Gaelscoil na Lochanna
Samhain 7, 2011
Cupla focal goes hi-tech with ‘app’ for children
Samhain 7, 2011
Lá Oscailte – Institiúid Oideachais Marino
Samhain 4, 2011
Spéis agat a bheith i do Mhúinteoir Bunscoile?
Lá Oscailte: An Satharn, 19 Samhain 2011 ó 11 r.n. – 4 i.n. in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.
1. Céim B. Oid.,
2. Ardteastas San Oideachas (Bunmhúinteoireacht)
3. agus B. Eol. i Léann an Oideachais á dtairiscint ag Coláiste Mhuire.
Tuilleadh eolais: Irene Kelly ag 01-8057730 nó Irene.kelly@mie.ie
Quinn supports proposal to abolish Junior Certificate
Samhain 4, 2011
Exam focus to be reduced in Junior Cert overhaul
Samhain 4, 2011
COMÓRTAS EALAÍNE na NOLLAG le Cló Iar-Chonnacht
Samhain 3, 2011
An Nollaig seo, tá Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh ar ár gcuid léitheoirí óga caipín ealaíontóra a chur orthu féin agus pictiúr a tharraingt bunaithe ar théama na Nollag. Seol do phictiúr Nollag, mar aon le d’ainm, an rang a bhfuil tú ann, múinteoir an ranga, agus ainm agus seoladh na scoile chugainn ag: Comórtas Ealaíne, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Nó ar r-phost ag cloiar@iol.ie i bhfoirm jpeg.
Gheobhaidh na buaiteoirí duais dóibh féin agus duais dá scoil. Beidh GACH pictiúr sa chomórtas le feiceáil sa ghailearaí ar-líne ag www.cic.ie
DUAISEANNA
Dearbhán €100 do tháirgí Chló Iar-Chonnacht do scoil an bhuaiteora.
Dearbhán €25 Smyth’s Toys don bhuaiteoir féin.
COMÓRTAS 1
Naíonáin bheaga go Rang a Dó.
COMÓRTAS 2
Rang a Trí go Rang a Sé.
SPRIOCDHÁTA
Dé hAoine, 16ú lá Nollaig, 2011.
NÓTA
Fógrófar na buaiteoirí go poiblí agus cuirfear scéala chuig na buaiteoirí iad féin agus a scoil. Níl dul thar bhreith na moltóirí.
Plean na bliana don Straitéis Teanga foilsithe inniu
Samhain 3, 2011
Foilsíodh plean forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge inniu, 2 Samhain.
Sa phlean tá cur síos ar na gníomhaíochtaí is mó a bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag díriú orthu i gcaitheamh na bliana 2011, cuid acu atá bainte amach cheana féin agus roinnt gníomhaíochtaí eile atá le tionscnamh roimh dheireadh na bliana.
Leagtar amach sa phlean na struchtúir agus na grúpaí leasmhara a bheidh ag plé le forfheidhmiú na Straitéise ina measc, coiste rialtas faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, grúpa oifigeach sinsearach, grúpa idir-rannach agus grúpaí oibre ardleibhéil.
Bunófar trí ghrúpa ardleibhéil roimh Earrach 2012 agus beidh siad go léir ag plé le réimsí ar leith sa Straitéis, ina measc grúpa ardleibhéil ar chur i bhfeidhm na straitéise; grúpa ardleibhéil ar ghníomhaíochtaí i réimse an oideachais agus grúpa ardleibhéil chun díriú ar fhiontraíocht sa Ghaeltacht.
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i Mí na Nollag 2010 agus tá sé mar sprioc ag an Straitéis líon na ndaoine a labhraíonn na Gaeilge a ardú ó 83,000 go 250,000 agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú faoi 25%.
Tá deimhnithe sa phlean go bhfoilseofar Bille Gaeltachta in 2012 agus go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 roimh dheireadh na bliana.
Deirtear freisin go bhfógrófar scéim nua in áit Scéim Labhairt na Gaeilge faoi Nollaig 2011 agus go ndéanfar anailís ar na limistéir phleanála teanga faoi Nollaig 2011
Chomh maith leis sin deirtear go gcuirfear tús le hathbhreithniú ar eagraíochtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht roimh Nollaig 2011. Deirtear sa phlean go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 Seachtain a thionscnamh maidir le dréacht-scéimeanna an Fhorais do na heagrais bhunmhaoinithe.
Thug an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D le fios inniu go mbeidh an Roinn ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an dréachtphlean forfheidhmithe trí bliana 2012-2014 go luath.
©Foilsithe ar Gaelport.com
Groups apply for school patronages
Samhain 3, 2011
Cluiche nua – Ardrí
Samhain 3, 2011
Sa chluiche cláir spleodrach lándaite seo d’óg agus aosta, caithfimid Fionn mac Cumhaill a thabhairt go cúirt an Ardrí i dTeamhair. Le cabhrú leis, tá an banghaiscíoch Bómall, Bodach an Chóta Lachna, an Bradán Feasa, Diarmaid ó Duibhne, agus cairde na Féinne. Ach tá a chuid naimhde ag fanacht linn freisin — Goll mac Morna, Conán Maol, an fathach Ailéan, an Giolla Deacair, ollphéisteanna, arrachtaigh, sluaite sí, agus go leor leor eile!
Le cabhair ó COGG, tá an cluiche cláir seo á chur ar fáil i gcomhar leis an tsraith nua leabhar ‘Fionn’. Tá an chéad dá leabhar sa tsraith ar fáil anois, An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna, agus beidh an cluiche cláir ar fáil i siopaí ar fud na tíre faoi Shamhain 2011, nó le fáil tríd an bpost ar an suíomh seo.
Tá lacáistí móra á dtairscint ag Leabhar Breac ar orduithe ó scoileanna ach glaoch orainn ag 091 593592 nó scéala a chur chugainn ag eolas@breacan.ie.
Múineadh na Gaeilge le plé ag Seimineár an Oireachtais
Samhain 2, 2011
Beidh ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge éagsúla i mbun cainte ar mhúinteoireacht agus ar mhúineadh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo i gCill Airne ag seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge.
Beidh an seimineár, atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge, ag plé na ceiste “An gcuirfear oiliúint shásúil Ghaeilge ar ár múinteoirí?”
Is iad Áine Lawlor, Príomhfheidhmeannach ar An Chomhairle Mhúinteoireachta, Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach ar An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Seán Ó Coinn, atá ina leas-phríomhfheidhmeannach agus stiúrthóir séirbhísí Oideachais, Foras na Gaeilge agus Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta a bheas mar aoichainteoirí ann.
Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, mar chathaoirleach ar an seimineár agus dar leis tá gá aghaidh a thabhairt ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí sa Straitéis, is é sin sin múineadh na Gaeilge.
“Tá fás agus borradh na teanga ag brath go mór ar an gcóras oideachais agus ar ár múinteoirí sa tír seo, áit a áirítear idir mhúinteoirí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeilge araon, mar sin is ceist ríthábhachtach í”, a deir sé.
Tosóidh an seimineár ag 11 r.n Dé Sathairn, 5 Samhain, in Ostán an Gleneagle i gCill Airne.
Beidh fáiltiú i ndiaidh an tSeimineáir ag 1 i.n agus seolfar cúrsa Rith 2012 agus Feasta mhí na Samhna chomh maith.
©Foilsithe ar Gaelport.com