Méid an Téacs

Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg 2015

Márta 30, 2015

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go mbeidh ÉIRE, DEN CHÉAD UAIR RIAMH, páirteach i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg 2015. Seó mórthaibhseach 2 uair an chloig a bheidh i gceist, a chraolfar beo as mórchathair éigin san Eoraip i mí na Samhna 2015.

Ar shraith siamsaíochta an fómhar seo, roghnóidh TG4 amhránaí nó grúpa amhránaithe le hamhrán nua-chumtha Gaeilge chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san Eoraip. Tig le daoine óga a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a bheidh ós cionn 10 mbliana d’aois agus faoi bhun 15 bliana d’aois ar dháta craolta an tseó iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo.

Reáchtálfar éisteachtaí i bpríomh-ionaid ar fud na hÉireann. Tuilladh eolais le fáil anseo http://www.tg4.ie/ie/programmes/junior-eurovision-2015.html 

Folúntas: Stiúrthóir Cúnta – An Naíonra KCK, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge

Márta 20, 2015

Stiúrthóir Cúnta
An Naíonra KCK, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra KCK Teoranta le saoire máithreachas a chlúdach ar feadh sé mhí. Beidh an té ceaptha le tosú ag deireadh mí Lúnasa 2015.

Riachtanais:

– Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
– Scileanna cumarsáide láidre
– Gaeilge líofa labhartha agus scríofa
– NFQ Leibhéal 5 i gcúram leanaí
– Traenáil gharchabhrach

Tuilleadh eolais ar fáil agus iarratais le seoladh chuig naionrakck@gmail.com
Beidh gach iarratas fé rún agus príobháideach.

Is fostóir comhionannais deise é An Naíonra KCK Teo.
Dáta Deiridh:
Dé hAoine, 3 Aibreán, 2015

Blitz Tras-Tíre na nGaelscoileanna 2015

Márta 18, 2015

Bhailigh na páistí le chéile ar mhaidin tais chun dul in iomaíocht thar ceithre rás éagsúla sa phárc taobh le Gaelscoil Inse Chór le déanaí. Chuir na cailíní faoi 10 tús le cúrsaí ag rith thar 400m. B’iad Lios na n-Óg a sheas amach sa rás seo agus na scoileanna eile ag iarraidh fanacht leo.

Lean na buachaillí faoi 10 le rás 5oom. Bhí sé soiléir anois go raibh caighdeán fíor láidir i mbliana as na scoileanna eile idir Ghaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Bharra, Gaelscoil Chnoc Liamhna agus Scoil Mológa.

Chuir na cailíní tús len sraith sinsearach thar 600m le cailíní Inse Chór ag troid don chéad áit sa rás seo. Chuir na buachaillí sinsireach críoch le maidin iontach thar 800m agus gan éinne ábalta fanacht le luas an mbuaiteoir ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna.

Siar sa halla bhí soláistí, boinn, teastaisí agus cúpla focail roimh a d’imíomar ar ais chuig ár scoileanna féin agus ag súil len mBlitz 2016!

Blitz

Blitz2

Blitz3

Folúntas: Bainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta leis an bhForas Pátrúnachta

Márta 18, 2015

Bunaithe i 1993 is é An Foras Pátrúnachta an Pátrún is mó ar scoileanna Lán-Ghaeilge agus freastalaíonn sé ar 68 scoil a bhfuil breis is 13000 dalta agus os cionn 600 fostaí acu. Ta sé freagrach as bainistiú na scoileanna ó lá go lá, as bunú scoileanna nua agus as ionadaíocht a dhéanamh dár scoileanna in earnáil Oideachais agus na Gaeilge.

Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh iarratais ar an bpost mar Bhainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta. Is ról sinsearach in earnáil an Oideachais agus na Gaeilge é seo ina mbeidh ról lárnach ag an mBainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta i bhfeidhmiú agus i bhforbairt na heagraíochta. Freagrach don Ard Rúnaí agus do Bhord Stiúrtha An Foras Pátrúnachta beidh an té a cheapfar freagrach as:
• Bainistiú na hoifige trí riarachán a dhéanamh ar chórais chumarsáide, ar thaifid ar chomhdú agus uasdátú a dhéanamh ar bhunachair sonraí
• Fiosrúcháin ó scoileanna nó eile a fhreagairt nó iad a threorú chuig an bhfoinse eolais cuí
• Eolas faoi obair na heagraíochta a ullmhú agus a scaipeadh ar an bpobal
• Eagrú ócáidí/seimineáir eolais
• Painéal Náisiúnta do mhúinteoirí a fheidhmiú
• Próiseas Réamhscrúdú na nGardaí a riaradh
• Comhoibriú le heagraíochtaí Oideachais agus Gaeilge
• Comhairle agus treoir aontaithe a chur in iúl do Bhoird Bhainistíochta
• Tacú le tiomsú airgid agus forbairt sruth ioncaim
• Aon obair eile ar a shocraíonn an bhainistíocht

Beidh na cáilíochtaí & scileanna seo ag an iarratasóir a cheapfar:
• Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal
• Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh (Cáilíocht TEG inmhianta)
• Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin
• Ardscileanna ríomhaireachta
• Taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais
• Ábaltacht oibriú as a stuaim féin
• Tá ceadúnas tiomána agus carr ag teastáil don phost seo freisin

Scála Pá: €38,000 – €45,000.
Téarma: Conradh 3 bliana atá i gceist.
Láthair Oibre: Oifig An Foras Pátrúnachta, Bloc K3, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara.

Seol litir iarratais mar aon le CV chuig foluntais@foras.ie roimh 5:00i.n ar an 27ú Márta 2015. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta. Is fostóir comhionannais deise é An Foras Pátrúnachta.

Tuilleadh eolas: http://www.foras.ie/foluntais-2/

Liosta na bpictiúrlann ina mbeidh Spongebob á léiriú i nGaeilge.

Márta 18, 2015

Beidh Spongebob sna pictiúrlann ón 27ú Márta ar aghaidh. Tá liosta des na pictiúrlanna timpeall na tíre ar léirigh spéis sa leagan Gaeilge le feiceáil thíos:

BÁC CINEWORLD
An Cabhán ODEON
BÁC ODEON BLANCHARDSTOWN
BÁC ODEON COOLOCK
BÁC ODEON STILLORGAN
BÁC ODEON POINT VILLAGE
Luimneach ODEON
Nás ODEON
An Droichead Nua ODEON
Port Laoise ODEON
Port Láirge ODEON
Cill Dhéágláin SHOWTIME
Droichead Átha ARC CINEMA
BÁC IMC SANTRY
BÁC IMC DUN LAOGHAIRE
Gaillimh EYE
Leitir Ceanainn CENTURY
Luimneach SHOWTIME
Bun Dobhráin CINEPLEX
BÁC VUE
Dún Garbhán SGC
 An tInbhear Mór GAIETY
Baile an Chollaig REEL
An Linn Dubh REEL
Cloich na Coillte PARK
Corcaigh CINEMAWORLD
Corcaigh GATE
BÁC MOVIES@DUNDRUM
BÁC MOVIES@SWORDS
Gaillimh IMC
Guaire MOVIES@ GOREY
Mala GATE
Maigh Eo MOVIEWORLD
Mainistir na Corann GATE
Sligeach GAIETY
Béal Feirste ODEON
Cúil Rathain MOVIE HOUSE
BÁC MOVIE HOUSE
Gleann Ghormlaithe MOVIE HOUSE
Doire CINEBOWL
Machaire Rátha MOVIE HOUSE
YORKGATE CITY SIDE MOVIE HOUSE

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha CLiath

Márta 18, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11580/

Folúntas: Múinteoirí do Chúrsaí Samhraidh i gColáiste Ó Direáin

Márta 16, 2015

Spriocdháta: 19ú Márta 2015

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Príomhoide Teagaisc i nGaelcholáiste Dhoire

Márta 16, 2015

FOLÚNTAS DO MHÍ BEALTAINE 2015 NÓ A LUAITHE IS FÉIDIR INA DHIAIDH SIN
Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire
PRÍOMHOIDE TEAGAISC (LÁNAIMSEARTHA)
Scála tuarastail: L11-L17 £48,504 – £56,109 in aghaidh na bliana.
Conradh dhá bhliain ar théarma sheasta le féidearthacht go ndéanfaí buan é
(faoi réir athbhreithniú an Roinn Oideachais)

Is meánscoil nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an chéad iontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2015.
Is soláthar iar-bhunscoile ilchreidmheach, 11-19, uile-ábaltachta, comhoideachais, lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire. Tá d’aidhm ag Gaelcholáiste Dhoire bheith ina sholáthar páiste-lárnach a riarfaidh ar riachtanais agus ar mhianaidhmeanna na ndaltaí uilig i dtimpeallacht tumoideachais dinimiciúil agus spreagúil. Beidh an suíomh teanga seo mar bhonn tacaíochta faoi sholáthar barrfheabhais san oideachas le béim ar smaointeoireacht neamhspleách, anailíseach agus chruthaitheach. Tá an Ghaeilge luachmhar ag Gaelcholáiste Dhoire mar ghné atá riachtanach le féintuiscint, comhthuiscint, forbairt shamhlaíoch agus meas ar éagsúlacht chultúrtha a bhaint amach. Beidh Gaelcholáiste Dhoire ina scoil phobail a chothóidh naisc láidre leis an phobal Gaeloideachais áitiúil agus leis an phobal i gcoitinne.

Tuilleadh Eolais anseo: Fógra do phost an phríomhoide i nGaelcholáiste Dhoire

Folúntas: Múinteoir Ionaid i Scoil na bhForbacha, Gaillimh

Márta 16, 2015

Spriocdháta: 26ú Márta 2015

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil Ui Choimin, Co an Chláir

Márta 13, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19572/

Next Page »