Méid an Téacs

Comórtas Clár Raidió do Mheánscoileanna do Bhliain na Gaeilge

Samhain 27, 2018

Tá comórtas clár raidió do mheánscoileanna fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.  Tá duais €1000 don chlár raidió is fearr.

Déanann Bliain na Gaeilge ceiliúradh ar theanga na nGael, agus ó mhí Eanáir i mbliana bhí réimse leathan imeachtaí agus tograí ar bun agus é mar aidhm acu suim agus rannpháirtíocht sa teanga a spreagadh i measc an phobail, agus aird a dhíriú ar thábhacht na nGaeltachtaí agus ar athbheochan na teanga le 125 bliain anuas.

Tá dhá chéim leis an gcomórtas seo ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar dtús báire, tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad ar fhad, i nGaeilge, bunaithe ar an téama ‘Bliain na Gaeilge 2018’.  Is é Dé Luain 17 Nollaig an spriocdháta.

Ansin, roghnófar an cúig iarratas is fearr, agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna leis na cláracha sin a chur i dtoll a chéile.  Craolfar iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn Sheachtain na Gaeilge i mí Márta 2019.

Bronnfar €1000 ar an gclár is fearr.  Is éard a bheidh á lorg ag na moltóirí cláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.

Tá an comórtas seo á reáchtáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Is deis iontach atá anseo do dhaltaí scoile foghlaim faoi chúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí raidió, agus suim a spreagadh iontu i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Tá gach eolas faoin gcomórtas agus foirm iarratais ag www.rte.ie/rnag/comortas2018  .  Is féidir ceisteanna a chur chuig comortas2018@rte.ie.

Caithfear iarratais a bheith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin Luan 17 Nollaig.

–CRÍOCH–
27 Samhain 2018

Breis Eolais:

Caitríona Ní Bhaoill, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
086 8769585   caitriona.nibhaoill@rte.ie

Beirt Oifigeach Sinsearach ar lorg ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Samhain 27, 2018

Tá dhá phost nua le líonadh mar a leanas: Oifigeach Sinsearach Tacaíochta Oideachais agus Oifigeach Sinsearach Tacaíochta Forbartha. Tá leabhráin eolais, foirmeacha iarratais agus níos mó eolais san achar “Foilsiúcháin” ar shuíomh Chomhairle na Gaelscolaíochta. Tá na foirmeacha iarratais le bheith ar ais roimh 5.00 i.n. Luan 10ú lá Nollaig.

I dtaca leis an phost mar Oifigeach Sinsearach Tacaíochta Oideachais thiocfadh leis an phost bheith fóirsteanach don té ar mhaith leis/léi tréimhse ar iasacht óna c(h)uid oibre go ceann tamaill idir bliain nó trí bliana. Tuilleadh eolais ó Phól Ó Mórdha: Guthán 90897311 nó pomordha@comhairle.org

(English) Homework’s out in December for Clonakilty Gaelscoil pupils who practice gratitude

Samhain 27, 2018

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas i Naíonra Cholmcille, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Samhain 26, 2018

Stiúrthóir á earcú ag Naíonra Cholmcille
20 uair in aghaidh na seachtaine

Ag teastáil:
Cáilíocht Fetac ag Leibhéal 5 nó níos airde in Oideachas Luathbhlianta/Cúram Leanaí
Taithí bheith ag obair i suíomh cúram leanaí
Scileanna maithe eagrúcháin agus foirne
Caighdeán maith Gaeilge scríofa agus labhartha
Garchabhair
Tuiscint ar Aistear, Síolta agus ar Churraclaim Luathfhoghlama

Má tá suim agat sa phost, cuir cóip de do CV chuig naionracholmcille@gmail.com

Dáta tosaithe 7 Eanáir 2019

Siúlóid faoi Sholas na Gealaí

Samhain 21, 2018

Moonlit Walk as Gaeilge in Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha/Glenveagh

Aoine/Friday, 23 November 2018

Leaving from – Fáilte Ireland Tourist Office (next to Polestar roundabout) Leitir Ceanainn ag 7.00pm

The group will make their way by car out to St. Colmcille’s Cross, Gartan, the starting point of the Lough Insagh walk to the Castle (1hr 15mins approx)

Bíodh éadaí oiriúnacha ort agus bíodh deoch the agus greim le hithe leat

Come suitably attired and bring warm drink, food and torch

Ag an Chaisleán, bain sult as do shuipéar féin (enjoy your own supper) san Orangery agus ansin, beidh síob ar ais go Gartán ar an bhus

Fáilte roimh all Irish speaking abilities!

Tuilleadh eolais/for further information, contact Róise nó Seán i Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn ag – rmcclafferty@donegalcoco.ie nó sdaimhin@donegalcoco.ie nó teileafón – Róise – 087 9693965 nó Seán – 087 9670985

Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!

Samhain 21, 2018

20160620_113032

Craolfar sraith nua darbh ainm ‘Mo Ghaelscoil’ ar Raidió na Life idir an 21ú Samhain agus 7ú Nollaig. Craolfar dhá eagrán den chlár gleoite seo gach seachtain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine ag a 11:00 r.n.

Thar tréimhse dhá bhliain, chuaigh foireann léiriúcháin ó Raidió na Life ar camchuairt go sé gaelscoileanna fud fad Bhaile Átha Cliath, ag reáchtáil ceardlanna raidió agus ag taifeadadh na gclár spraíúil seo. Bhí deis ag na páistí scileanna nua a fhoghlaim agus tugann an tsraith raidió seo ardán dóibh scéal a nGaelscoil féin a insint ina nguthanna féin.

Na gaelscoileanna a ghlac páirt sa sraith ná Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil an Chuilinn, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil Thaobh na Coille, Lios na nÓg agus Scoil Chaitlín Maude. Chuir gach gaelscoil a stampa féin ar a n-eagrán féin sa sraith seo, ag tabhairt blaiseadh den atmaisféar ina scoil don lucht éisteachta.

Leis na páistí ag cur agallaimh ar na múinteoirí agus scoth an cheoil agus na drámaíochta le cloisteáil, léiríonn na cláir seo an borradh atá tagtha ar an nGaelscolaíocht san ardchathair agus talann agus samhlaíocht an ghlúin óig!

Craolfar na cláir ar Raidió na Life ar na dátaí seo a leanas, ag a 11:00 ar maidin:

  • Dé Céadaoin 21 Samhain: Lios na nÓg
  • Dé hAoine 23 Samhain: Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Dé Céadaoin 28 Samhain: Gaelscoil Bhaile Munna
  • Dé hAoine 30 Samhain: Gaelscoil an Chuilinn
  • Dé Céadaoin 5 Nollaig: Scoil Chaitlín Maude
  • Dé hAoine 7 Nollaig: Gaelscoil Thaobh na Coille

Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun na gceardlanna a reáchtáil sna scoileanna, in éindí le hAonghus Ó Lochlainn agus Pádraig Ó Conghaile. Judy-Meg Ní Chinnéide agus Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. Tá an tsraith maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is é Foras na Gaeilge a mhaoiníonn formhór ghníomhaíochtaí Raidió na Life.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Judy-Meg Ní Chinnéide, 01 6616 333.

 

Faoi Raidió na Life:

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail le 25 bliain anuas mar stáisiún pobail sainspéise.  Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le beirt fhostaí eile páirtaimseartha.  Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain.  Feidhmíonn sé faoi stiúir Bhord Stiúrtha deonach freisin. Is é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta, comharchumann pobail neamhbhrabúis a bunaíodh i 1989 le seirbhís raidió Gaeilge a bhunú is a fhorbairt do Bhaile Átha Cliath, a reachtálann Raidió na Life. Is féidir le baill den phobal ballraíocht a ghlacadh sa chomharchumann trí scaireanna a cheannach (eolas ar www.raidionalife.ie)

Tá na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Cormac Ó hEadhra, Dr. Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin, Rónán Ó Muirthile (Iar-láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104) agus neart eile nach iad.

Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoirí.  Aithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonach/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl.  – agus na cláir go léir curtha i láthair trí Ghaeilge.  Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis leis.

 

– CRÍOCH – 

Tallainn sa Taibhdhearc ag Scléip 2019 !

Samhain 21, 2018

DSCN6867.Sioncóipiú

Cuireadh tús le Scléip 2019  i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt 20 Samhain, agus bhí tallainn iontach i measc scoláirí an iarthair  a chuaigh ar stáitse i rith an lae!  Ba é seo an chéad réambhabhta réigiúnach de chomórtas na bliana seo, ina bhfuil an líon is airde fós de chuid iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre rannpháirteach! Tá an comórtas á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Dírithe ar na healaíona comhaimseartha, tá sé ( 6 ) rannóg ar fad i gceist i gcomórtas Scléip- Amhranaíocht Aonair le féintionlacan,  Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair,  Rince Cruthaitheach agus comórtas nua i mbliana,  Amhránaíocht Aonair le Fuaimrian Tacaíochta.

Bhí daltaí ó na scoileanna Gaeltachta –  Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua,  Scoil Phobail Mhic Dara, Carna,  Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh agus Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór,  mar aon le scoláirí ó  Choláiste na Coiribe, Gaillimh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Gaelcholáiste Luimnigh, san iomaíocht sa Taibhdhearc,  buíochas leis na múinteoirí maithe ar fad a spreag iad !
Bhí atmaisféar iontach san amharclann, agus ba léir gur bhain an lucht féachana an-sult as a chuir na  rinceoirí, amhránaithe agus ceoltóirí óga ós a gcomhair i rith an lae. Thug na moltóirí,  Mícheál Ó Ciaraidh, ceoltóir agus  láithreoir leTG4 agus Méabh Ní Thuathaláin, ceoltóir agus iriseoir leTuairisc, ard-mholadh do na rannpháirtithe uilig as a gcuid léirithe, agus bhronnadar teastais molta orthu uilig!  Roghnaíodh na míreanna a leanas le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an gCéadaoin, 30 Eanáir 2019 in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
Colm Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear

Ríoghna Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sóisear

Rebecca Ní Ghríofa, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sinsear

Aimee Ní Bhruacháin, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear

‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh AGUS

‘Arco’, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear

‘Fraoch’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí AGUS

‘Dris-Óg’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear

Aodhán Breathnach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Slua-amhránaíocht

Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear

Holly Robertson agus Rachel Cox, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear
‘Spéirling’, Coláiste N. Feichín, Corr na Móna AGUS

‘Sioncóipiú’ Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua AGUS

‘Cuisle’, Coláiste na Coiribe, Gaillimh

Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 21 Samhain,  in Amharclann an Alley, An Srath Bán,  Dé Máirt, 27 Samhain, 2018 agus in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar Déardaoin 29 Samhain 2018.

Críoch

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

GAILEARAÍ: 45 bliain ag fás – a lá breithe á cheiliúradh ag Gaeloideachas in Óstán an Clayton

Samhain 21, 2018

Gailearaí Grianghraf ar Tuairisc.ie anseo

Folúntas: TEICNEOLAÍ OIDEACHAIS / BAINISTEOIR TIONSCADAL DO CHLÁR AN M. OID. SAN OIDEACHAS LÁN-GHAEILGE AGUS GAELTACHTA

Samhain 21, 2018

Ceapachán cúig bliana (lán-aimseartha, sainchuspóra) le hinniúlacht feidhmiúcháin éifeachtach sa Ghaeilge SONRAÍOCHT GHINEARÁLTA AN PHOIST, Dualgais agus Téarmaí & Coinníollacha Fostaíochta ar fáil anseo

Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Samhain 21, 2018

Is céim nua é an B. Oid. Trí Mheán na Gaeilge (Cód CAO: CM003/CM004). Beidh sé ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair, 2019. Beidh an chéim seo oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge.

  • Go hiomlán trí mheán na Gaeilge
  • Ag tosú Meán Fómhair 2019
  • Clár oideachais nua do mhúinteoirí bunscoile
  • Oiriúnach do scoláirí le spéis agus le hardchumas sa Ghaeilge
  • Oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh i scoil Lán-Ghaeilge nó i scoil Ghaeltachta
  • Árasáin ar an gCampas, Bloc Gaeilge, Sparánachtaí ar fáil
  • Socrúchán Scoile sa Ghaeltacht
  • An Cultúr Gaelach (Cluichí, Ceol, Damhsa, Amhránaíocht, Litríocht)
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
  • Gnáthriachtanais iontrála ach H3 sa Ghaeilge
  • Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach. Scrúdú TEG ar an Satharn, 23 Feabhra, 2019. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino na táillí TEG do scoláirí a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mhéan na Gaeilge – www.teg.ie/oid

Next Page »