Méid an Téacs

Cainteanna ar bun maidir le eagraíocht oideachais náisiúnta a bhunú

Deireadh Fómhair 18, 2011

Tá Gaelscoileanna Teoranta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbun comhphlé faoi láthair maidir leis an dá eagraíocht oideachais a chomhnascadh le chéile.

Glacadh le rún ag comhdháil bhliantúil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) ag an deireadh seachtaine i nGaillimh go leanfar leis na cainteanna idir an dá eagraíocht.

Cuireadh tús leis na cainteanna bliain ó shin agus dar le Blathnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta gur mhór an buntáiste a bheadh ann go mbeadh aon eagraíocht amháin in ann labhairt go húdarásach maidir le ceisteanna a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, ceapann sí go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i dtaobh oideachais trí mheán na Gaeilge á gcomhlíonadh i mbealach comhordaithe amach anseo.

Faoi láthair bíonn ESG ag feidhmiú laistigh de cheantair Ghaeltachta amháin agus faigheann sí maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Bíonn Gaelscoileanna Teoranta ag cur tacaíochta ar fáil  d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal lasmuigh de cheantair Ghaeltachta agus tá an eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tá na heagraíochtaí ag súil go mbeadh an dá mhaoinitheoir sásta páirt ghníomhach a ghlacadh sna comhchainteanna seo agus táthar ag súil le freagra  go luath ó na maoinitheoirí maidir le struchtúir mhaoinithe.

Tiocfaidh deireadh le maoiniú ESG ag deireadh na míosa seo chugainn agus níl aon chinneadh glactha go fóill maidir le maoiniú na heagraíochta amach anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Postanna i mbaol i nGaelscoil i Sligeach

Deireadh Fómhair 18, 2011

Tá imní léirithe ag Gaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach go mbeidh ar an scoil beirt mhúinteoir a ligean chun siúil ag deireadh na míosa mar gheall ar chinneadh a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna deireadh a chur leis an gcóimheas daltaí le múinteoirí fabhrach a bhí ann i ngaelscoileanna.

Tá an scoil lonnaithe i gcóiríocht shealadach ó bunaíodh é sa bhliain 1996 agus tugadh le fios i dtuarascáil sláinte agus sábháilteachta a rinneadh sa bhliain 2009 go raibh na ranganna scoile ró-phlódaithe agus róbheag do na 177 dalta a bhíonn ag freastal ar an scoil. Tiocfaidh méadú ar líon na bpáistí sna ranganna go léir mar thoradh ar an gcinneadh dar le Mícheál Ó Broin, príomhoide na scoile.

Beidh ar an Príomhoide  filleadh ar ais ar an seomra ranga mar gheall ar an gcinneadh agus dúirt sé inniu go raibh ceisteanna ann maidir le dearcadh na Roinne Oideachais i leith an ghaeloideachais.

“ Is buille marfach i ndiaidh buille marfach atá ag teacht” a dúirt an Príomhoide, “agus tá an cinneadh bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin.”

Tá sé den tuairim go bhfuil  bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas agus go bhfuil an cinneadh ag teacht salach ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a d’aithin ról lárnach na ngaelscoileanna.

Bhí an Príomhoide ag labhairt ag lá oscailte a reáchtáladh do na meáin sa scoil. Tá an scoil ag éileamh ar an Aire tarraingt siar ar an gceist.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Coláiste Ghlór na Mara – Cláraigh Anois!

Deireadh Fómhair 17, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Clár speisialta ‘Céilí House’ le buaiteoirí Siansa Gael Linn 2011!

Deireadh Fómhair 13, 2011

Beidh buaiteoirí Siansa Gael Linn 2011, an grúpa ‘Éile’,ó Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach, le cloisteáil ar an aer le linn Seachtain Mhór Cheoil RTÉ 2011 !  Craolfar clár speisialta den sraith iomráiteach ‘Céilí House’  leis na ceoltóirí óga  ar RTÉ Raidió 1, Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair ag 9.02p.m.
Is iad baill an ghrúpa ná Deirdre Ní Mhaoláin, Máire Ní Riain, Ellen Ní Ghormáin, Marta Ní Ghlinn, Emma Ní Dhubháin, Eimear Ní Mhaolain, Sophie De Buitléir agus Zoe Stedje.
Páirteach sa chlár chomh maith beidh a múinteoirí, Holly Geraghty, a sheinnfidh an cruit agus an consairtín,  Bernadette Nic Gabhann a bhainfidh ceol den scoth ón bhfidil, agus Príomhoide na scoile,Aedín Ní Bhriain, a chanfaidh go binn ! Mar is iondúil, is é Kieran Hanrahan a chuirfidh an clár  i láthair agus beidh Peter Browne i mbun léirithe.  Ná caill é !

Alt le Gael Linn

Gaelscoil na Cille – Tríocha Bliain faoi Bhláth

Deireadh Fómhair 13, 2011

Go bliantúil, is lá mór an chéad lá Meán Fómhair do dhaltaí scoile ach b’ócáid thar a bheith speisialta í i mbliana do phobal Ghaelscoil na Cille, i gCill Dhéagláin, Contae na Mí. Bhí císte mór, balúin agus aíonna speisialta ann ar an lá mar tá tríocha bliain slánaithe ó thosaigh céad príomhoide na scoile, Pádraig Ó Dufaigh, a chomhghleacaí Eibhlín Pléamonn agus buíon beag páistí amach ar an mbóthar mar scoil nua.

Sna blianta sin, tá oiliúint faighte ag breis is míle daltaí agus is iomaí duine díobh seo a chuir a bpáistí féin ag Gaelscoil na Cille freisin. Is iar-scoláirí beirt d’fhoireann teagaisc na scoile, Clár Ní Thuathail agus Deirdre Nic Uaid, agus bhí Clár i measc na scoláirí nua ar an lá stairiúil sin i 1981. Tá iliomad iar-scoláirí ina múinteoirí gaelscoile ar fud na tíre freisin, rud atá ina chúis áthais don scoil.

Tá clár cuimsitheach d’imeachtaí eagraithe ag an scoil chun deis cheiliúrtha a thabhairt do dhaltaí is tuistí an lae inniu, chomh maith le hiar-thuistí, iar-scoláirí agus an pobal áitiúil. I rith na bliana, reáchtálfar Dinnéar Comórtha, Aifreann Buíochais, Taispeántas Faisin, Clasaic Gailf agus Lá Spraoi. Féachann pobal Ghaelscoil na Cille chun na todhchaí le mórtas agus muinín tar éis Tríocha Bliain Faoi Bhláth.

Ceiliúradh 25 bliain i nGaelscoil Ultain

Deireadh Fómhair 13, 2011

Rinneadh comóradh ar chúig bliana is fiche d’oideachas trí Ghaeilge i mBaile Mhuineacháin ag tús Meithimh 2011 agus Gaelscoil Ultain ag ceiliúradh 25 bliain a bunaithe. Bhí clár mór d’imeachtaí leagtha amach ag Coiste Eagraithe na hócáide.

Bhunaigh baicle de thuismitheoirí faoi stiúir Bhrendán Ó Dufaigh  Gaelscoil Ultain i Meán Fómhair 1986. D’fhreastail 23 páistí ar an scoil ar an chéad lá agus anois, 25 bliain níos moille, tá 244 ar na rollaí.

Bhí Lá Ceiliúrtha faoi leith ann ar an Domhnach, 5 Meitheamh.

Cuireadh tús leis an lá le hAifreann ceiliúrtha san Ardeaglais. Bé an tAthair Chester, séiplíneach na scoile a bhí mar cheiliúraí, agus chuir Cór Ghaelscoil Ultain agus grúpa ceoil uirlise (a chuimsigh an fhoireann, scoláirí agus tuismitheoirí na scoile) an ceol ar fáil.
Bhí Maidin Oscailte sa scoil i ndiaidh an Aifrinn agus bhailigh pobal na scoile ó inné agus inniu le chéile le súil a chaitheamh ar bhóithrín na smaointe.

Bí an Oíche Cheiliúrtha in Óstán an Hillgrove, príomhimeacht na deireadh seachtaine. Ar an oíche seo sheol Rita Nic Amhlaoibh, cigire bunscoile agus tuismitheoir sa scoil, leabhar faoi stair na scoile. B’é Príomhoide na scoile, Joe Ó Gallchóir a chuir an leabhar álainn, Ceathrú Céid ar an Chnoc, le chéile.

Chuir ball eile foirne, Seán Ó Máirtín físeán faoi stair na scoile i láthair ar an oíche chomh maith.

Bhain achan duine sult as an bhia agus as an oíche ceoil leis an ghrúpa Goitse.

Cuireadh dhá imeacht ceiliúrtha eile ar siúl níos luaithe sa scoilbhliain do dhaltaí na scoile; sraith ceardlann de Dhamhsa ar an Sean Nós le Ger Butler agus ceolchoirm le John Spillane.

Ní dhéanfar dearmad ar an cheiliúradh go ceann fada!!!

A bit Irish

Deireadh Fómhair 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Minister must demand better return on Irish language spend

Deireadh Fómhair 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Seimineáir faoin siollabas nua Gaeilge

Deireadh Fómhair 12, 2011

Tá beartaithe go dtiocfaidh siollabas nua i bhfeidhm don scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht in 2012.

Tá Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus An Chomhdháil ag reáchtáil seimineáir do mhúinteoirí Gaeilge lena aghaidh. Chuirfidh ionadaithe seimineáir ar fáil i Sligeach  ar 13 Deireadh Fómhair, i gCathair Luimnigh  ar 27 Deireadh Fómhair,  i gCill Airne  ar 04 Samhain agus i  Má Nuad  11 Samhain.  Tá múinteoirí ó Chorcaigh a ghlac páirt i gceann de na seimineáir a bhí ar siúl le déanaí. Tá gach eolas ar fáil faoi seimineár thuas ó Saffron Rosenstock, 01 6398448.

Foinse

‘Cuireadh Chun Cainte’ ar fud na tíre!

Deireadh Fómhair 5, 2011

‘Cuireadh Chun Cainte’ ar fud na tíre!

Cuireadh cóip den DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’ chuig gach scoil sna 26 contae an tseachtain seo caite, agus sna seachtainí romhainn, cuirfear sraith de sheimineár ar fáil do bhaill Chomhar na Múinteoirí Gaeilge chun iad a chur ar an eolas faoi na bealaí is fearr leas a bhaint as an DVD mar áis teagaisc.

Treoir phraiticiúil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge atá sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte,’ atá curtha i láthair ag Marcus Lamb, dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh.

Beidh dúshlán ag baint leis an siollabas nua a thiocfaidh i bhfeidhm don Ardteistiméireacht sa bhliain 2012.  Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal a bheidh ann agus beidh sé dúshlánach freastal ar riachtanais daltaí ag gach leibhéal cumais. Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail: Fáiltiú, Léamh na Filíochta, Cur síos ar Shraith Pictiúr agus Comhrá.  Tugann an DVD seo eolas duit ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.

Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfidh an ghné seo na daltaí ar a suaimhneas agus iad ag ullmhú don scrúdú.  Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.  Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cuidiú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú.

Tá lámhleabhar, agus cártaí sracfhéachana ar fáil ar an DVD mar chúnamh do mhúinteoirí agus do dhaltaí, chomh maith le taifead den láithreoir, Marcus Lamb ag léamh na ndánta. Is féidir na hábhair a phriontáil ón DVD féin, nó a íoslódáil ó www.gaelport.com/cuireadhchuncainte.

Tá an pacáiste teagaisc seo oiriúnach do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon agus tá sé feiliúnach do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht, Gaelcholáistí agus scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Chuir ionadaithe ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár ar fáil do mhúinteoirí Chorcaí an tseachtain seo caite maidir le Béaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta, agus sna seachtainí romhainn díreofar ar Phort Laoise (04 Deireadh Fómhair), Cora Droma Rúisc (11 Deireadh Fómhair), Sligeach (13 Deireadh Fómhair), Luimneach (27 Deireadh Fómhair), Cill Airne (04 Samhain) agus Má Nuad (11 Samhain).

Tá gach eolas ar fáil faoi amanna agus ionaid na seimineár thuas ach glaoch ar Saffron Rosenstock, 01 6398448.

Chuir An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, agus Líonra Proifisiúnta Múinteoirí maoiniú ar fáil don áis teagaisc ‘Cuireadh Chun Cainte’.

©Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »