Méid an Téacs

Aighneacht GAELSCOILEANNA TEO. maidir le Samhail Nua Mhaoinithe Foras na Gaeilge

Márta 30, 2012

Aighneacht faoin Samhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge ó GAELSCOILEANNA TEO.

Coláiste Feirste – Múinteoir le Béarla á lorg

Márta 29, 2012

Is é an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste é Coláiste Feirste. Is scoil chuimsitheach í a fhreastalaíonn ar riachtanais gach ábaltachta.

Tá sé tiomanta don tsíorfhorbairt agus don síorfheabhsú agus bíonn deiseanna maithe don fhorbairt ghairme ann. Tréimhse mháithreachais le clúdach (Meán Fómhair 2012 – Feabhra 2013)

Múinteoir le Béarla

Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh an t-iarrthóir in ann Spáinnis ag EC3 a theagasc fosta.

Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil, glaoitear ar:-
Coláiste Feirste
Guthán:+0044 (0)28 90320707 nó is féidir foirm a iarraidh ar sheoladh ríomhphoist:- rmhicanlia963@c2kni.net

Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste roimh:  12:00 meánlae 19 Aibreán 2012

Is fostóir comhdheiseanna Coláiste Feirste

Tá tuilleadh eolais faoin scoil ar fáil ar:www.colaistefeirste.com

Buntáistí an Dátheangachais

Márta 28, 2012

Físeán ó Ollscoil Illinois, Chicago maidir le buntáistí an dátheangachais: http://bilingualismresearch.com/2012/02/20/benefits-of-bilingualism/

Multilingualism – also for children with an auditive or communicative disability

Márta 28, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Léacht maidir le Pátrúnacht agus Iontaíobhaíocht sa chóras oideachais ar RnaG

Márta 28, 2012

Craolfar léacht le hÁine Hyland, Ollamh Emeritus le hOideachais, OÉ Corcaigh – “Pátrúnacht agus Iontaíobhaíocht sa chóras oideachais: idéalachas agus an Dlí” ar Dé hAoine 30 Márta ar Glór Anoir, 5.04i.n.-5.45i.n.

Léacht é seo a thaifead Raidió na Gaeltachta ag Seimineár de chuid na Meithle Stráitéise, Taighde agus Tionscnamh, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, Coiscéim agus Gael Linn, ar an 12 Samhain 2011).

Múinteoir Eolaíochta de dhíth i Loch Garman

Márta 28, 2012

Tá múinteoir eolaíochta le bitheolaíocht agus eolaíocht talmhaíochta ag teastáil láithreach go dtí deireadh na scoilbhliana i gcomhair scoil lán-Ghaeilge i gContae Loch Garman (20 uair).
Cuir glaoch ar Mheánscoil Gharman nó seol ríomhphost chuig meanscoil@meanscoilgharman.com , má tá suim agat sa phost sin.

Uimhir teileafóin 053-9235796 / 086-3838378

Gaelscoil Chaladh an Treoigh – Seachtain na Gaeilge

Márta 27, 2012

Thugamar cuireadh do Ghaelscoil Ó Doghair teacht ar cuairt chugainn ar an 13 Márta le linn Seachtain na Gaeilge. Tháinig Rang III agus Rang V agus an príomhoide agus bheirt oide ranga ina dteannta. Bhí ceoltóirí ó Ollscoil Luimnigh linn ón 10 go dtí a 12 ag casadh ceoil agus amhráin dúinn. Rinne siad rince Gaelach agus damhsa ar an seannós freisin. Bhí lón mór againn le muintir Ollscoil Luimní agus le daltaí Ghaelscoil Ó Doghair. Phléamar seifteanna difiriúla chun an Ghaeilge a chur i bhfeabhas ar scoil agus d’iarramar ar na daltaí a gcuid smaointe a roinnt lena chéile.

Bhí deis ag na daltaí páirt a ghlacadh i dTráth na gCeist agus i gcluichí spóirt tar éis am lóin agus bronnadh duaiseanna orthu roimh dheireadh an lae. Bhí Gaeilge bhreá bhlasta á labhairt i rith an lae.

Ghlac Gaelscoil Chaladh an Treoigh páirt i gCoirm i dTrá Lí le déanaí. Bhuaigh siad dhá ghradam – ceann amháin le haghaidh an ceol a bhain siad úsáid as agus ceann eile don an téama a bhí bainteach leis.

Léiríomar dráma ar a dtugtar na ‘Mucateers’ don fhéile drámaíochta ‘Coirm’ agus don ‘Chomórtas Scoildrámaíochta’. Chuireamar an dráma ar stáitse ar an Aoine seo caite 23 Márta i halla nua na scoile. Thugamar cuireadh do thuismitheoirí, do sheantuismitheoirí, aintíní, uncail agus cairde gach dalta sa scoil freastal ar an seó. Rinneamar a lán oibre chun an drama a léiriú, agus bhí gach éinne an-bhrodúil as Rang a 5. Bhíomar thar a bheith sásta é a chur i láthair os comhair lucht féachana. Ba seó siamsúil é agus bhí sé oiriúnach do pháistí. Lean an seó thart ar tríocha cúig nóiméad. Bhí slua mór ann agus bhí spórt agus spraoi iontach ann.

Le linn Seachtain na Gaeilge rinne gach rang i nGaelscoil Chaladh an Treoigh dán/amhrán/taispeántas/seó difriúil ag tionól sa Halla agus bhain gach rang taitneamh as breathnú ar na ranganna difriúla. Bhí comórtas postaer ar siúl freisin agus thugamar duaiseanna Uibheacha Cásca do na daltaí a bhuaigh. Labhairt na Gaeilge an téama a bhí leis.

Aighneacht ar Shamhail Mhaoinithe Fhorais na Gaeilge

Márta 27, 2012

A chara na gaelscolaíochta,

Tá do chúnamh agus tacaíocht de dhíth orainn chun cur i gcoinne scrios iomlán ar earnáil na Gaeilge deonaí agus earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe.

Gabhaim buíochas mór leo siúd a shínigh an achainí go dáta agus a scríobh aighneachtaí chuig Foras na Gaeilge cheana. Is é an Luan seo chugainn, 2 Aibreán, an spriocdháta do na haighneachtaí. Bheinn buíoch díot as lucht d’aitheantais a spreagadh le é a shíniú freisin.

Thíos, gheobhaidh tú aighneacht shamplach a leagann amach na mór-ábhair imní agus an baol ollmhór atá ann don 19 n-eagraíocht, GAELSCOILEANNA TEO. san áireamh, atá ag treabhadh an ghoirt le blianta fada chun leas na Gaeilge, agus na gaelscolaíochta, inár gcás. Tá fíor-fáilte romhat ábhar na haighneachta iniata a úsáid chun aighneacht a chur le chéile  agus a sheoladh chuig Séan Ó Cearnaigh,  Comhordaitheoir Freagairtí, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 nó ar rphost: eolas@forasnagaeilge.ie.

Aighneacht Shamplach don Phobal

Leagaim amach thíos eolas a d’fhéadfá a úsáid freisin san aighneacht chun tacú linn chur i gcoinne na samhla seo de bharr an scrios a dhéanfar ar earnáil na Gaelscolaíochta agus ar GAELSCOILEANNA TEO. dá bharr.

Bheinn fíor-bhuíoch díot as aighneacht a chur (fiú mura bhfuil ann ach cúpla líne), agus ba mhór agam dá gcuirfeá cóip chugam freisin chun go mbeidh taifead agam ar líon na n-aighneachtaí. Tá sé i gceist ag an bhForas gach aighneacht a chrochadh ar an suíomh láithreach, ach más é do rogha é nach ndéanfar cáipéis phoiblí as, ní mór duit é sin a chur in iúl agus tú á cur faoi bhráid an Fhorais.

Más mian leat aon chuid de a phlé nó treoir bhreise, bheinn an-sásta a chloisteáil uait. Táimid fíor-bhuíoch díot as do chomhoibrithe agus tacaíochta.
Le mór-mheas,
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.

Eolas ábhartha faoi na himpleachtaí d’earnáil na Gaelscolaíochta:

  • Is iad na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír seo baill na heagraíochta agus is na baill a threoraíonn clár oibre na bliana trí na rúin a rithear ag an gCruinniú Cinn Bliana agus trí na héilimh ar chúnamh ar an eagraíocht go leanúnach. Sa chás go mbeadh Foras na Gaeilge ag aithint réimsí na scéimeanna móide na torthaí a mbeifeá ag dúil leo, tá baol an-mhór ann nach mbeadh cur chun cinn na gaelscolaíochta ag teacht le tosaíochtaí ná le mianta na scoileanna. Bheadh baol láidir ann nach mbeadh forbairt na hearnála gaeloideachais ag tarlú i mbealach atá ábhartha do phobal na gaelscolaíochta nó ar bhealach a rachadh chun leasa na hearnála.
  • Tá an clár oibre atá leagtha amach sa tSamhail nua seo go h-iomlán saintreorach. Níl aon áit ann do neamhspleáchas an bhoird ag ceapadh a chuid polasaithe ná clár oibre féin, de réir ár saintuiscint agus saineolas ar an earnáil.
  • Tá saintaithí, saineolas agus saintuiscint léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. le 40 bliain anuas. Bheadh cailliúint an saineagraíocht seo agus a cuid tionscadail, seirbhísí tacaíochta, tograí srl. tubaisteach d’earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge.
  • Tá GAELSCOILEANNA TEO. ionadaíoch ar gach scoil lán-Ghaeilge sa tír, beag beann ar phatrún agus ar shainmheon creidimh. Is í Gaelscoileanna Teo.  an t-aon eagraíocht tacaíochta agus abhcóideachta a dhéanann stocaireachta ar son na scoileanna lán-Ghaeilge go léir ag an dá leibhéal. Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú  scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
  • Chomh maith le deireadh a chur le leanúnachas eagraíochtaí, bainfear de neamhspleáchas na hearnála cláracha oibre eagraíochtúla a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail dá réir de thoradh na moltaí atá ag Foras na Gaeilge.  Gan trácht ar an mbaol do réimse mór scileanna, feasa agus saineolais na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe.
  • Tá GAELSCOILEANNA TEO. i bhfabhar athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa a) earnáil na Gaeilge trí chéile agus b) earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe. Tá an eagraíocht i bhfabhar aon chóras nua a mbeadh seirbhís fheabhsaithe d’ár mbaill mar thoradh air, a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach. Ní fheictear áfach go mbeadh de thoradh ar an athstruchtúrú atá molta ach a mhalairt de sprioc.
  • Tá gá le croí-mhaoiniú leanúnach a bheith ar fáil don earnáil gaelscolaíochta i dtreo is gur féidir an tacaíocht chuí a chur ar fáil go fadtéarmach agus go seasmhach do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus mar thacaíocht dá gcuid pobail.
  • Tá obair riachtanach ar bun ag GAELSCOILEANNA TEO., obair nach bhfuil á comhlíonadh ag aon eagraíocht eile agus obair a bhfuil an-éileamh cruthaithe ann di sa trí mhór-réimse 1) bunú scoileanna, 2) buanú  scoileanna agus 3) forbairt scoilphobail.
  • Tá caomhnú agus tacaíocht leanúnach d’fhás earnáil na gaelscolaíochta riachtanach do chaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo agus riachtanach chun soláthar a dhéanamh do chearta bunreachtúla an tsaoránaigh  ar oideachas trí mheán na Gaeilge.
  • Príomhaidhm na scéime oideachais nua: Tacaíocht a sholáthar i gcomhar leis na páirtithe cuí don ghaelscolaíocht, do theagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc agus imeachtaí idirscoile a reáchtáil. I bhfianaise an méid oibre atá le tabhairt faoi le forbairt a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt don ghaelscolaíocht ag an dá leibhéal níl scóip na scéime seo réadúil, inmholta ná indéanta ar chúiseanna straitéiseacha ná ar chúiseanna maoinithe. Bheadh impleachtaí an-suntasacha ann d’fheidhmiú agus d’éifeacht na hoibre sa dá réimse seo. Tá an dá réimse ró-éagsúil óna chéile le sainriachtanais agus pobail éagsúla acu. Ní ghá ach an oiread go n-aontódh an dá réimse seo lena chéile i gcónaí (mar shampla maidir le caighdeán agus dúshláin na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste).
  • Scorfar foireann GAELSCOILEANNA TEO. agus caillfear a lán saineolais ar an earnáil dá bharr.

I measc moltaí GAELSCOILEANNA TEO., áirítear:

  1. Moltar don bhForas fianaise a chur ar fáil don earnáil trí chéile ar na ceisteanna seo:-
  2. An straitéis as a dtáinig bunús na samhla. Ní mór go léireofaí nasc láidir idir aon samhail nua mhaoinithe agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, straitéis Fhoras na Gaeilge agus ról na n-eagraíochtaí iontu.
  3. An taighde ar a bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe bunaithe.
  4. An bunús pleanála teanga atá leis an tSamhail.
  5. Eolas faoin anailís costas-tairbhe agus / nó cost-éifeacht a bhaineann leis an gcuíchóiriú molta .
  6. Tá saineolaithe idirnáisiúnta sa phleanáil teanga ag moladh go ndéanfaí coincheap na Samhla a chaitheamh i dtraipisí de bharr go ndéanfaidh sí dochar aimhleasach don teanga. Tá sé riachtanach go dtuigfeadh an earnáil cur chuige an Fhorais gan sainchomhairle a leanúint.
  7. Cruthúnas a thabhairt ho mbeidh na hathruithe molta chun leas na Gaeilge.
  8. Tá buiséad de €21M ag an bhForas, caitheadh €7.2M de sin ar na heagrais bhunmhaoinithe. Eolas a thabhairt faoin athbhreithniú atá beartaithe ar an €13.8M de sin atá á chaitheamh ar thuarastal, costais agus seirbhísí tosaigh an Fhorais féin.
  9. Luaitear sa cháipéis chomhairliúcháin go bhfuil an ocht ndréachtscéim molta chun riar ar thosaíochtaí straitéiseacha agus ar bhunphrionsabail phleanála teanga. Ní mór eolas a thabhairt don phobal ar cé na bunphrionsabail seo agus na tosaíochtaí straitéiseacha atá i gceist.

Bainisteoir Nua Tionscadail Trasphobail Ceaptha ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Márta 27, 2012

Ceapadh María Ní Bhuadáin ar na mallaibh mar bhainisteoir ar an tionscadal Le Chéile Trí Chultúr (urraithe ag an Chiste Idirnaisiúnta d’Éirinn-CIÉ). Is as Coillidh Chlochair, taobh amuigh den Ómaigh i gContae Thír Eoghain.

Bhain sí comhchéim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis amach in Ollscoil na Banríona sa bhliain 2005. Phill sí ar an Ollscoil an bhliain dár gcionn agus bhain sí PGCE amach sna Nuatheangacha. Bhain sí MA san Aistriúchán amach sa bhliain 2010.

Sular thosaigh sí ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta, chaith sí trí bliana ag obair leis an Chlár Teangacha Bunscoile (Regional Primary Languages Programme) agus roimhe sin arís, theagasc sí i gColáiste Feirste.  Is mór an gar Maria bheith againn!

Le Chéile Trí Chultúr-Together Through Culture

Féachann Le Chéile Trí Chultúr (LCTC) – a rinne Comhairle na Gaelscolaíochta a fhorbairt – féachann sé le hathmhuintearas, comhthuiscint agus comhroinnt idir Aontachtaithe agus Náisiúnaithe a chur chun cinn trí dhaltaí scoile ón dá thraidisiún a thabhairt i gceann a chéile leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a fhoghlaim agus a phlé.

Féachfaidh LCTC le bacainní idir an dá phobal i dtaca le teanga, cultúr agus oidhreacht a leagan tríd eolas, tuiscint agus feasacht ar an Ghaeilge a mhéadú, trína léiriú go mbaineann an Ghaeilge le gach duine a chónaíonn ar oileán na hÉireann, trí thagairtí do logainmneacha, sloinnte, ceol agus trí roinnt bunfhocal agus bunabairtí Gaeilge a theagasc.

Scrúdóidh LCTC gach gné de cheist na teanga i dTuaisceart Éireann, le clár cuimsitheach a thabharfaidh deis do dhaoine bheith ag plé leis an Ghaeilge ar bhealach neodrach pléisiúrtha.  Ní cúrsa teanga atá i gceist, ach cúrsa saibhrithe sa léann Gaelach, bíodh is go mbeidh mír ann, ar ndóigh, a bhainfidh le foghlaim na teanga.

Is í bunsprioc LCTC an mistéir, an drochamhras agus an pholaitíocht a ghabhann leis an Ghaeilge a chealú trí dhaltaí a chur ar an eolas gur cuid dá n-oidhreacht í an teanga agus gur rud í a úsáideann siad – gan fhios dóibh féin, b’fhéidir – ina ngnáthshaol laethúil.

Beidh LCTC ag plé le gach earnáil oideachasúil, trí chomhpháirtíochtaí a chruthú agus naisc a chothú le cineálacha éagsúla scoileanna.  Ina measc seo beidh scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna rialaithe agus imeasctha ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon agus le scoileanna CSCC ag leibhéal iar-bhunscoile go príomha.

Féachfaidh LCTC lena chinntiú go méadófar na deiseanna oideachasúla a bheidh ag rannpháirtithe agus go dtiomsóidh siad chucu féin eolas, scileanna agus taithí a chuirfidh lena gcumas mar indibhidigh agus mar rannpháirtithe gníomhacha sa tsochaí.

Is féidir le LCTC oibriú ag leibhéil éagsúla a bheadh oiriúnach do scoileanna agus d’fhéadfaí é a dhéanamh mar chuid den Domhan Thart Orainn nó den léann Saorántachta nó é a fhorbairt mar shnáithe i gcláir roghnacha na scoile féin.

Buaiteoirí Scléip 2012

Márta 26, 2012

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i gcraobh ceannais Scléip 2012, bhí lá den scoth againn ar an 24 Márta in amharclann an Axis, Baile Munna. Ghlac 15 scoil páirt sa chraobh, agus bhí an-rath ar an imeacht. Bhí triúr i mbun moltóireacht ar an seó, Sinéad ní Uallacháin, Tomaí Ó Conghaile agus Jen ní Mhathúna, agus bhí  sé an-dian orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis na buaiteoirí toisc feabhas na tallainne a bhí ar stáitse rompu. Mholadar na hiomaitheoirí uile as an dul chun cinn a bhí déanta acu ó na réamhbabhtaí, ba léir go ndearna gach éinne an t-uafás cleachtadh! Tar éis go leor plé, chuireadar na torthaí thíos in iúl don slua. Gabhaimid buíochas leo as an sár-obair ar fad, agus gabhaimid buíochas chomh maith leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus an lucht tacaíochta a thug oiread spreagadh do na rannpháirtithe uile. Guímid gach rath ar na hiomaitheoirí; is cinnte go bhfuil tallann agaibh agus tá súil againn sibh a fheiceáil ar stáitse arís amach anseo, bíodh sin ag Scléip 2013 nó san o2!

Na buaiteoirí rannóige ná:

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
Cór Cois Life, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath (sóisear)
Na Comrádaithe, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (aonair):
Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
Kym Gartry, Coláiste de hÍde (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):
Saoirse ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sóisear)
Dearbhail Ní Mhurchú, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):
Áine Pollock agus Sinéad Ní Buachalla, Coláiste de hÍde (sóisear)
Na Jaffa Cakes, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)

Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):
Cé sa diabhail í Alice? Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
Naomh Smirnoff, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
Clíona Ní Ghallchoir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
Grúpa Ceoil an Daingean, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)

Rogha na Moltóirí:
Scléipeoirí, Coláiste Chilliain

Grand Prix 2012:
Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh

Tá grianghraif ón lá le feiceáil sa ghailearaí. Má tá grianghraif nó físeáin agat féin den ócáid, ba mhór linn dá sheolfá chugainn ar ríomhphost iad: cspainneach@gaelscoileanna.ie.

Next Page »