‘Ultach’ ar son comhthuisceana
Deireadh Fómhair 14, 2013
An tseachtain seo caite rinne mé tuairisc ar an chomhdháil a d’eagraigh Altram faoin réamhscolaíocht.
Bhí achan duine sásta leis na himeachtaí, ach bhí muid níos mó ná sásta leis na málaí sona a fuair muid ag an deireadh. I measc na n-ábhar oideachasúil a fuair muid bhí dhá leabhrán ó Ultach, nó Iontaobhas Ultach,(an chéad teideal a bhí ag an eagras). ‘An Ghaeilge/The Irish language’ an t-ainm atá ar an chéad leabhrán; ‘Logainmneacha/Placenames’ an teideal atá ar an dara ceann. Is iad na logainmneacha bealach isteach amháin chuig an Ghaeilge. Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin go raibh mé ag dul trí Bhéal Feirste i dtacsaí. Dúirt an tiománaí liom gur Phrotastúnach é agus go mbeadh sé ag déanamh cúrsa Gaeilge: chuir sé spéis sna logainmneacha nuair a bhí sé ag tiomáint thart timpeall na cathrach agus ba mhian leis níos mó a fhoghlaim fúthu. Chuir mé ceist orm féin: ‘Cad chuige a bhfuil sé ag rá sin liomsa?’ Rinne mé dearmad go raibh an Fáinne thuas agam.
Tá an ‘An Ghaeilge/The Irish Language’ thar a bheith maith.Tosaíonn sé le fréamhacha na teanga. Tá píosa ann ar an seanchóras scríbhneoireachta, Ogham. Ansin tá cur síos ann faoi mheath na Gaeilge agus ar an Athbheochan: léirítear tábhacht na bProtastúnach i gcothú na Gaeilge. Tá nótaí ann ar an oideachas, ar na meáin agus ar na healaíona. Tá dhá leathanach ann ar fhocail Ghaeilge sa Bhéarla agus ar fhocail ó theangacha eile sa Ghaeilge. Tá caibidil an-suimiúil ag an deireadh faoi na sloinnte. Tá na leabhráin saor in aisce ó ‘Ultach’, agus tá siad ar an Idirlíon fosta. Is fiú go deo amharc ar an suíomh ultach.org: gheobhaidh tú liosta de na leabhair d’fhoghlaimeoirí a d’fhoilsigh an t-eagras agus de leabhair a scriosann an bhréag gur le pairtí polaitiúil amháin nó le reiligiún amháin í an Ghaeilge.
www.derryjournal.com
Foilsithe ar Gaelport.com 14 Deireadh Fómhair 2013
Derry Journal – Liam Uilliam Eoghain
Dhá Chluiche Nua don Seomra Ranga ó Ghaelchultúr
Deireadh Fómhair 14, 2013
Tá áthas ar Ghaelchultúr dhá chluiche nua don seomra ranga, Réalta an Ranga agus Póstaer Pearsan, a fhógairt.
Réalta an Ranga
Is acmhainn spraíúil agus luachmhar é Réalta an Ranga atá oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon. Cuireann an cluiche deis ar fáil do lucht a imeartha cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, tuiscint a fháil ar an difear atá idir an aimsir láithreach agus an aimsir ghnáthláithreach, agus stór focal úsáideach agus frásaí úsáideacha a fhoghlaim.
Tá trí théama éagsúla i gceist in Réalta an Ranga: gairmeacha beatha, spórt agus ainmhithe. Tá 12 chárta ann do gach téama agus go leor cóipeanna de na cártaí ar fáil chun gur féidir le 32 dhalta an cluiche a imirt ag an am céanna.
Tá na nithe seo a leanas le fáil in Réalta an Ranga:
• 288 cárta álainn ildaite do chluiche tomhais taitneamhach
• leabhrán ina bhfuil treoracha imeartha don chluiche tomhais agus eolas maidir leis an ngramadach atá ag teastáil chun é a imirt.
Póstaer Pearsan
Tá na forainmneacha réamhfhoclacha ar cheann de na gnéithe is deacra de ghramadach na Gaeilge le foghlaim – agus le múineadh. Is gné lárnach den teanga iad, áfach, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidís ar eolas ag daltaí chun gur féidir leo cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge.
Is minic a fhoghlaimítear na forainmneacha réamhfhoclacha de ghlanmheabhair ach nach mbítear ábalta iad a úsáid go cruinn in abairtí. Cabhróidh Póstaer Pearsan le daltaí agus le múinteoirí dul i ngleic leis an deacracht seo agus éascóidh an cluiche idirghníomhach próiseas na foghlama.
Tá na nithe seo a leanas le fáil sa phacáiste:
• breis is 100 cárta daite a bhfuil na forainmneacha réamhfhoclacha priontáilte orthu
• póstaer mór ar a bhfuil pictiúir tharraingteacha agus spásanna leis na cártaí a ghreamú iontu
• leabhrán ina bhfuil treoracha do chluiche spreagúil a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí na forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i gceart
• réimse frásaí a bheidh foghlaimeoirí ábalta a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla agus a chuirfidh go mór lena saibhreas Gaeilge.
Tá Póstaer Pearsan oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon.
Tá siad ar fáil ó oifig Ghaelchultúr www.gaelchultur.com (01) 484 5220 / 1890 252 900 nó trínár siopa ar líne, www.siopa.ie.
Comhdháil uile-Éireann ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa Scoil Lán-Ghaeilge
Deireadh Fómhair 11, 2013
Ar an 9 agus 10 Deireadh Fómhair 2013 reáchtáladh ócáid oiliúna uathúil do bhunscoileanna lán-Ghaeilge ón 32 contae, uair a chuir an an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas comhdháil 2 lá ar siúl ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa Scoil Lán-Ghaeilge. D’éirigh thar cionn leis an gcomhdháil, a dhírigh go huile is go hiomlán ar riachtanais foirne na ceannasaíochta sna scoileanna lán-Ghaeilge.
I measc an breis agus 100 rannpháirtí, bhí príomhoidí agus leas-phríomhoidí ó scoileanna sa deisceart, sa Ghaeltacht agus sa Tuaisceart, a chuir go fonnmhar agus bríomhair leis na seisiún oiliúna agus imeachtaí na comhdála. Deimhníonn an t-aiseolas an riachtanas a bhain leis an gcomhdháil i bhfianaise bearna d’oiliúint ar leith a bheith ann a dhíríonn ar shainriachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge. Deimhníonn rath na comhdhála an fonn foghlama agus fonn forbairt ghairmiúil atá ag ceannasaithe na scoileanna lán-Ghaeilge.
D’aithin an Chomhdháil an iliomad dúshláin bhreise a bhronntar ar cheannasaithe sna scoileanna lán-Ghaeilge agus iad ag forbairt institiúid foghlama agus teagaisc ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge. Pléadh an brú millteanach a bhaineann leis na róil sin ar fad anuas ar an sprioc inmhianaithe pobal agus timpeallacht láidir Ghaeilge a chruthú agus a chothú.
Gabhann an Coiste buíochas mór ó chroí leis na rannpháirtithe uile agus leis na hoiliúnóirí as a dtoilteanas a gcuid saineolais a roinnt agus an malartú saineolais agus dea-chleachtais uile-Éireann a éascú. Déanfar imeachtaí na comhdhála a fhoilsiú laistigh de cúpla seachtain chun go mbeidh sé ar fáil don phobal níos leithne mar áis tacaíochta agus scaipfear go forleathan é.
Táimid an-bhuíoch de na hionadaithe ón dá Roinn Oideachais a chuir go gníomhach le clár na comhdhála agus a léirigh tuiscint agus tiomantas do na tacaíochtaí atá de dhíth ar cheannasaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Aithníonn an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas an riachtanas a bhaineann le tacaíocht iomchuí don iliomad dúshláin a deimhníodh le linn na comhdhála, agus déanfar an téama a choinneáil beo ar chlár oibre an Choiste amach anseo. Ba mhór againn aiseolas a fháil ar fhiúntas na comhdhála ag freastal ar na riachtanais oiliúna is mó atá ag ceannasaithe, agus d’fháilteoimis roimh aiseolas chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie (Cathaoirleach an Choiste).
Gabhann an Coiste buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú a chur ar fáil don Chomhdháil.
Naíonra ar tí druidim
Deireadh Fómhair 11, 2013
Tá sé curtha in iúl go ndruidfidh doirse Naíonra Bhaile Brigín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2014 mar nach bhfuil spás ar fáil dó sa Ghaelscoil áitiúil.
Caillfear ocht bpost agus tá baol ann go gcaillfear lear post eile i naíscoileanna eile ar fud na tíre mar gheall ar chiorruithe.
“Bhí a fhios againn ó thús nach mbeadh na seomraí ar fáil tar éis Mheán Fómhair 2014,” a dúirt Bríd Nic Dhónaill ón naíonra le Seachtain.
“Le costais tógála agus le cíos chomh hard sa cheantar, gan an fordheontas ó Fhorbairt Naíonraí Teo/Foras na Gaeilge ní féidir linn leanúint ar aghaidh. Bhíomar ag brath go hiomlán ar an airgead seo,” a dúirt sí.
Sheol an naíonra 228 litir chuig páistí a bhí ar liostaí feithimh go dtí 2017 ag cur in iúl nach mbeidh spás ann dóibh.
“Is trua anois agus an chéad ghrúpa a bhí sa naíonra ag bogadh ar aghaidh chuig Gaelcholáiste nua sa cheantar go bhfuil deireadh tagtha leis an naíonra,” a dúirt sí.
Chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teo ó 1999 ag deireadh mhí an Mheithimh.
www.irishtimes.com
Comórtas Staire do Scoileanna
Deireadh Fómhair 10, 2013
Comórtas staire uile-oileáin ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’ do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna
Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna in Éirinn agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann ag obair le chéile chun “Deich mBliana na gCuimhneachán” a chomóradh le comórtas staire uile-oileáin do scoileanna.
Tugtar cuireadh do scoláirí ag leibhéil uile na mbunscoileanna agus na n-iarbhunscoileanna ar fud oileán na hÉireann tionscadal a chur isteach a aithníonn eachtra nó duine ar leith ó na deich mbliana 1912 – 1922 agus a scrúdaíonn an tionchar a bhí ag an eachtra sin nó an duine sin ar a gceantar áitiúil. Is féidir le tionscadal díriú ar aon eachtra nó duine ón tréimhse 1912-1922 nó, de rogha air sin, is féidir leis díriú ar thionchar na ndeich mbliana mar iomlán ar an gceantar áitiúil.
Tabharfar duaiseanna do na trí thionscadal staire is fearr i ngach cúige. Cuirfear duais amháin ar a laghad i ngach cúige ar leataobh do bhunscoileanna/daltaí bunscoile.
Fágann sé sin go mbeidh dhá thionscadal déag san iomlán ina mbuaiteoirí. Roghnófar ceann amháin den dá thionscadal déag seo mar bhuaiteoir foriomlán.
Féadfar aitheantas a thabhairt do thionscadail eile a mheasann an painéal breithiúnais go bhfuil fiúntas ar leith leo, trí fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Scoilnet nó ar bhealach eile.
Is é 04 Aibreán 2014 an spriocdháta do thionscadail chríochnaithe agus fógrófar na buaiteoirí, agus bronnfar na duaiseanna, roimh dheireadh mhí Bealtaine 2014.
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.education.ie
Ciorcal Iarscoile do Dhéagóirí
Deireadh Fómhair 10, 2013
Tá teacht anois ar chiorcal iarscoile seachtainiúil i mBaile Locha Riach do dhéagóirí atá sa chéad agus sa dara bliain ar an meánscoil.
Cuirtear cúrsaí obair bhaile a chur san áireamh freisin ach go príomha tá an ciorcal dírithe ar dheis a thabhairt do dhéagóirí labhairt na Gaeilge a chleachtadh agus a chloisteáil. Bíonn an ciorcal ar siúl gach Céadaoin ó 4.15 – 5.15i.n. in Oifig Ghlór locha Riach agus tá táille EUR2 in aghaidh na seachtaine. Tuilleadh eolais ó Ruth ag 091-870718 / oifig@lochariach.com
www.advertiser.ie/galway
An bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag do pháirtí?
Deireadh Fómhair 10, 2013
Tá go leor cainte ann i measc phobal na Gaeilge faoi láthair faoi phleanáil teanga, an Ghaeltacht / an Ghalltacht, athneartú teanga sa phobal is araile. Nuair is cúrsaí an chroí atá i gceist, an amhlaidh an scéal?
D’iarr Meon Eile ar Ghaeilgeoirí an raibh sé tábhachtach go raibh an teanga ag a gcuid leathbhadóirí agus iad i gcomhluadar a chéile.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
VIFAX don Ghaeilge – Nuacht TG4 sa Seomra Ranga
Deireadh Fómhair 9, 2013
Tá an chéad eagrán de VIFAX 2013 ar fáil anois: http://www.nuim.ie/language/vifax/index.shtml
Acmhainn teagaisc agus foghlama atá fíorúsáideach (agus saor in aisce!) don mhúinteoir Gaeilge agus don fhoghlaimeoir féinriartha araon. Ábhar ar fáil ag bonnleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.
The first VIFAX of 2013 is now available. A most useful (and free of charge!) resource for teachers and learners alike, based on weekly TG4 news bulletins. Materials available at elementary, intermediate and advanced levels: http://www.nuim.ie/language/vifax/index.shtml
Feidhmeannach Oibriúcháin UISCE
Deireadh Fómhair 9, 2013
Riachtanais Riachtanach:
- Céim triú leibhéal (NFQ leibhéal a 7 nó níos mó).
- 3 x bliain ar a laghad de thaithí ag obair sa réimse fáilteachas nó ag bainistiú cúrsaí eachtraíochta.
- Ní mór d’iarrathóirí Gaeilge líofa a bheith ar a gcumas acu -T.E.G. Leibhéal C.1 (Ard-caighdeán scríofa + labharta).
- Taithí ag bainistiú buiséid agus ag feidhmiú laistigh de theorainn an bhuiséid sin.
- Ní mór lán-cheadúnas glan a bheith ag iarrathóirí agus a módh iompair féin a bheith acu.
- Módh cumarsáide teileafóin béasach agus gairmiúil.
- Ardscileanna óstacha.
- Ní mór tuiscint feidhmeanach ar ríomhairí agus na córais a bhaineann leo ar bhonn riaracháin.
Riachtanais Inmhianaithe:
- Ceannaire láidir le scileanna cumarsáide idirphearsanta den scoth.
- Go maith ag bainistiú brú le cumas cruthaithe in eagrúcháin, i mbainistíocht ualach oibre pearsanta agus cumas rudaí a chur in óird tosaíochta de réir tábhachta nuair is gá.
- Scileanna cumarsáide – soléir/gonta/éifeachtach.
- Taithí i margaíochta agus i mbolscaireacht tairgí.
- Bheadh taithí éigin le heachtraí uisce inmhianaithe nó taithí in UISCE.
Réimsí Specificiúla:
- Bainisteoir Ghnó Turais Scoile.
- Bainistiú agus eagriúchán ar chur in áirithe do ghrúpaí:
- Gaelscoileanna
- Grúpaí idirbhliana
- Grúpaí 3ú leibhéil
- Óstáil agus Seirbhís chustaiméara- feidhmiú mar áisitheoir do na grúpaí.
- Fadhbanna custaiméara a réiteach go dearfach, tapaidh agus go héifeachtach nuair is gá.
- Róta comhlachta a dhéanamh amach agus bainistiú éifeachtach de bhuiséad páigh.
- Freagrach as cur san áireamh áiteanna do gach seachtain sa bhféilire.
- Cinntiú go bhfuil an róta agus buiséad pá á bhainistiú go héifeachtach.
- Bainistiú na hachmhainní daonna a ghabhann le foireann Eachtraí UISCE.
- Bainisteoir Dualgais ar fáil (lán-cheadúnas glan ag teastáil).
Cumarsáíd le Ranna Oifigiúla:
- Irish Canoe Union
- Irish Surfing Association
- Irish Sailing Association
Aon táscanna eile a bheidh de dhíth ó bainistíocht UISCE, go háirithe i rith séasúir an tSamhraidh.
UISCE – Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
CV chuig – jobs@uisce.ie
Suíomh Idirlín – www.uisce.ie
Gradaim Idirlín do Scoláirí Óga
Deireadh Fómhair 8, 2013
Beidh comórtas idirlín, Gradaim na nDamhán Alla de chuid Eircom, á oscailt go luath do scoláirí óga, chun aitheantas a thabhairt do shaothar teicneolaíochta dhaltaí scoile agus a múinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre.
I measc na gcatagóir uile, tá gradaim ar leith don suíomh Gaeilge is fearr, bíodh sin ina suíomh Gaeilge amháin, nó ina suíomh dátheangach. Is féidir láithreán gréasáin nó blag a chur san áireamh don chomórtas seo, ach go mbeidh an Ghaeilge á húsáid ann ar bhealach cruthaitheach agus nuálach. Tá an catagóir don ‘Suíomh is Fearr’ urraithe ag Foras na Gaeilge.
Roinntear an comórtas i réimsí ar leith: MEGA do bhunscoileanna; GIGA d’ iar-bhunscoileanna, blianta 1-3; agus TERA d’iar-bhunscoileannta, blianta 4-6. Faoi gach aon réimse tá catagóirí ar leith d’ábhar áirithe.
Anuraidh ba iad Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath a thóg leo an duais TERA don suíomh Gaeilge is fearr leis an suíomh ‘Níos Aclaí Anois’ agus bhí an bua ag Coláiste Cholmáin, Maigh Eo sa chatagóir céanna ag leibhéal GIGA lena suíomh ‘Irish Exam Guide’.
Osclófar an comórtas ar an 10 Samhain 2013, agus beidh go dtí 07 Feabhra 2014 ag scoláirí agus ag scoileanna chun cur isteach ar an gcomórtas. Eiseofar an gearrliosta ar an 19 Feabhra 2014, agus bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta ar an 04 Márta 2014, san RDS i mBaile Átha Cliath 4. Beidh deis acu siúd ar fad a bhain an babhta ceannais amach a láithreáin ghréasáin a chur os comhair an phobail ag an ócáid seo.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas seo ar fáil ar www.juniorspiders.ie