Méid an Téacs

Globe trotter speaking up for our mother tongue

Meán Fómhair 21, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Méadú ar an líon a rinne béaltriail

Meán Fómhair 21, 2011

Fógraíodh torthaí an Teastais Shóisearaigh Dé Céadaoin seo caite, agus as 56,930 dalta a thug faoin Teastas Sóisearach, thug 48,349 acu sin faoin nGaeilge.

Leis an mbéim bhreise atá á chur ar an mbéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta, le 40 faoin gcéad de na marcanna ag brath uirthi, tháinig méadú ollmhór ar líon na ndaltaí a thug faoin mbéaltriail roghnach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, le  méadú ó 1,687 sa bhliain 2010, go dtí 4,300 dalta i mbliana.  Anuas air sin, tháinig méadú ar líon na scoileanna a thairg an bhéaltriail roghnach i mbliana, ó 54 scoil in 2010 go dtí 94 scoil in 2011.

Foinse

Ceiliúradh scoile

Meán Fómhair 21, 2011

Tá Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, ag ceiliúradh bhunú na scoile tá 40 bliain ó shin.

Tá údarás na scoile le hAifreann a eagrú sa scoil Dé Domhnaigh, 2ú Deireadh Fómhair ag 3pm le buíochas a ghlacadh as an méid atá curtha i gcrích ó bunaíodh í.  Is é Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, a bheidh mar phríomhcheiliúraí ag an Aifreann agus beidh fáiltiú sa scoil ina dhiaidh. Cuireann lucht na scoile fáilte roimh iarscoláirí, iarmhúinteoirí agus bhaill eile de chairde an choláiste ag an ócáid.

Eolas: coláiste_iosagain@eircom.net nó 01-2884028

The Irish Times – Pól Ó Muirí

Cruinnithe Poiblí maidir le Gaelscoileanna Nua

Meán Fómhair 20, 2011

Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar seo faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.

Tuilleadh eolais: Preas Ráiteas an Fhorais Pátrúnachta

Cruinnithe Poiblí:

Baile an Chairpintéaraigh ar an 26/09/2011, 20:00 – 21:00
Draíocht, Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Bhlainséir

Tamhlacht: Baile an Fhoirtcheirn, Teach na Giúise/An Seanbhábhún, Iarthar Tamhlacht/Citywest ar an 27/09/2011, 20:00 – 21:00
Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh (N81), Tamhlacht

Baile Chill Dara ar an 28/09/2011, 20:00 – 21:00
Ionad Oideachais Chill Dara, Friary Road, Baile Chill Dara

Students lured by added value of oral Irish exam

Meán Fómhair 20, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Seoladh An Traein: leabhrán ar an aistriú do pháistí ón naíonra chuig an scoil lán-Ghaeilge

Meán Fómhair 16, 2011

Ó 2009 ar aghaidh tá Forbairt Naíonraí Teo. agus Gaelscoileanna Teo. ag obair ar thionscadal taighde faoin aistriú ón naíonra go dtí an ghaelscoil, urraithe ag Foras na Gaeilge agus ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Mar thoradh ar an taighde sin, déanta ag an Dr. Máire Mhic Mhathúna, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tá leabhrán, An Traein, le moltaí agus eolas do mhúinteoirí agus do stiúrthóirí naíonraí maraon le páipéar cúlra curtha le chéile agus seolfar an leabhrán in Áras Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath 2 ag 15.00 Dé Máirt seo chugainn, 20 Meán Fómhair.

Bíonn tionchar fadtéarmach ag aistriú maith ón naíonra go dtí an bhunscoil ar chumas foghlama na bpáistí tríd an mbunscoil ar fad. Tá sé d’aidhm ag an leabhrán, An Traein, cabhrú le stiúrthóirí naíonra, le múinteoirí gaelscoile, agus tríothusan le páistí agus le tuismitheoirí/caomhnóirí, an t-aistriú ón naíonra go dtí an ghaelscoil a dhéanamh go réidh, socair, sásúil.

Pléitear na príomhathruithe sa timpeallacht fhisiciúil, na hathruithe sóisialta agus féiniúlachta agus na hathruithe oideachasúla a mbíonn páistí ag dul in gleic leo agus iad ag aistriú ón naíonra/réamhscoil go dtí an bhunscoil. Tugtar cuntas inti ar na saintréithe a bhaineann leis an luath-thumoideachas agus ar chúrsaí teanga sna naíonraí agus sna gaelscoileanna. Déantar cur síos ar obair an naíonra agus ar shúgradh mar mhodh foghlama ag páistí óga.

Dar le Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta, “is tréimhse an-tábhachtach i saol linbh í an tréimhse forbartha idir 0 agus 6 bliana d’aois. Trasnaíonn an tréimhse seo an t-am a chaitheann páistí i naíonraí agus i ranganna na naíonáin sa bhunscoil. Mar sin beidh ana-chabhair sa leabhrán nua seo don dá leibhéal agus tá súil againn go rachaidh sé chun leasa na bpáistí.”

Agus é ag tagairt don leabhrán dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teo. “Tá cosúlachtaí níos cinnte ag teacht chun cinn anois maidir leis an modh oibre atá i ranganna na naíonáin agus sa naíonra. Léirítear seo tríd an creatchuraclam don luath-óige, Aistear, agus i gcuraclam na naíonáin sa bhunscoil. Tugann an páipéar cúlra atá ar fáil don leabhrán seo léiriú ar na cosúlachtaí seo maraon le léiriú ar an gcreatlach náisiúnta cáilíochta a bhaineann le hardchaighdeáin i gcúram agus in oideachas na luath-óige, Síolta, caighdeáin a dhéanann tagairt shonrach don aistriú ón réamhscoil chuig an bhunscoil. Is rud nuálach í a leithéid de leabhrán bheith ar fáil do scoileanna agus do naíonraí agus táimid ag tnúth leis an toradh a fheiceáil thar na blianta romhainn.”

Chun an leas is fearr a bhaint as an taighde tá súil ag an dá eagraíocht scéim phíolótach a chur sa tsúil le linn 2012 chun an dea-chleachtas bunaithe ar thorthaí agus ar fhianaise a chinntiú. Beidh an scéim seo ina chabhair mhór do naíonraí agus gaelscoileanna sa todhchaí, leis an gcleachtas is fearr agus is úsáidí a aithint agus a chur i bhfeidhm chun an t-aistriú is oiriúnaí agus is éasca a chinntiú do pháistí.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Is féidir tuilleadh eolais faoin eagraíocht a fháil ó www.gaelscoileanna.ie

Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí. Tuilleadh eolais ar fáil ó www.naionrai.ie.

Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

A thuilleadh eolais:

Forbairt Naíonraí Teoranta

Clíona Frost 086-0403709

Gaelscoileanna Teo.

Nóra Ní Loingsigh 01-8535191/ 087-6737560

Cruinnithe Poiblí á eagrú chun Gaelscoileanna Nua a Bhunú

Meán Fómhair 16, 2011

Beidh An Foras Pátrúnachta ag reáchtáil cruinnithe poiblí ag deireadh na míosa le hoscailt Ghaelscoil nua i mBaile an Chairpintéirigh, Baile Chill Dara agus Tamhlacht  a phlé. Cuirtear fáilte roimh chách.

Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar seo faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.

Beidh Caoimhín Ó hEaghra, ard-rúnaí An Fhorais Pátrúnachta, ag caint ag na cruinnithe faoi bhuanna agus  láidreachtaí  an phátrúin do Ghaelscoileanna. Ag tagairt don tábhacht a bhaineann le hoscailt Ghaelscoileanna nua sna ceantair seo, dúirt Ó hEaghra, “Feictear dúinn go bhfuil gá le Gaelscoileanna nua sna ceantair fháis seo mar gheall ar an mborradh atá feicthe ar Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Tá fás suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair seo le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go mbeidh méadú ar an éileamh ón bpobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge. Táimid ag súil go dtacóidh an pobal áitiúil linn agus go bhfeicfimid Gaelscoileanna nua ag teacht chun cinn i 2012 agus 2013.”

Beidh urlabhraí agus príomhoidí Ghaelscoileanna ag caint ag na cruinnithe seo chomh maith ar an nGaeilge, ar oideachas lán-Ghaeilge agus a bheidh ar fáil le ceisteanna a fhreagairt.

Léirigh an Daonáireamh 2006 go bhfuil 42.2% de dhaonra Chill Dara ina gcainteoirí Gaeilge agus go bhfuil fás tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge ó 394,240(Daonáireamh 2002) go 410,669(Daonáireamh 2006) i mBaile Átha Cliath, rud a chuireann in iúl go bhfuil suim iontach mór ann sa Ghaeilge agus go bhfuil margadh ann do Ghaelscoileanna nua sa chontae.

Fuair An Foras Pátrúnachta deimhniú ón Roinn Oideachais go mbeidh 20 bunscoil nua á mbunú acu sna sé bliana amach romhainn. Tá sé cinntithe go mbeidh bunscoileanna nua ag oscailt i gceantar Bhaile an Chairpintéirigh, i mBaile Chill Dara agus i dTamhlacht. Tá An Foras Pátrúnachta ag súil leis an oiread tacaíochta gur féidir a fháil ón bpobal sula gcuirtear na hiarratais go dtí an Roinn, ar an 7ú Deireadh Fómhair, 2011.

Tá réimse staidéir déanta a léiríonn go n-éiríonn le daltaí le hoideachas lán-Ghaeilge ard-caighdeán acadúil a bhaint amach, tá sé níos fusa dóibh an tríú teanga a fhoghlaim, forbraíonn siad tuiscint agus oscailteacht ar chultúir eile agus forbraíonn siad feidhmiú cognaíoch i leith cruthaitheacht agus cumarsáid.

Irish language youth club

Meán Fómhair 16, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach

Meán Fómhair 15, 2011

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go mbunófar Ciorcal Comhrá Iarscoile do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an fómhar seo.

Díreoidh an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail. Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 19 Meán Fómhair. Leanfaidh an ciorcal ar feadh sé seachtainí ó 19 Meán Fómhair go 24 Deireadh Fómhair. An táille don tréimhse ná EUR15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar  085 1340047.

The Nationalist – Glór Cheatharlach
13 Meán Fómhair 2011

An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha

Meán Fómhair 14, 2011

Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i do cheantar-sa?

“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar shraith seimineár atá á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.  Le linn an tseimineáir, cuirfear an pobal ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, d’fhonn plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach ina gceantar féin. Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i  nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.

Tuilleadh eolais: www.gaelport.com nó 01 6794780

Foinse – Nuacht na hEarnála

« Previous PageNext Page »