Méid an Téacs

Taighde maidir le scoláirí le disléicse i scoileanna lán-Ghaeilge

Márta 31, 2016

Bhí mac léinn ón Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas i dteagmháil linn. Mar chuid den chúrsa seo, tá tráchtas ar bun aici ar dhaltaí le disléisce atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá múinteoirí á lorg aici le ceistneoir a líonadh isteach. Má tá taithí agat bheith ag múineadh dalta(í) le disléicse i scoil lán-Ghaeilge, ba bhreá le hAisling Ní Chaoimh cloisteáil uait. Tá ceistneoir curtha le chéile aici mar chuid dá taighde agus tá sí ag iarraidh go líonadh roinnt múinteoirí isteach é chun cabhrú leis an taighde.

An Ceistneoir

Má tá aon cheisteanna faoin taighde seo nó más maith leat páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil le hAisling ag aislingnichaoimh91@gmail.com

 

Seónna spleodracha ar stáitse ag COIRM GAEL LINN !

Márta 31, 2016

Léiríodh seónna spleodracha ó Ghaelscoileanna fud fad na tíre ar stáitse ag féilte Coirm Gael Linn 2016 ! Bhí suas le 3,500 aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí óga ar fad ar stáitse ag naoi gcinn de fhéilte a reáchtáladh in amharclanna ó Ard Mhacha go Trá Lí  i rith mhí Feabhra agus mhí an Mhárta  !  Roghnaigh gach scoil téama dá seó féin, agus bhí meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach ceann acu. Chomh maith le bheith ar stáitse iad féin, bhí deis ag na scoláirí seónna breátha ó scoileanna eile a fheiceáil.

Cé nach bhfuil comórtas i gceist le Coirm Gael Linn, bíonn léirmheastóir aitheanta i láthair ag gach féile a thugann moltaí scríofa do na múinteoirí ar conas barr feabhais a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe.  Anuas air sin, tugtar aitheantas (i bhfoirm gradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag gach féile.  Ní bhíonn aon teorainn leis an líon gradam a mbíonn cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus bíonn cead aige/aici iad a bhronnadh ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair. I measc na léirmheastóirí a bhí ag na féilte éagsúla ar fud na tíre i mbliana bhí Síle Ní Dhuibhne, Gerry Motherway, Liam Mac an Mhaoir, Tomás Ó Nialláin agus Mairéad Ní Ghallchóir.  Thugadar ardmholadh do na múinteoirí díograsacha uilig a léirigh seónna de ardchaighdeán tríd síos.

Bhí  lucht féachana mór i láthair ag na hócáidí uilig, agus bhain an fear grinn ‘Giggles’ gáire as an lucht féachana mór a bhí i láthair lena chuid geaitsíochta idir mhíreanna !

Dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn:  “Tá áit lárnach ag Coirm Gael Linn ar an bhféilire bunscoile go bliantúil anois.  Trí ócáidí taitneamhacha, spraíúla a chur ar fáil, tá súil againn i nGael Linn spéis na bpáistí seo sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga”.                

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Gaelscoil Thulach na nÓg

Scoláirí óga ó Ghaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne ar stáitse ag Coirm Gael Linn san Áras Ealaíne, An Mhuileann gCearr. Ghnóthaigh a seó ‘An tAsarlaí ó Oz’, trí ghradam!

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin  dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Thug saighdiúirí óga ó Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Rosmuc, trí ghradam leo dá ndráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais ag féile Coirm na Gaillimhe a reáchtáladh thar dhá lá in Amharclann na Cathrach.

Thug saighdiúirí óga ó Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Rosmuc, trí ghradam leo dá ndráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais ag féile Coirm na Gaillimhe a reáchtáladh thar dhá lá in Amharclann na Cathrach.

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí,  ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir  Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.

 

Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair

Márta 31, 2016

Ba i gCarn Tóchair, Contae Dhoire, a eagraíodh comhdháil bhliaintúil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar na mallaibh, áit a ndearnadh plé, anailís agus scagadh ar thodhchaí na hearnála, cothú pobail Ghaeilge agus dúshláin an Ghaeloideachais.

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Liam Ó Flannagáin, le fios go bhfuil 68 aonad, idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mhéanscoileanna sna Sé Chontae, rud a fhágann breis agus 5,000 páiste cláraithe san earnáil ó thuaidh.

Tugadh le fios fosta go bhfuil 33 páiste i ndiaidh iarratas a dhéanamh chuig Gaelcholáiste Dhoire don Fhómhar seo chugainn, rud a fhágfaidh 49 cláraithe sa scoil i dtréimhse bliana.

Seachtain na Gaeilge ina seachtain iontach don Ghaeloideachas – Conradh na Gaeilge

Fuair Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú, Co. Aontroma, tuairisc barr feabhais cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COT). Is forbairt shuntasach eile don earnáil é an fógra go bhfuil figiúirí cláraithe tar éis dúbailt do Ghaelcholáiste Dhoire, an dara mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách ó thuaidh.

Ar a bharr sin, cuireadh dhá bhunscoil lánGhaeilge – Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, agus Gaelscoil Éanna ar an Ghleann Ghormlaith, Co. Aontroma – ar liosta caipitil na Roinne Oideachais de bharr fhás agus fhorbairt ghasta na scoileanna.

“Is ábhar ceiliúrtha iad an dá scéal iontacha seo i dtaca le hoscailt oifigiúil Ghaelcholáiste Dhoire agus dea-thuairisc chigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

Lean Mac Giolla Bhéin…“Bhí bearna soiléir sa réimse iar-bhunscolaíochta le fada an lá agus tá pobal Dheisceart Dhoire i ndiaidh bunchloch láidir a leagan síos do thodhchaí na Meánscolaíochta Gaeilge ó thuaidh. Léiríonn figiúir iontrála na scoile don bhliain seo chugainn go bhfuil an pobal i gcoitinne ag glacadh go fonnmhar leis an fhorbairt seo agus go bhfuil dúshraith láidir leagtha síos don athbheochan teanga sa cheantar.”

Físeán le feiceáil anseo

Folúntas: Stiúrthóir Naíonra

Márta 30, 2016

Tir na nÓg Early Years Care and Education Centre, Athy Co. Kildare, is seeking a teacher to fill the position as Stiúrthóir Naíonra/ Childcare practitioner.

We are seeking a motivated, competent, adaptable, professional practitioner with experience in the early years sector with a high level of the Irish language.

Our centre follows the Aistear Early Years Curriculum and we have been Síolta validated by the Early Years Policy Unit.
We provide a high quality of care and education and are looking for a new practitioner to join our team that is excited to move with us.

We are looking for a person with a minimum of Fetac Level 6 qualification to do at least part-time hours.

We are looking for a person to start immediately.
If you are interested in applying for the position, please email Kathleen on info@tirnanogathy.ie or call 087-2662585.

Ó Pheann an Phiarsaigh – Liosta na n-imeachtaí

Márta 29, 2016

Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2016.

Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!
_______________________________

Halla Paróiste Chill Chartha – Déardaoin, 31 Márta

Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste – Dé Sathairn, 2 Aibreán

Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn – Dé Luain, 4 Aibreán

Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath – Dé Céadaoin-Dé Sathairn, 13-16 Aibreán 2016
Tábhachtach: I gcás sheó Bhaile Átha Cliath, ní bheidh ticéid ar díol ag an doras – is gá iad a cheannach roimh ré anseo: https://opheannanphiarsaigh.eventbrite.ie

_______________________________

Blaiseadh beag den dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir:
http://tuairisc.ie/fisean-o-pheann-an-phiarsaigh-ag-griosadh-meanma-na-gcarad/

Comórtas AN TRIAIL

Márta 29, 2016

Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ seolta ag an gcompántas drámaíochta Fíbín i gConamara, a théann ar camhchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis an dráma céanna. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!

Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android duit féin, póstaer sínithe le fráma do do scoil chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’ do do rang!! Ní hamháin sin ach gheobhaidh do rang seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó!!

Níl ort ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ar margaiochtfibin@gmail.com
20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus féach treoirlínte an chomórtais thíos;

• Déan do dhearadh ar pháipéar A3
• Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
• Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
• Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
• Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
• Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann

Páírt 1

Ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha ag Gaillimh le Gaeilge

Márta 23, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Sean Scéal Nua Treoir le haghaidh coimisiún dátheangach 2016

Márta 23, 2016

Is cúis áthais don Axis, Baile Munna agus an Cumann Náisiúnta do Dhrámaíocht na n-Óg an- coimisiún nua a fhógairt do dhráma dátheangach d’ensembles óga a dhéanann iniúchadh ar meon na n-óg i gcomhthéacs na bliana seo, comóradh 1916. . Tá léirithe spéise á lorg ó dhrámadóirí a bhfuil taithí acu ina gceird, atá toilteanach dráma a chur ar siúl ar sainchúram uathúil, maoinithe ag Fondúireacht Phobail na hÉireann.
http://www.nayd.ie/news/press/sean-sceal-nua-treoir-le-haghaidh-coimisiun-datheangach-2016
Capture

Local entries encouraged for Irish language film competition

Márta 23, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Gaelscoil na nDéise, Port Láirge

Márta 21, 2016

Tá Gaelscoil na nDéise ag lorg ionadaí sa scoil. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24933/ 

Next Page »