Méid an Téacs

Cúntóir Naíonra

Lúnasa 16, 2013

Cúntóir lán-aimseartha á lorg do Naíonra Chaitlín Maude i mBaile Átha Cliath 24.
Post cúntóir naíonra agus cúntóir curam tar éis scoile atá i gceist.
Is gá líofacht sa Ghaeilge agus Fetac leibhéil 5, ar a laghad, a bheith ag iarratasóirí.
Déan teagmháil le Aisling ag naionra.cm@gmail.com
Foilsithe ar Gaelport.com 

 

Planning decision due on Gaelscoil de hÍde next month

Lúnasa 16, 2013

By the start of next month, Gaelscoil de hÍde in Oranmore, will know whether it has received planning permission for its new school.

The application follows a grant of outline planning permission and the purchase of the site by the Department of Education earlier this year. This current application is seeking approval for the construction of a twostorey school with 16 classrooms, a general purpose room, library, resource and other rooms.
A decision is due from the Galway County Council on September 3. Independent Galway West TD Noel Grealish has welcomed the application, pointing out that the school has 292 pupils and 20 staff, all of whom are housed in temporary accommodation on a halfacre site, with no playground space, or other facilities. The annual rental cost of prefabs is €200,000.

www.advertiser.ie/galway

Ceardlann Seodra Cré-umhaois

Lúnasa 16, 2013

le Lidia de Lange 

Saor in aisce / FREE

Spásanna teoranta, tá sé le cur in áirithint. 
Limited spaces please book in advance.

091-870718
—————————–
Tá Seachtain Oidhreachta s'Againne buailte linn arís.
Má tá leanaí agat bí cinnte agus iad a thabhairt chuig ceardlann Seodra Cré-umhaois saor in aisce, do leanaí 9-12 bliana d'aois, an Déardaoin seo chugainn.

Ceardlann Seodra Cré-umhaois

Déardaoin 22ú Lúnasa, 11.00 a.m.—12.30 p.m. 

Aois: 9—12 bliana, buachaillí & cailíní
Ionad: Cúl an Tí, Baile Locha Riach

Eolas: 091 870 718
Dátheangach, le beagán Béarla.
 

Campa Amhránaíochta agus Damhsa

Lúnasa 16, 2013

19-23 Lúnasa 2013

Mainistir na hEiscire, Baile Átha an Rí, Co na Gaillimhe

Eolas: 
087-1953884 / 087-9192381 / 086-8070335

Spriocghrúpaí:
•  Páistí 4-8 d’aois atá á dtógáil le Gaeilge (tuiste amháin ar a laghad)
•  Páistí 9-13 d’aois atá á dtógáil le Gaeilge (tuiste amháin ar a laghad)

Ag cosaint sábháilteacht leanaí: fógra faoi fhóin chliste agus grianghraif a thógáil

Lúnasa 16, 2013

Tá a fhios ag an domhan mór is a mháthair go bhfuil an-chuid buntáistí ag baint le húsáid fón cliste sa lá atá inniu ann. Seo ráite, is gá do thuismitheoirí agus d’fhostaithe naíonraí a bheith thar a bheith cúramach agus iad ag tógáil grianghraf de leanaí más rud é go bhfuil siad le cur ar líne. Go minic bíonn seirbhísí suímh (location services) casta air go huathoibríoch ar fhóin chliste i ngan fhios d’úinéirí, mar go mbíonn gá leo do léarscáileanna agus do ghnéithe eile den chineál sin. Mura bhfuil na seirbhísí suímh seo casta as do ghrianghraif agus go ndéanfar grianghraif a uaslódáil ar líne is féidir le beagnach gach duine an suíomh ina thógtar iad a fheiceáil. Is cinnte gur ceist slándála atá sa mhéid seo nuair is leanaí atá i gceist. Déantar cur síos ar an mhéid seo san fhíseán. Chun na seirbhísí suímh seo a chasadh as téigh isteach go dtí Settings/Privacy/Location Services agus múch Ceamara. Murach sin, beidh tú ag íoslódáil sonraí faoin áit ar tógadh do chuid ghrianghraif ar d’fhón póca mar shampla, do sheoladh baile, scoil/naíonra do pháistí, srl.

Féach an físeán ar www.naionrai.ie

Súil Siar – Lá na Chéad Chomaoineach

Lúnasa 16, 2013

Is lá mór é an lá a ghlactar an chéad chomaoineach agus is beag duine nach bhfuil cuimhne acu ar an lá sin, ach cad faoi na hullmhúcháin uilig a bhíonn le déanamh roimh ré?

An brú a bhíonn ort agus tú ar scoil chun na paidreacha uilig a fhoghlaim mar is ceart, agus cleachtadh arís agus arís eile a dhéanamh ar an dóigh ba choir duit an comaoineach a thógail.

Agus is cinnte ar an lá go ndéanafaidh duine éigin dearmad cé acu an lámh chlé nó an lámh dheis ar choir a bheith ar bharr an chinn eile. Gan trácht a dhéanamh ar an fhaoistin a dhéanamh den chéad uair an tseachtain chéanna.

Tú i do shuí sa teach pobail le do chomhghleacaithe ag fanacht le dul isteach chuig an sagart, tú ag iarraidh cuimhne a dhéanamh ar na peacaí uilig atá déanta agat go dtí seo? Seo ar fad ag gabháil fríd d’intinn agus an scuaine ag iaraidh níos lú agus níos lú… cá mhead ‘Ár nAthair’ agus ‘Se do bheatha Mhuire’ a bheith ort a rá ina dhiaidh?

Cibé cuimhne atá agat ón aifreann féin, nó ó na rudaí éagsúla a dhéanann tú ina dhiaidh, is lá speisialta é ar go leor bealaí. Inniu ar ‘Súil Siar’ cluinfidh muid ón seisear Maggie Uí Ghallchóir, Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir fán lá a fuair siad a gcéad chomaoineach.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Rith Maratón Bhaile Átha Cliath 2013 le Forbairt Naíonraí Teo.

Lúnasa 15, 2013

Rith do thodhchaí na Gaeilge agus don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí!

An bhfuil dúshlán uait? Suim agat an maratón a rith i mbliana?

An bhfuil carthanacht roghnaithe agat? An féidir leat €50 a thiomsú?

Tá rannpháirtithe á lorg ag an eagras neamhbhrabúis Gaeilge Forbairt Naíonraí Teoranta chun an maratón a rith ar a son i mbliana.

Rachaidh an t-airgead a bhailítear chun leasa naíonraí na tíre chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí réamhscoile Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil don chéad ghlúin eile.

Cuirfidh FNT plean traenála, t-léine don rás féin agus teastas i ndiaidh an rása ar fáil dóibh siúd atá sásta rith ar a son.

Beidh deis ag reathaithe bheith páirteach i ngrúpa reatha lánGhaeilge freisin agus iad i mbun traenála.

Má cheapann tú go bhfuil sé ar do chumas tabhairt faoin dúshlán seo téigh i dteagmháil le Caoimhín ag caoimhin@naionrai.ie nó le Seán ag sean@naionrai.ie .

Eagraithe i gcomhpháirtíocht le Rith 2014.

Feighlí Linbh á lorg i gConamara

Lúnasa 15, 2013

Tá Au Pair/feighlí linbh á lorg ag teaghlach atá ina chónaí in aice leis an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe chun aire a thabhairt do bheirt bhuachaillí atá 3 bliana d’aois agus naoi mhí d'aois.

Is cainteoir dúchasach é fear an tí agus tá Gaeilge líofa ag máthair na mbuachaillí freisin.

Labhraíonn siad Gaeilge leis na gasúir. Bheadh sé feiliúnach go duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú. 

Cuir glaoch ar Ailish ar 087 – 6134388 go luath má tá spéis agat sa chúram seo.
 
Foilsithe ar Gaelport.com 

Comhordaitheoir/Teagascóir & Comhordaitheoir Cúnta

Lúnasa 15, 2013

2 fholúntas in Áras Inis Gluaire 

Tá comhordaitheoir /Teagascóir & comhordaitheoir Cúnta/Teagascóir ag teastáil do Chlár oiliúna/oibre (Leibhéal 5 FETAC) atá urraithe ag FÁS faoin gclár Tionscnamh Áitiúil Oiliúna.

Tá sonraí maidir leis na riachtanais do na poist seo le fáil ar www.arasinisgluaire.ie nó tá gach eolas ar fáil ó cora@arasinisgluiare.ie
Ní mór d’iarratais iomlán a bheith faighte roimh Dé hAoine, 30 Lúnasa 2013.
          
Seoladh poist: 
Cora Lally                              
Áras Inis Gluaire
Béal an Mhuirthid
Co. Mhaigh Eo

nó chuig an seoladh ríomhphoist: cora@arasinisgluaire.ie

Áras Inis Gluaire
Tá ionad ealaíon agus cultúir Áras Inis Gluaire lonnaithe i gceartlár Bhéal an Mhuirthead i gcontae Mhuigh Eo.  Is ionad dhátheangach í seo le háiseanna den scoth agus ó cheann ceann na bliana bíonn réimse leathan d’imeachtaí idir ceolchoirmeacha, taispeántais, áiseanna d’imeachtaí óige drámaí mar aon le go leor eile ar siúl ann.

Anuas ar seo tá amharclann le 170 suíochán san ionad mar aon le háit gailearaí a bhíonn taispeántais éagsúla ann i rith na bliana.
 
Foilsithe ar Gaelport.com 

Stiúrthóir Naíonra

Lúnasa 14, 2013

Tá Crèche Cois Laoi, UCC ag lorg stiúirthóir páirtaimsearach don Naíonra.
Taithí & Gaeilge riachtanach.
Iarratais & C.V. chuig creche@ucc.ie roimh Aoine an 23ú lá de Lúnasa.
Gach eolas ó 021-4901606.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »