SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL
Meitheamh 16, 2017
Clár nuálach iarchéime i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
(ar líne agus ar láthair)
SPARÁNTACHTAÍ TAIGHDE AR FÁIL
An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge
Freastalaíonn an clár iarchéime, trasearnála, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Cuirfear an clár seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla, ag tosú arís Meán Fómhair 2017. Bronnfar sparántachtaí taighde COGG ar rannpháirtithe an chláir (suas go €3,000 an mhic léinn in aghaidh na bliana) chun tacú leo táillí an chláir a ghlanadh.
Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí agus saineolaithe idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2017/2018. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 28 Meitheamh 2017.
Tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr. T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie
Féile Traidphicnic, An Spidéal 2017
Meitheamh 7, 2017
Béidh Féile Traidphicnic ar siúl sa Spidéal idir an 30ú lá de mhí an Mheitheamh is an 2ra lá de mhí Iúil. Beidh réimse de bhannaí agus ceoltóirí le chloisteáil, Kíla, Skippers Alley, Zoe Conway agus Liam O Connor san áireamh. Beidh ceardlann Ealaíona agus Ceol ar siúl, idir an Bhosca Ceoil, an Fidil, Amhránaíocht agus Damhsa ar an Sean-nós agus go leor eile. Ní bheidh costais sonrach ar na ticéidí, seachas an méid is gur fearr leat a íocadh. Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh www.traidphicnic.com.
Turas Stair & Oidhreacht na Leabharlainne Náisiúnta
Meitheamh 7, 2017
Beidh turas den Leabharlann Náisiúnta trí Ghaeilge ar siúl ar an Sathairn, an 10ú lá de mhí an Mheitheamh, ag a 3 a chlog. Beidh an turas ag díriú ar Stair agus Oidhreacht na Leabharlainne, agus beidh deis ag daoine cuairt a thabhairt ar ár Seomra Léitheoireachta cáiliúil. Ní gá áiteanna a chur in áireamh roimh réidh agus fáilteofar roimh clainne.
Turas Cutltúrtha agus Ranganna Gaeilge i nGaeltacht Thír Eoghain!
Meitheamh 7, 2017
Aonad Loch Gile (A)
Meitheamh 7, 2017
Coláiste Dhú Másc
Meitheamh 7, 2017
Folúntas i scoileanna an Foras Pátrúnachta
Meitheamh 7, 2017
Tá an Foras Pátrúnachta ag earcú príomhoidí bunscoile i mBaile Átha Cliath, sa Longfort agus i gCill Dara. Deiseanna iontacha d’iarratasóirí cuí.
Gach eolas anseo.
Folúntas le Naíonra Thaobh na Coille
Meitheamh 6, 2017
Múinteoir/ Stiúrtheoir Ranga i gcóir Mí Meán Fhomhair 2017/18 ( is féidir glacadh le múinteoirí ar sos gairme mar táimid faoi réir ag An Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige, ní an An Roinn Oideachais & Scileanna)
Bunaíodh Gaelscoil Thaobh na Coille i 1999. Is naíonra forásach é a mhúineann na páistí trí mhéan na Gaeilge leagtha amach tríd an gclár Aistear.
Tá an seachtain oibre ar feadh cúig lae, ón Luain – Aoine (9am-3.30pm) le dhá seisiún in aghaidh an lae ,le 38 seachtain in aghaidh na bliana.
Caithfear na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag an an t-iarrthóir a n-éireoidh leis:
- Cáilíocht Múinteoir Bunscoile/ cáilíocht Fetac 7 nó níos airde
- Eolas cuimsitheach ar an teanga & cultúr Gaelach
- Oiliúint sa gharchabhair, Sábháilteacht dóiteáin & Lámhsiú sábhailte
- Dea-scileanna idirphearsanta & cumarsáide maidir le déileáil leis na páistí, tuismitheoirí & leis an bhfoireann.
Is féidir a chur isteach ar phost trí ríomh-phost le litir & cv chuig:
naionrathaobhnacoille@gmail.com
Má tá aon ceist agaibh dean teangmháil le Denise ar 087 2903638
Position available
Teacher/Group Leader for September 2017/2018 (we can accept teachers on career breaks as we are not governed by the Department of Education)
The Naíonra Thaobh na Coille (Established 1999) is a progressive pre-school which teaches children through the medium of the Irish language implementing the Aistear Programme governed by the Department of Children and Youth Affairs.
This is a 5 day week; Monday -Friday (9am-3.30pm) & a 38 week sessional post.
Successful candidates must fulfill the following requirements:
- Primary School Teaching qualification
OR
- ECCE FETAC Level 7 or higher
- Comprehensive knowledge of the Irish language and culture.
- First aid/fire safety/manual handling certificates.
- Excellent interpersonal and communication skills in dealing with children, parents and staff.
Please apply by emailing your cover letter and CV to:
naionrathaobhnacoille@gmail.com
If you have any queries please contact Denise on 087 2903638.
Rath ar na cruinnithe eagraithe ag Gaeloideachas maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta
Meitheamh 1, 2017
B’ábhar dóchais mór do Gaeloideachas an freastal mór agus rannpháirtíocht ghníomhach ó phobal na scoileanna Gaeltachta sa tsraith cruinnithe a reáchtáil an eagraíocht ar an bPolasaí Oideachais Gaeltachta le 10 lá anuas.
Reáchtáladh cruinnithe i nGort a Choirce, Béal an Mhuirthid, An Ceathrú Rua, Cill Áirne agus Oirthear na Gaillimhe, agus bhí ionadaíocht láidir ann ag gach cruinniú ó bhaill iomlán na pobalscoile, idir príomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus an pobal níos leithne.
Bhí an-áthas ar Gaeloideachas an deis a fháil meon, moltaí, tuairimí agus ábhar imní na scoileanna agus a gcuid pobail a chloisteáil, tuairimí a chuirfear le chéile mar bhunús d’aighneacht stocaireachta thar ceann na scoileanna chuig an Aonad um Oideachas Gaeltachta.
Soiléiríodh tríd na cruinnithe seo go bhfuil an-chuid éagsúlachta dearcaidh agus tuisceana ann idir na ceantair Gaeltachta éagsúla i leith feidhmiú an pholasaí. Tá idir dearfacht agus dóchas le braith sna ceantair láidre Gaeltachta I leith an pholasaí, in ainneoin doiléire agus imní i leith na n-acmhainní daonna a bheidh ar fáil chun an luath-thumadh iomlán a chur i bhfeidhm. Anuas ar sin, sna ceantair imeallacha léiríodh go bhfuil géarghá le clár feasachta cuimsitheach agus forleathan i measc tuismitheoirí chun go mbeidh muinín acu sa tumoideachas.
Tháinig saineolaí ar an tumoideachas i láthair na gcruinnithe chun cur i láthair a dhéanamh ar fheidhmiú agus buntáistí an tumoideachais don slua, agus gabhann Gaeloideachas buíochas leis an Dr. Conchúr Ó Brolcháin agus Dónal Ó hAiniféin as a gcuid saineolais a roinnt go fial flaithiúil ag na cruinnithe seo. Tá buíochas ag dul freisin do na príomhoidí agus na múinteoirí a shuí ar na painéil agus a roinn a gcuid taithí ar lucht an freastail.
Tá Gaeloideachas an-bhuíoch as an spéis ghníomhach atá léirithe ag pobal na nGaeltachtaí sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Mar eagraíocht atá ag feidhmiú mar ghuth do na scoileanna Gaeltachta, tá an eagraíocht ag súil le gníomhú ar an aiseolas ó na cruinnithe, i gcomhar leis na scoileanna agus an Aonad um Oideachas Gaeltachta.
Teagmháil:
Anna Ní Chártúir, Leas-Uachtarán, Gaeloideachas
085 1351097
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
086 8050335
Gaeloideachas
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.
Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.