Méid an Téacs

Criú d’Oireachtas na Samhna – an bhfuil tú ar fáil?

Deireadh Fómhair 23, 2018

Oireachtas na Samhna, Cill Airne, Co. Chiarraí

31 Deireadh Fómhair – 4 Samhain 2018

Is iad Criú an Oireachtais croílár na féile – daoine a thugann a gcuid ama go fial flaithiúil dúinn ar mhaithe le cultúr agus oidhreacht na nGael a chur chun cinn. Gach uile bhliain, tugann ár bhfoireann deonach tacaíocht den scoth dúinn le linn aimsear na féile – tacaíocht a chuidíonn go mór le rathúlacht na hocáide.

Dá mbeadh suim agat tréimhse beag de do chuid ama a chaitheamh ag an bhféile mar oibrí deonach, déan teagmháil linn. Bainfidh tú an-sásamh as, beidh píosa craic agat agus déanfaidh tú cairde nua agus tú ag déileáil le pobal an Oireachtais.

Seo a leanas sampla de na dualgais a bheidh ag Criú an Oireachtais:

  • Freastal ar an Deasc Eolais & Ticéid;
  • Maoirseoireacht ag Comórtais;
  • Cabhrú le leagan amach agus le reáchtáil ócáidí;
  • Ag obair in Oifig an Chriú; agus
  • Ag cabhrú le cúrsaí meán cumarsáide.

Má tá tú ar fáil le cuidiú linn ba mhór agam dá gcuirfeá scéal chugam a luaithe a bheidh deis agat chuig louise@antoireachtas.ie  nó glaoigh orm ag 087-1005439.

Ag súil le cloisteáil uait.

Le meas

Louise Ní Dháibhéid
Oifigeach Imeachtaí & Foilseachán

+353 (0)1 475 3857 | +353 (0) 87 100 5439 | www.antoireachtas.ie

Seisiún Eolais maidir leis an Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)

Deireadh Fómhair 10, 2018

Seisiún Eolais maidir leis an Teastas Iarchéime san Oideachas (Gaelscolaíocht)

Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018 2.00 p.m. – 3.30 p.m.

Tá an Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO) dírithe ar chéimithe a bhfuil ard líofacht sa Ghaeilge acu agus ar mian leo bheith cáilithe ina múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge. Gheobhaidh tú eolas ar na gnéithe seo a leanas ag an tseisiún dhátheangach seo:

  • Coláiste Ollscoile Naomh Muire- cé muid féin agus saol an Choláiste;
  • Gnáthaimh iarratais agus iontrála;
  • Clár TICO sa Bhunscolaíocht agus san Iar-bhunscolaíocht

Beidh deis ann ceisteanna a chur má tá níos mó eolais de dhíth. Más maith leat freastal ar an tseisiún eolais, iarrtar ort dul i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil faoi 12.00 Aoine 12 Deireadh Fómhair 2018. Beidh fearadh na fáilte romhat go Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Muna bhfuil tú ábalta freastal ar an tseisiún ach gur mhaith leat pacáiste iarratais a fháil, gabh i dteagmháil leis an Chlárlann Acadúil trí ríomhphost agus luaigh do sheoladh baile sa teachtaireacht. Rphost: admissions@smucb.ac.uk nó guthán 028 90268320.

Folúntas: Post ar fáil i naíonra i Leamhchán

Deireadh Fómhair 9, 2018

Tá duine le Gaeilge agus ar an íosmhéid  léibhéal 5 á lorg chun cabhair a thabhairt sa rang faoin scéim AIM. 5 mhaidin tá i gceist. Tosnú chomh luath  agus is féidir. Iarratais agus breis eolais chuig naionra.lucan@gmail.com

Comórtas Tríú Leibhéal mar chuid de Bhliain na Gaeilge

Deireadh Fómhair 8, 2018

Tá comórtas á reáchtáil ar na meáin shóisialta do mhic léinn tríú leibhéal mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Iarrfar orthu “scéal” a chruthú as Gaeilge. Tá duais ann don trí cinn is fearr faoin spriocdháta, agus tá duais don chumann Gaelach a éiríonn leo is mó mic léinn a spreagadh óna n-ollscoil le cuir isteach ar an gcomórtas.

Breis eolais anseo: https://www.peig.ie/pobal-bnag/comortas-thriu-leibheal

Spriocdháta: 7 Samhain

Coláiste na Tulchann (A)

Deireadh Fómhair 4, 2018

Folúntas: Oifigeach Feidhmiúcháin á earcú ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Deireadh Fómhair 2, 2018

Tá folúntas ag COGG d’Oifigeach Feidhmiúcháin don oifig i mBaile Átha Cliath.  Is féidir breis eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig poist@cogg.ie. An 30 Deireadh Fómhair an dáta deiridh le hiarratas a sheoladh.