Méid an Téacs

Múinteoir Gaeilge, Scoil Dara Cill Choca

Meán Fómhair 21, 2015

Múinteoir Gaeilge ag teastáil láithreach i Scoil Dara Cill Choca. Déan teagmháil le príomhoide na scoile Brian McNamara

01 6287258  nó ag  principal@scoildara.ie

Comórtas BEO 2015 – Urraithe ag Foras na Gaeilge & Údarás na Gaeltachta

Meán Fómhair 21, 2015

Tá comórtas BEO 2015 d’amhrán nua-chumtha i nGaeilge foscailte arís. Tá sé dírithe ar an aois ghrúpa 11- 18 bl agus beidh an babhta ceannais ag tarlú Dé Céadaoin 29ú Deireadh  Fómhair san Citywest, BÁC le linn Oireachtas na Gaeilge/ Scléip na hÓige. Is é 16ú Deireadh Fómhair an sprioc le haghaidh iarratais agus tá na sonraí uilig le fáil ar shuíomh BEO ag an nasc thíos:

http://beoireland.com/1783-2/

Tá duaiseanna breátha le baint.

Grúpa Tuistí & Leanaí 

Meán Fómhair 18, 2015

Tá Conradh na Gaeilge, i gcomhar le Glór na nGael, ag cur tús le grúpa tuistí agus leanaí a bheidh ar siúl in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh.

Is deis a bheidh anseo do phobal labhartha agus foghlaimeoirí Gaeilge, atá ag iarradh a gclann a thógáil le Gaeilge, an teanga a fhorbairt, a chothú, agus a neartú don todhchaí.

Is deis a bheidh ann freisin do pháistí le Gaeilge spraoi a dhéanamh trí Ghaeilge. Iarraimid ar thuismitheoirí tacú leis na páistí agus an Ghaeilge a labhairt leo agus an grúpa ag teacht le chéile.

Tiocfadh an grúpa le chéile ar an 19ú Meán Fómhair ón 10:30r.n, thuas staighre in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic.

Tá an grúpa seo feiliúnach do pháistí ó 0-5 bliana.

Tuilleadh Eolais:

Barbara Nic Dhonnacha: barbara@glornangael.ie nó 083 4491982

Folúntas: Múinteoir Ceimice i nGairmscoil Chú Úladh

Meán Fómhair 17, 2015

Tugann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cuireadh do dhaoine atá cáilithe cur isteach ar an phost seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i Gairmscoil Chú Úladh don scoilbhliain 2015/2016:-

 Gairmscoil Chú Úladh, Béal an Átha Móir

 Tag:                Post:

 GL 7:              Ceimic (6 uair sa tseachtain)                

Is scoil lán-Ghaeilge í Gairmscoil Chú Úladh agus tá an ábhar seo a theagasc trí mheán na Gaeilge

Is é 12:00 meán lae ar De Aoine, 25ú Meán Fómhair 2015 an dáta deiridh ar a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.

Tabhair faoi deara:

  • Beidh ceapachán ar bith maidir le post/postanna fógraithe anseo ag brath ar clárúcháin suas-chun-dáta leis an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Ailt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
  • Ní glacfar le foirmeacha iarratais comhlánta a chuirtear le ríomhphost.
  • D’fhéadfaí gearrliostáil a dhéanamh ar iarrthóirí.
  • Ní chuirfear san áireamh iarratais a thagann isteach mall.
  • D’fhéadfaí painéal/painéil a dhéanamh chun folúntais eile a líonadh sa scoilbhliain 2015/2016

Sonraí Teagmhála:

Linda Harley

Rannóg na hAcmhainní Daonna

Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 DP98.

T: (074) 9161510    R: linda@donegaletb.ie   G: www.donegaletb.ie

Comórtas BEO 2015

Meán Fómhair 17, 2015

Tá comórtas BEO 2015 d’amhrán nua-chumtha i nGaeilge foscailte arís. Tá sé dírithe ar an aois ghrúpa 11- 18 bl agus beidh an babhta ceannais ag tarlú Dé Céadaoin 29ú Deireadh Fómhair san Citywest, BÁC le linn Oireachtas na Gaeilge/ Scléip na hÓige. Is é 16ú Deireadh Fómhair an sprioc le haghaidh iarratais agus tá na sonraí uilig le fáil ar shuíomh BEO ag an nasc thíos:

http://beoireland.com/1783-2/

Folúntas: Gaelscoil na Mí

Meán Fómhair 17, 2015

Tá ionadaí do shaoire máithreachais de dhíth i nGaelscoil na Mí. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23446/

Cúrsa nua Gaeilge le TEG ón nhForas Pátrúnachta

Meán Fómhair 16, 2015

Tá ríméad ar an bhForas Pátrúnachta cúrsa Gaeilge nua a fhógairt. Réiteoidh an cúrsa seo rannpháirtithe do Scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) agus tá sé dírithe go príomha ar mhúinteoirí atá ag obair i meánscoileanna lán-Ghaeilge ach bheadh sé oiriúnach do rúnaithe scoile agus do bhaill na mbord bainistíochta freisin.

Cén fáth a dtabharfainn faoin gcúrsa seo?

  • Is cáilíocht iontaofa neamhspleách é TEG atá aitheanta go hidirnáisiúnta
  • Is é TEG an cháilíocht inmhianaithe ag an bhForas Pátrúnachta dóibh siúd a chuireann isteach ar phost nó ar ardú céime ina scoileanna
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta agus a chabhróidh leat ardú céime a bhaint amach

Bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-mark ar Scrúduithe TEG i 2015 le hardchaighdeán na scrúduithe a dhearbhú. Tá na scrúduithe déanta ag thart ar 4,000 duine.

Mar chroílár an chúrsa beidh ranganna idirghníomhacha ar-líne ar siúl ar bhonn coicíse ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.

Beidh na ranganna dírithe ar mhuinín an mhúinteora a fheabhsú céim ar chéim agus ar bhonn tacúil.

Mar aon leis na ranganna coicísiúla seo, reáchtálfar trí sheimineár lae le linn an chúrsa ina mbeidh deis ag rannpháirtithe dianobair ghrúpa a dhéanamh chun díriú isteach ar mhionphointí gramadaí chomh maith le ceardlanna ar scileanna aistriúcháin a thabharfaidh tuiscint ar conas Gaeilge nádúrtha a labhairt agus a scríobh.

Tosóidh an cúrsa leis an gcéad seimineár ar an 10 Deireadh Fómhair.

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir dul i dteagmháil le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag tomas@foras.ie nó ag 087-2642446.

Scoláireacht teanga seolta ag Comhairle Contae na Gaillimhe

Meán Fómhair 16, 2015

Tá an scoláireacht eagraithe in onóir Pádraig Mac Piarais agus Éamonn Ceannt. Scéal iomlán ar fáil ag an nasc thíos:

http://galwaybayfm.ie/county-council-launches-irish-language-scholarships-schemes/

Foirgneamh nua do Ghaelscoil na nDéise

Meán Fómhair 16, 2015

Tar éis 15 bliain i bhfoirgneamh réamhdhéanta tá scoil nua ag Gaelscoil na nDéise. Scéal ar fad ag an nasc thíos.

http://www.munster-express.ie/local-news/almost-500-children-relocate-to-new-schools-2/

Folúntas: Coláiste Chineál Eoghan, Dún na nGall

Meán Fómhair 15, 2015

Tá múinteoir páirt-aimseartha de dhíth i gColáiste Chineál Eoghan i nDún na nGall. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/15982/

« Previous PageNext Page »