léitheoireacht Ghaeilge’.
Lydia Groszewski – ‘An Margadh Léitheoireachta i gcás aistriúchán Gaeilge do leanaí’.
Órla Ní Chuilleanáin – ‘Aistriúchán ar Scéalta do Leanaí go Gaeilge le haghaidh cainteoirí T2: roinnt roghanna maidir le stór focal agus stíl’.

11.45 – 12.00

Tae & Caife

12.00 – 1.00

Seisiún 2:  Léiriú ar an Óige sa Litríocht do Dhaoine Fásta
Cathaoirleach: Pádraig Ó Liatháin
Máirín Nic Eoin – ‘Ó Mo Scéal Féin go dtí Céard É English?: An litríocht dhírbheathaisnéiseach mar ábhar léitheoireachta do dhaoine óga’.
Aisling Nic Dhonnchadha – ‘‘Ina Ríocht Féin’: Léirithe ar shaoltaithí an duine óig i ngearrscéalta faoi leith le Pádraic Breathnach agus Seán Mac Mathúna’.

1.00 – 2.00

Lón

2.00 – 3.30

Seisiún 3: Stair agus Éabhlóid Litríocht Ghaeilge na nÓg
Cathaoirleach: Róisín Ní Ghairbhí
Seosamh Ó Murchú – ‘Idir Laethanta Gréine agus an Garbhán: Súil siar ar an bhfoilsitheoireacht don aos óg sa Ghúm’.
Ríona Nic Congáil – ‘Fréamhacha Litríocht Ghaeilge na nÓg sa Naoú hAois Déag’.
Pádraig Ó Baoighill – ‘Litríocht na nÓg i nGaeltacht Thír Chonaill (1938-1946)’.

3.30 – 3.45

Tae & Caife

3.45 – 5.15

Seisiún 4: Ó Théama na hÓige Síoraí go dtí an Déaglitríocht
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
Pádraig de Paor – ‘Puer Aeternus: téama na hóige síoraí i litríocht do dhaoine óga`.
Anna Heussaff – ‘Liomsa, leosan / Conas a dhéanann údar fásta freastal ar dhéagléitheoirí?’
Máirtín Coilféir – ‘An eitic agus an aestéitic i saothar Alan Titley’.

5.15 – 5.30

Tae & Caife

5.30 – 6.30

Aoichaint: ‘The Big Bang: Cathal Ó Sándair Creates Popular Literature in Irish’ – An tOllamh Philip O’Leary (Seomra D115)  
Cathaoirleach: An tOllamh Máirín Nic Eoin

6.30 – 7.30

Léamha in Ómós do Chathal Ó Sándair & Sólaistí (Seomra Foirne)    
————————————————————————————
Satharn 9 Aibreán 2011
Ionad: Seomra D115

10:00 – 11.00

Seisiún 5: Scéalaithe is Scéalaíocht
Cathaoirleach: Regina Uí Chollatáin
Siobhán Kirwan-Keane – ‘Sinéad Bean de Valera: Drámadóir, Náisiúnaí, Oide’.
Laoise Ní Chléirigh – ‘Tríocha Bliain ag Fás: Éabhlóid Litríocht na nÓg (1980-2010)’.

11.00 – 11.15

Tae & Caife (Seomra Caidrimh)

11.15 – 12.45

Seisiún 6: Litríocht na nÓg sna Dúichí Ceilteacha
Cathaoirleach:  Uáitéar Mac Gearailt
Siwan Rosser – ‘Iaith, diwylliant a hunaniaeth mewn llenyddiaeth Gymraeg i blant’ / ‘Language, culture and identity in Welsh children’s literature’.
Jacques Yves Mouton – ‘Embann levrioù evit ar grennarded: dazont buhez ar brezhoneg’ / ‘Publishing books for teenagers: a challenge for the future of the Breton language’.
Màiri Kidd – ‘Whose ‘Twilight’?: Scottish Gaelic children’s literature faces the 21st century’.

12.45 – 2.00

Lón

2.00 – 3.00

Aoichaint: ‘An Leanbh Ionainn go Léir: na haistriúcháin Ghaeilge ar litríocht do dhaoine óga’ – An tOllamh Alan Titley
Cathaoirleach: Liam Ó Muirthile

3.00 – 3.15

Tae & Caife (Seomra Caidrimh)

3.15 – 4.45

Seisiún 7: An Traidisiún, an Sean is an Nua: Dúshláin na hAoise seo
Cathaoirleach:   Breandán Ó Conaire
Máire Ní Bhaoill – ‘Amhránaíocht Thraidisiúnta i measc Páistí in Éirinn’
Colmán Ó Raghallaigh – ‘Úrscéalta agus Seanscéalta Grafacha Gaeilge’.
Caitríona Hastings – ‘“Bhí sin ann i bhfad ó shin agus is fada ó bhí…” – Seanscéalta agus Nuascéalta – Na Dúshláin’.

4.45 – 5.00

Tae & Caife (Seomra Caidrimh)

5.00 – 5.45

Fóram Plé: Todhchaí Litríocht na nÓg
Cathaoirleach: Ríona Nic Congáil
Rannpháirtithe – Áine Ní Ghlinn, Biddy Jenkinson, Meadhbh Ní Eadhra, Colmán Ó Raghallaigh, Liam Ó Muirthile.

5.45

Focal scoir: Ríona Nic Congáil agus Máirín Nic Eoin

6.00

Dinnéar na Comhdhála

Urraithe ag Coiste Taighde Choláiste Phádraig agus ag Foras na Gaeilge

Cosain an Cóimheas

Márta 23, 2011

Chuir Gaelscoileanna Teo tús le feachtas láidir an tseachtain seo caite lasmuigh de Dháil Éireann, chun aird a tharraingt ar athruithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an gcóimheas daltaí le múinteoirí.

Tá cóimheas daltaí le múinteoirí níos fabhraí i nGaelscoileanna le hidir 3-9 múinteoirí ná mar atá ag scoileanna eile.  Dar le Gaelscoileanna Teo. go bhfuil bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fabhraí, toisc na dúshláin bhreise atá roimh na gaelscoileanna, dúshláin ar a n-áirítear cur i bhfeidhm churaclaim iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge. I roinnt cásanna, beidh ar scoileanna 20 páiste sa bhreis a mhealladh isteach chun na scoile chun líon na múinteoirí atá acu a choimeád.  Teastaíonn ó Mhícheál Ó Broin, Uachtarán ar Ghaelscoileanna Teo go ndéanfaí an “cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht”.

Postanna i nGaelscoileanna faoi bhagairt

Márta 22, 2011

Tá Gaelscoileanna na tíre buartha faoi chinneadh na Roinne Oideachais go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí ó Mheán Fómhair na bliana seo. Tá an baol ann go mbeidh ar ghaelscoileanna múinteoirí a ligean chun siúil má chuirtear an cinneadh i bhfeidhm.

Sheol an eagraíocht feachtas oifigiúil ‘Cosain an Cóimheas’  i gcoinne fógra na Roinne os comhair na Dála ar 15 Márta. Feachtas is ea ‘Cosain an Cóimheas’ i gcoinne fógra na Roinne  Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoirí atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna.

Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheidh an-tromchúiseach do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoirí acu, ach go háirithe.

Beidh míbhuntáistí ag baint leis an gcinneadh do dhaltaí óga sa mhéid go dtuarfar go mbeidh  laghdú iomlán ar eispéireas éifeachtach foghlama an pháiste agus go mbeidh ar roinnt scoileanna múinteoirí a ligean chun siúil.

Dar le Michael Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta, “Tá suas le 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm. Caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoirí agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil.”

Deir sé gur  “buille marfach i ndiaidh buille marfach” atá ann. “Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís.”

Cháin Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., an cinneadh: “Braitheann ár scoileanna go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus níl painéal ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoileanna an Fhorais Pátrúnachta fós, cé gur aontaíodh i bprionsabal leis an Roinn go gcruthófaí painéal don Fhoras i 2004.”

“Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach de na scoileanna, ardaítear ceisteanna maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais”, a deir sé.

Cumas sa Ghaeilge ag os cionn 50% den tír

Márta 22, 2011

De réir pobalbhreith náisiúnta de chuid Lastminute.com ar scileanna teanga in Éirinn a cuireadh i gcrích le déanaí, bhí Gaeilge líofa ag os cionn leath de na daoine a cuireadh faoi agallamh.

Is ina measc siúd idir 18-25 bliain d’aois a bhí an cumas Gaeilge is airde, le 56% ag maíomh go raibh Gaeilge líofa acu.

1,000 duine a ghlac páirt sa suirbhé náisiúnta seo, agus de réir na dtorthaí bhí cumas labhartha Gaeilge ag 54% de na daoine i gConnachta/Ulaidh i gcomparáid le 46% i mBaile Átha Cliath/Laighin,  agus 45% i gCúige Mumhan.

Astu siúd le cumas labhartha Gaeilge, labhair 46% acu Gaeilge sa tseachtain dheireanach, agus labhair 21% acu í sa mhí dheireanach.  Labhair 57% de na daoine idir 18-25 bliain d’aois an Ghaeilge an tseachtain chéanna is a ghlac siad páirt sa tsuirbhéireacht.

Tagann an phobalbhreith náisiúnta seo de chuid Lastminute.com, sna sála ar thorthaí pobalbhreithe de chuid Ipsos/MRBI a foilsíodh an mhí seo caite mar ar cuireadh agallamh ar 1,000 duine  a bhí os cionn 15 bliana d’aois maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge mar ábhar éigeantach Ardteiste, ach go háirithe.   Mheas 57% de na rannpháirtithe go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge.

I measc an aoisghrúpa 25-34 bliain d’aois mheas 69% go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge.

Mheas 61% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste.  Mheas 65% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna le páistí a spreagadh leis an teanga a úsáid níos minice. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – mheas 79% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge i mbunscoileanna.

Dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Léiríonn na figiúirí thuas, ní hamháin go bhfuil muintir na hÉireann báúil don teanga, agus go dtacaíonn siad léi mar ábhar éigeantach suas go dtí leibhéal na hArdteiste, ach go bhfuil cumas sa teanga ag an nglúin óg atá ag teacht in inmhe i láthair na huaire.  Ábhar dóchais agus ábhar misnigh iad na torthaí seo do chur chun cinn na Gaeilge.

Comhdháil CAER – 24-26 Márta 2011

Márta 21, 2011

Téama – Áit na mionteangacha i bhforbairt an ilteangachais

Theme – The place of minority languages in the development of multilingualism

Ionad: Óstán Skylon, Baile Átha Cliath
Venue: The Skylon Hotel, Dublin

Clár/ Programme

24.3.11

17.00

Oscailt oifigiúil/ official opening

17.45

Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG –  Stádas na Gaeilge sa chóras oideachais in Éireann/ The status of the Irish language in the education system in Ireland.

20.00

Dinnéar/ Dinner

25.3.11

10.00

David Little, Trinity College, Dublin – Developing plurilingual citizens in multilingual societies: the role of regional and minority languages

11.30

Tae/ caifé

12.00

Le cinntiú/ tbc – Dúshláin an ghaeloideachas in Éireann – impleachtaí d’oideachas mhiontheangacha san Eorap?/ Challanges to Irish-medium education in Ireland – implications for minority language education in Europe?

13.15

Lón/lunch

14.30

Painéal cainteoirí re téama  – Straitéisí Rialtais agus tacaíochtaí d’fhorbairt an tumoideachas miontheangaigh– Tuaisceart Éireann, Tír na mBascach, An Bhreatain Bheag – cur i láthair 20 nóiméad an duine & plé oscailte/ panel of speakers about the theme – Government strategies and supports for the development of minority language immersion education-  Northern Ireland (Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta), The Basque Country (Jasone Aldekoa Arana, Dep. Of Education, The Basque Autonomous Community ), Wales (Gari Lewis, Welsh Language Bord) – 20 minute presentation and open discussion

16.00

Críoch & tae/ caifé/ finish & tea/ coffee

16.30

Cur i láthair ó scoileanna an cheantair/ presentation from local schools

20.30

Dinnéar

25.9.10

10.00

Cruinniú Cinn Bliana CAER/ CAER AGM

12.30

Lón/ lunch

Suas le 40 Gaelscoil chun múinteoirí a chailleadh

Márta 21, 2011

“ARDAÍONN an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Is buille marfach i ndiaidh buille marfach atá ag teacht” – Mícheál Ó Broin

Tá sé fógartha ag an rialtas go mbeidh deireadh á chur leis an socrú cóimheas daltaí le múinteoir atá i bhfeidhm i nGaelscoileanna faoi láthair. Tá sé beartaithe go mbeidh Gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna Béarla, ó mhí Mheán Fómhair 2011. Is drochnuacht é seo do go leor múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus scoileanna, agus beidh poist á gcailleadh mar gheall air. Beidh tionchar aige ach go háirithe ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoir acu. Tá feachtas seolta ag Gaelscoileanna Teo, darb ainm ‘Cosain an Cóimheas!’, le dul in aghaidh mhian an rialtais ó thaobh na nGaelscoileanna de. Tá siad i ndiaidh dul i dteagmháil leis na Teachtaí Dála ar an gceist seo agus chomh maith leis sin tá Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) ar an eolas faoin bhfadhb, agus beidh siadsan ag bualadh leis an Roinn Oideachais go luath. Tá Gaelscoileanna Teo ag súil le cruinniú a eagrú leis an Roinn iad féin go luath freisin, agus leis an Aire Oideachais nua, Ruairí Quinn TD.

Faoin gcóras nua, tá suas le 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin, caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoir agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás sé scoil. Ardófar líon na ndaltaí sna ranganna agus beidh go leor ranganna measctha ann le líon ard daltaí iontu dá bharr. Bheadh ar roinnt scoileanna idir 17-23 dalta sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 leis na múinteoirí thuasluaite a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu den chuid is mó. Ag seoladh an fheachtais in aghaidh na n-athruithe seo, in Áras na Comhdhála, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Dé Máirt, labhair Uachtarán Gaelscoileanna Teo, Mícheál Ó Broin, faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus é á chosaint. “Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na Gaelscoileanna, atá beag, trí chóimheas daltaí le múinteoir a cheadú atá níos fabhraí ná an gnáthchóimheas,” a dúirt sé. “D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna Gaelscoileanna, ar a náirítear cur i bhfeidhm curaclaim iomláin trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint. Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fabhraí. Tá cinneadh na Roinne an cóimheas a athrú bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.”

I láthair ag an ócáid Dé Máirt bhí Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta i nGaelscoil Phádraig i mBaile Breac, Co. Átha Cliath, Hilda de Róiste. “De réir an sceidil nua do cheapachán múinteoirí ó Mheán Fómhair 2011, caillfimid post amháin agus bhíomar ag súil go mbeimis i dteideal múinteoir breise a fhostú i Meán Fómhair 2011 bunaithe ar na seanfhigiúirí,” ar sí. “Tá forbairt agus fás tagtha ar Ghaelscoil Phádraig in ainneoin cuid mhaith deacrachtaí ar nós easpa aitheantais ar feadh dhá bhliain, easpa airgid agus easpa foirgnimh. Táimid i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste agus níl stádas DEIS againn, cé go bhfuil sé ag na scoileanna eile sa cheantar. Táimid fós lonnaithe i suíomh beag sealadach i seomraí réamhdhéanta, agus anois, tagann buille uafásach eile! Níl sé seo cothrom in aon chor. Conas is féidir le héinne a rá go bhfuil sé inghlactha iarraidh ar scoileanna 20 páiste sa bhreis a thógáil isteach i Meán Fómhair 2011, in aon bhuille amháin, lena gcuid múinteoirí a choinneáil? Conas is féidir leis an Roinn é sin a chosaint? Is ionsaí é an cinneadh seo ar an nGaelscolaíocht a bhréagnaíonn ráitis an Rialtais go bhfuil tábhacht agus éifeacht ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Ba chóir don Roinn an cinneadh seo a aistarraingt láithreach.”

Athrú radacach, tromchúiseach atá san athrú seo a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéireas éifeachtach foghlama an pháiste. Dar le Gaelscoileanna Teo, beidh ‘impleachtaí tromchúiseacha’ ag an athrú ar fhostaíocht múinteoirí. Is é Caoimhín Ó hEaghra atá ina Ard-Rúnaí ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, agus cháin seisean freisin cinneadh an rialtais. “Braitheann ár scoileanna go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí poist agus níl painéal ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoileanna an Fhorais Pátrúnachta fós, cé gur aontaíodh i bprionsabal leis an Roinn go gcruthófaí painéal don Fhoras in 2004. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach de na scoileanna, ardaítear ceisteanna maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Tá an Foras Pátrúnachta tiomanta chun cinntiú nach ndéantar dochar don oideachas lán-Ghaeilge agus táimid ag tacú go láidir leis an bhfeachtas seo,” a dúirt sé. D’éiligh Mícheál Ó Broin cothrom na féinne don ghaelscolaíocht agus ‘beart de réir briathair’ ón Rialtas. “In ainneoin na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a d’aithin ról lárnach na nGaelscoileanna, tá tacaíocht á bhaint ón earnáil seachas tacaíocht bhreise a bheith tugtha mar ba chóir,” ar sé. “Ardaíonn an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Is buille marfach i ndiaidh buille marfach atá ag teacht. Ní hamháin go bhfuil na Gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís. Éilím ar an Aire nua an cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.”

Increase in pupil-teacher ratio

Márta 21, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ruane: Teach Irish in every Northern Ireland school

Márta 21, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »