Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge le plé san oirdheisceart

Meán Fómhair 18, 2012

Ar an gCéadaoin 17 Deireadh Fómhair agus ar an Déardaoin 18 Deireadh Fómhair beidh seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i nDúrlas Éile agus i mBaile Loch Garman agus i lár mí na Samhna beidh seimineár in Killashee House i Nás na Ríogh.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Is ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha a bheidh an ócáid seo ag freastal.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid i dTúrlas Éile ar an 17 Deireadh Fómhair beidh Ciarán Mac an Bhaird atá ina Léachtóir le Gnó agus Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Labhróidh Lisa Ní Choisdealbha arbh as Ros Cré ó dhúchas í ar a taithí féin ina post mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI).

I measc na gcainteoirí eile beidh Billy Clancy, Comhairleoir Contae i dTiobraid Árann Thuaidh agus Ciara Considine atá ina hOifigeach Margaíochta agus Riarthóir Feidhmiúcháin in Ollscoil Luimnigh.

Ar an Déardaoin beidh seimineár ar siúil in Óstán Whites i gceartlár bhaile Loch Garman áit a ndéanfaidh an t-iar-iománaí le Loch Garman Diarmuid Lyng cur síos ar a phost mar Múinteoir Gaeilge agus an deis a thug an Ghaeilge dó oibriú mar anailísí spóirt le TG4.

Tabharfaidh an Dr Séamus Ó Diollúin léargas ar a chuid oibre mar léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus déanfaidh an Teachta Dála Antóin Ó Díomasaigh cur síos ar an tábhacht atá ag baint leis an teanga. Chaith Antóin seal mar bhainisteoir ar fhoireann peile agus iománaíochta Loch Garman agus tabharfaidh sé léargas ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael.

D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta naoi gcinn déag de na seimineáir seo timpeall na tíre le breis is trí bliana anuas agus go dtí seo éiríonn thar barr leo, le suas le cúig mhíle dalta scoile as 168 iar-bhunscoil i láthair ag na seimineáir seo go dtí seo.

Táthar ag súil go mbeidh an cur i láthair seo spreagúil, spleodrach, agus go rachaidh an taithí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Ar ndóigh, cuirfear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na hAoichainteoirí labhairt.

Beidh seastáin eolais agus ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdháil.ie

Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.

Foilsithe ar Gaelport.com

€75,000 ceadaithe ag an Aire mar thacú don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh

Meán Fómhair 18, 2012

Tá deontas €75,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Dinny McGinley i leith costas reáchtála ranganna aclaíochta i mbunscoileanna Ghaeltacht Chonamara.

Ceadaíodh an deontas do Mhuintearas Teo. don scoilbhliain 2012/2013 mar thacú d’fhorbairt an Chláir Thacaíochta Teaghlaigh sa cheantar, ag treisiú chur i bhfeidhm leanúnach an chláir trí thionscadail phobail.

Ag fógairt an deontais dúirt an tAire, “Is céim phraiticiúil eile í seo i gcur i bhfeidhm an chuid sin den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh atá dírithe ar thacú le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil páistí bunscoile acu atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil trí Ghaeilge”.

Seo an dara deontas de chuid na Roinne a bronnadh ar Mhuintearas Teo., togra pobail agus oideachais Ghaeltachta, le seachtain anuas. D’fhógair an tAire Stáit McGinley deontas €762,378 ar an gCéadaoin seo caite, a bheidh á roinnt idir Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne, le cur le seirbhísí teanga sna scoileanna Gaeltachta, rud atá mar “chuid dhílis de chur i bhfeidhm córasach an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh”.

I mí Aibreáin na bliana seo fógraíodh forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar ghné shuntasach den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh. Díríonn an Scéim ar shaibhreas Gaeilge pháistí Gaeltachta a threisiú trí sheirbhís cúntóra teanga a chur i bhfeidhm i scoileanna Gaeltachta.

Fógraíodh ag tús an tsamhraidh go dtiocfaidh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, cúnamh tacúil do thuismitheoirí ar mian leo a gcuid páistí a thógáil trí Ghaeilge, in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, an cúnamh Rialtais a bhíodh i bhfeidhm sna blianta atá imithe thart. Faoin gclár nua atá á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ní íocfar aon deontas le rannpháirtithe, rud a bhíodh á dhéanamh sa seanchóras, agus cuirfear seirbhís phraiticiúil agus éascaithe i bhfeidhm ina áit.

Cuireadh síos ar an gclár nua mar ghréasán náisiúnta tacaíochta do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Cúnamh praiticiúil atá sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a dhíríonn ar theaghlaigh Ghaeltachta go príomha ag a bhfuil sé mar sprioc acu an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga, agus déanfar teaghlaigh áirithe lasmuigh den Ghaeltacht a chlárú freisin.

Déanann an clár freastal ar gach cineál grúpa idir theaghlaigh atá ag súil le páiste agus theaghlaigh Ghaeltachta ina bhfuil páistí réamhscolaíochta nó déagóirí. Cuirtear cúnamh ar fáil do theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga cheana féin agus teaghlaigh ar mian leo í a bheith mar phríomhtheanga. Cuireann an clár pacáistí eolais ar fáil dá rannpháirtithe a chuireann síos ar na seirbhísí tacaíochta oideachais agus sláinte atá ar fáil do theaghlaigh arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga. Anuas air sin, scaipfear eolas breise maidir le buntáistí agus na modhanna is fearr le páistí a thógáil trí Ghaeilge.

Tá gach eolas maidir leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ie/AnGhaeltacht/ClairTheangalarnaithe/AnClarTacaiochtaTeaghlaigh.

Foilsithe ar Gaelport.com

Suíomh nua d’iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Meán Fómhair 18, 2012

Tá suíomh nua www.ceacht.ie ar fáil anois do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.
Is éard bheidh i gceist leis, ná ábhar foghlama agus clár teagaisc Gaeilge d’iar-bhunscoileanna atá nua-aimseartha agus dúshlánach a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.

Is tionscadal é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Is í Siún Ní Mhaoinaigh, Stiúrthóir an tionscadail seo agus tá Aoife Ní Chonchúir agus Úna Nic Gabhann ag obair air chomh maith.

Beidh ábhar nua á chur leis an suíomh go rialta le linn na scoilbhliana.

  • Acmhainní don Teastas Sóisearach
  • Acmhainní don Ardteistiméireacht
  • Podchraoltaí
  • Físe, Fuaim
  • Feachtas Teanga

Beidh an suíomh seolta go hoifigiúil ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Naoise Ó Muirí ar an 28 Meán Fómhair 2012. Breis eolais le fáil ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Foilsithe ar Gaelport.com

Séasúr úr Chiorcal Comhrá Cois Teallaigh

Meán Fómhair 18, 2012

Agus an Fómhar arís linn beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag cur mhuintir na hardchathrach ag labhairt agus ag comhrá le chéile trí mheán na Gaeilge gach tráthnóna Luain ar feadh ocht seachtaine.

Cuirfear tús leis an séasúr nua den Chiorcal comhrá ar an Luan, 01 Deireadh Fómhair 2012.

Seo deis iontach do dhaoine feabhas a chur a gcuid Gaeilge labhartha in atmaisféar neamhfhoirmiúil agus bualadh le cairde nua ag an am céanna.

Ionad:
Cois Teallaigh (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge)
46 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2

Am: 4:00 – 5.30in gach tráthnóna Luain

Costas: €12 an duine ar tréimhse 8 seachtaine

Dátaí: 01 Deireadh Fómhair – 26 Samhain 2012
(Ní bheidh aon chiorcal comhrá ann an deireadh seachtaine saoire bainc i mí Dheireadh Fómhair.)

Míle fáilte roimh chách a bheith i láthair agus taitneamh a bhaint as an gcomhluadar agus cupán deas tae nó caife.

Ma ta spéis agat a bheith inár gcuideachta seol ríomhphost chuig Brígíd brighid@comhdhail.ie nó cláraigh d’ainm linn ag: 01 679 4780

Surveys on primary school patronage to begin

Meán Fómhair 18, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Líofa 2015 ag Ceiliúradh bliain ar an bhfód

Meán Fómhair 18, 2012

Ar an 22 Meán Fómhair i gCearnóg Theach an Chustaim i mBéal Feirste beidh ceiliúradh mór ar siúl ag Líofa 2015 agus iad ag ceiliúradh blain ar an bhfód.

Tá an lá seo dírithe ar dhaoine atá ag tabhairt faoin dúshlán Líofa. Tá sé dírithe ar an fhoghlaimeoir, ar dhaoine atá fiosrach faoin Ghaeilge ach fáilte roimh an domhan is a mháthair!

Ar an lá bheidh tacaíocht, eolas agus cúnamh ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus anuas air sin beidh ceiliúradh mór le neart imeachtaí gaelacha.

Beidh an craoltóir cumasach leis an BBC Lynette Fay mar bhean an tí ar an lá agus i measc na n-aíonna beidh an banna ceoil bríomhar Goitse, ceol le JJ Ó Dochartaigh, Popamhráin as Gaeilge, Nodlaig Brolly, Cláirseoir as Dún Geimhin, beidh neart spraoi agus Cleasaíocht choiméide leis na Fanzini Brothers agus Ariel Killick ó Independent State of Happiness i measc na gceoltóirí agus amhránaithe beidh Cór Loch Lao.

Dáta: Satharn, 22 Meán Fómhair 2012

Am: 1–4pm

Ionad: Cearnóg Theach an Chustaim, Béal Feirste

Tuilleadh eolais: R: líofa@dcalni.eu / T: 028 90515008

Ranganna Gaeilge Beo anois ag Gaelchultúr don éileamh idirnáisiúnta

Meán Fómhair 18, 2012

Beidh ranganna Gaeilge Beo ag tosú ag Gaelchultúr an mhí seo de bharr an éilimh mhóir idirnáisiúnta.

Is féidir le haon duine in aon pháirt den domhan freastal orthu. Tá méadú mór ag teacht ar líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga agus tá 4,000 mac léinn ag déanamh staidéir uirthi ag an tríú leibhéal i Meiriceá agus i gCeanada. Tá cúig dhuine dhéag in ann a bheith páirteach sa rang seo.

Beidh teagascóir le feiceáil ar an scáileán, agus beidh deiseanna ann chun áiseanna difriúla a úsáid, Powerpoint, físeáin, clár bán agus comhaid fuaime ina measc. Aon duine a glacann páirt sa rang beidh siad in ann ceisteanna a chur agus beidh taifead iomlán ar fáil idir fhís agus fhuaim más mian leo breathnú siar ar rang ar bith ar líne.

Chun páirt a ghlacadh sa rang beo, níl ag teastáil uait ach ríomhaire agus ceangal idirlín. Ní bheidh aon bhogearra le híoslódáil agus is féidir ceamara a úsáid chomh maith. Beidh na ranganna beo ar líne ag tosú ar an 24 Meán Fómhair 2012, ar feadh deich seachtaine. Is rang dhá uair an chloig oíche amháin sa tseachtain ag an mbonnleibhéal agus an meanleibhéal atá i gceist.

Tá ranganna oíche á reáchtáil ag Gaelchultúr chomh maith leis na ranganna beo san fhoirgnimh nua ar Shráid an Chlárigh, Baile Átha Cliath 2. Is féidir ranganna a dhéanamh i gCeatharlach, Corcaigh agus Luimneach. Gach bliain tá breis is 4,000 duine fásta ag dhéanamh cúrsaí Gaeilge le Gaelchultúr idir ranganna nó ar líne.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi ranganna Ghaelchultúir ag www.gaelchultur.com.

Young teachers take the pain

Meán Fómhair 18, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Parents get vote to take schools out of control of the Church

Meán Fómhair 18, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Tionól Teagaisc 2012

Meán Fómhair 17, 2012

Ábhar ríméid don tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge a fhógairt go reáchtálfar an dara Tionól Teagaisc i mbliana i nGaillimh ar an Aoine 9 agus Satharn 10 Mí na Samhna 2012.

Beidh Oscailt Oifigiúil agus Dinnéar na Comhdhála san Óstán Ardilaun tráthnóna Aoine.

D’fhreastail 440 múinteoir ar an gcéad Tionól anuraidh agus de bharr an aiseolis an-dearfaigh a fuarthas, níl aon amhras ann ach go mbeidh éileamh ollmhór ar an gceann seo freisin!

Cuirfear réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil a sholáthróidh smaointe nua agus ábhar suimiúil gur féidir a úsáid láithreach sa seomra ranga Gaeilge.

Múinteoirí Gaeilge a bhfuil suim nó saineolas ar leith acu i ngné éigin de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a bheidh ag cur na gceardlann seo i láthair, ag roinnt a gcuid taithí agus eolais.

Leis an téama An Chumarsáid sa Ghaeilge: guthanna ón seomra ranga i mbliana, díreofar ach go háirithe ar straitéisí agus ar chur chuigí achothaíonn labhairt na Gaeilge. Ina theannta sin, beidh saineolaithe éagsúla ag labhairt, beidh líon mhór seastán ann agus beidh deis iontach ann bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.

Tuilleadh eolais:
An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge
Ionad Oideachais Átha Luain
Bóthar Mhaigh Droma
Átha Luain
Co. na hIarmhí

Fón: 0906-420401
Rphost: oifig@muinteoirgaeilge.ie

Suíomh: www.muinteoirgaeilge.ie

« Previous PageNext Page »