An bhfuil scoil nua le hoscailt i do cheantar in 2019?
Nollaig 18, 2018
Tá bunscoileanna nua le hoscailt i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, Corcaigh agus sa Mhí i Meán Fómhair 2019.
Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi láthair agus is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil cónaí orthu sna ceantair éagsúla a rogha pátrúnachta a chur in iúl ar líne. Ba mhaith leis an bhForas Pátrúnachta bunscoileanna ilchreidmheacha lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus tá vóta tuismitheoirí i ngach ceantair uathu. Más maith leat go mbeadh an rogha seo ar fáil, is féidir do vóta a chlárú ar www.patronage.education.gov.ie
Le vóta a chaitheamh, is gá go mbeadh páiste faoi bhun aois 5 agat, agus cónaí air nó uirthi sa limistéar pleanála scoile. Beidh Eircode agus uimhir PPS do pháiste uait leis seo a dheimhniú.
Má tá aithne agat ar thuismitheoirí eile sna ceantair éagsúla, bheadh sé iontach uilig dá bhféadfaí an scéal a roinnt orthu agus iad a spreagadh le vóta a chaitheamh agus an scéal a scaipeadh. Tá breis eolais ar fáil ar www.Gaelscoil4all.ie
Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas, nó maidir leis na buntáistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge do do pháiste, tá lánfháilte romhat teagmháil a dhéanamh le Gaeloideachas ar 01 8535195 nó eolas@gaeloideachas.ie. Ná déan dearmad go bhfuil roinnt acmhainní foghlama agus féinteagaisc ag Gaeloideachas atá dírithe ar thuismitheoirí agus caomhnóirí: Déan Comhrá ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians agus IrishforParents.ie
Deis deiridh clárú do Thionól Forbartha 2018 – dornán spásanna fágtha!
Samhain 6, 2018
Níl Tionól Forbartha 2018 i bhfad uainn anois! An mbeidh ionadaithe ó do scoil i measc an 300+ toscaire a bheas i láthair in Óstán an Clayton, Gaillimh, ar an 16ú Samhain?
An bhfuil tusa nó comhghleacaithe leat ag iarraidh breis a fhoghlaim faoin gcódú agus cúrsaí teicneolaíochta, conas dráma simplí a léiriú, bealaí praiticiúla le teanga na matamaitice a fhorbairt, an Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den seomra ranga, acmhainní nualácha don 21 hAois, nó conas plé le scoláirí le riachtanais speisialta oideachais sa suíomh lán-Ghaeilge? Beidh ceardlanna ar na hábhair seo agus neart eile ar chlár na bliana seo.
Tá scoth na gcainteoirí le bheith linn lena gcuid saineolais, taighde agus smaointe nuálacha a roinnt. Ina measc, beidh Gearóid Ó Tuathaigh, Deirdre Ní Dhorchaí, Seán Ó Grádaigh, Lydia Uí Ruairc, Frank Ó Tormaigh, Fil Uí Dhubhghaill, Monica Ní Choitir, Muireann Ní Bheaglaoich, Pádraig Ó Duibhir, T.J. Ó Ceallaigh, agus go leor cainteoirí eile den scoth.
Beidh deiseanna iontacha forbartha gairmiúla ar fáil ó 09.30 ar aghaidh go 17.15, agus deiseanna sóisialaithe agus líonraithe le hiliomad múinteoirí agus príomhoidí eile le toscairí ag teacht ó scoileanna DEIS, scoileanna uirbeacha, scoileanna beaga, scoileanna Gaeltachta agus eile.
Ná déan dearmad go bhfuil an fáiltiú agus mórdhinnéar ceiliúrtha san áireamh sa bpraghas le clár iontach siamsaíochta an oíche sin – lúibíní, ceol le Kíla, agus duaischarta le go leor duaiseanna den scoth a bhuachan.
Tapaigh an deis agus cláraigh inniu. Is é an dáta deiridh don chlárúchán ná 12 Samhain 2018. Níl ach 40 spás fágtha againn anois!
Seastáin agus Fógraí ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG
Meán Fómhair 17, 2018
Gach eolas agus foirm iarratais anseo!
Déan Comhrá ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians
Lúnasa 27, 2018
Tá áthas ar Gaeloideachas a fhógairt go bhfuil leabhrán úrnua, Déan Comhrá, ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians foilsithe againn.
Tá an leabhrán seo dírithe ar thuismitheoirí agus chaomhnóirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge. Tá sé lán le frásaí simplí úsáideacha a bhféadfaí a úsáid sa bhaile leis an teanga a shní isteach sa saol laethúil. Tá an leabhrán dírithe ar an bhfoclóir coitianta atá ag teastáil ó thuismitheoirí le comhrá a bheith acu le tuismitheoirí eile ag geata an naíonra nó na scoile, caint leis an bpríomhoide nó an múinteoir, agus go leor frásaí úsáideacha eile le Gaeilge a spreagadh go nádúrtha sa bhaile.
Tá go leor buntáistí ag baint leis an nGaeilge a úsáid sa bhaile agus is cinnte go gcabhróidh moladh agus spreagadh uait féin le do pháiste éirí níos muiníní sa teanga. Tá frásaí agus foclóir sa leabhrán a bhféadfaí a úsáid le cabhrú leis an obair bhaile, moladh a thabhairt nó beannachtaí laethúla do ghnáthchomhrátaí ar maidin nó ag am luí. Má fheiceann do pháiste go bhfuil tusa díograiseach agus dearfach i leith na teanga, beidh an meon céanna aige nó aici. Is fiú go mór breathnú ar ár suíomh idirlín IrishforParents.ie freisin, áit a bhfuil i bhfad níos mó acmhainní atá dírithe ar na sainriachtanais teanga atá ag tuismitheoirí agus caomhnóirí. Cabhróidh an suíomh go mór leat cur le do stór focal ar théamaí éagsúla ábhartha, an chluastuiscint a chleachtadh agus cur le do chuid eolais ar struchtúir na teanga. D’fhéadfadh an teaghlach roinnt Gaeilge a fhoghlaim le chéile fiú. Tá súil againn go mbeidh spraoi agaibh ar an aistear seo le chéile. Bain triail as!
Féach ar an leabhrán anseo Déan Comhrá ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians
Tosú sa Ghaelscoil – cúpla nod don tuismitheoir le Gaeilge
Lúnasa 27, 2018
Athrú mór agus clochmhíle an-tábhachtach i saol an pháiste is ea tosú ar an mbunscoil. Caithfidh siad dul i dtaithí ar áit nua, mhúinteoir nua, ghnáthamh nua agus chairde nua. Le roinnt bheag ullmhúcháin agus spreagadh uait, áfach, socróidh do pháiste isteach go luath. Tá go leor moltaí iontacha agus taighde déanta ar nithe ginearálta gur féidir a dhéanamh sa bhaile le hullmhú don chéad lá scoile, ach seo cúpla nod bhreise do thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu maidir le conas ullmhú don chéad lá sa Ghaelscoil:
Bí dearfach! Léirigh do do pháiste go bhfuil tú ag tnúth go mór leo tosú ar an scoil. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste bheith ar bís faoina bhfuil os a c(h)omhair. Bí muiníneach as an gcinneadh atá déanta agat maidir le hoideachas do pháiste agus meabhraigh duit féin cé na cúiseanna ar roghnaigh tú an scoil áirithe seo dóibh.
Léigh arís maidir le buntáistí an tumoideachas lán-Ghaeilge do gach páiste. Cabhróidh an scoil le cumas Gaeilge do pháiste a shaibhriú agus tógáil ar an méid atá sealbhaithe acu sa bhaile. Cuirfidh sé lena scileanna cumarsáide, tuisceana, ceistiúcháin agus anailíse freisin, agus beidh sé níos éasca orthu teangacha eile a fhoghlaim amach anseo, an Béarla san áireamh. Cabhróidh do mhuinín agus meon dearfach le do pháiste bheith ar a s(h)uaimhneas agus muiníneach don chéad lá.
Bí ag caint! Tá sé an-tábhachtach caint go dearfach faoin scoil le do pháiste agus na rudaí éagsúla a bheidh ar siúl aige/aici. Tugann sé seo deis dó/di caint faoi na rudaí a bhfuil siad ar bís fúthu agus aon ní eile atá ag cur imní air/uirthi a phlé. Cuir béim ar na nithe iontacha a bhaineann le saol na scoile: cairde nua, gníomhaíochtaí spraíúla, leabhair, amhráin agus cluichí nua.
Labhair faoi theangacha sa bhaile le béim a chur ar an teanga/na teangacha a úsáideann an páiste sa bhaile agus an teanga a bheidh in úsáid acu ar scoil. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste tuiscint a fhorbairt ar éagsúlacht teanga, éagsúlacht cumais, agus conas a chuireann daoine brí in iúl agus a dhéanann siad cumarsáid le daoine eile. Eagraíonn Mother Tongues (www.mothertongues.ie) go leor imeachtaí fiúntacha, seisiúin eolais agus ceardlanna do theaghlaigh ilteangacha – b’fhiú breathnú ar a bhfuil ar siúl acu.
Ní gá bheith buartha faoi chumas Béarla do pháiste. Tosóidh sé/sí ag foghlaim léitheoireacht agus scríbhneoireacht an Bhéarla de réir a chéile. Braitheann sé ó scoil go scoil cathain a thosóidh siad ag plé leis an mBéarla – tosaíonn roinnt scoileanna ar an mBéarla a mhúineadh go foirmiúil sna Naíonáin Sóisir, scoileanna eile sna Naíonáin Shinsir agus scoileanna eile i Rang a hAon. Léiríonn an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go dtrasnóidh na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a d’fhoghlaim siad trí Ghaeilge go nádúrtha go dtí an Béarla. Úsáidfidh do pháiste na bunscileanna atá foghlamtha acu sa Ghaeilge ar dtús sa Bhéarla anois agus beidh sé níos éasca dóibh an Béarla a fhoghlaim dá bharr. Ní hamháin go n-éiríonn níos fearr le páistí sna scoileanna lán-Ghaeilge sa Bhéarla ach éiríonn níos fearr leo sa Ghaeilge agus sa Mhata chomh maith!
Bí ag léamh! Is cuma cén teanga ina bhfuil tú á dhéanamh, tá sé tábhachtach nós na léitheoireachta agus grá do leabhair a chothú trí leabhair a léamh sa bhaile le do pháiste. Sa chaoi seo, beidh dearcadh dearfach ag do pháiste ina leith, agus seachnófar an baol go samhlódh siad go mbaineann léamh (agus scríobh) leis an scoil amháin, nó gur ‘obair’ atá ann.
Bain spraoi agus taitneamh as an léitheoireacht le chéile. Cabhróidh seo le do pháiste scileanna éisteachta, cumarsáide agus airde a fhorbairt. Tá go leor leabhar iontach Gaeilge ar fáil ó An Gúm, An Siopa Leabhar, Cló Iar Chonnacht, Futa Fata agus go leor comhlachtaí eile a gcuirfeadh lena stór focal, cruinneas agus saibhreas teanga. D’fhéadfadh sibh dul chuig an leabharlann le chéile agus ligean don pháiste leabhair dá rogha féin a phiocadh.
Seo roinnt scéalta Gaeilge atá bunaithe ar shaol na scoile: Bhí Oisín Ar Scoil, Bran agus a Mhúinteoir, Ná Gabh Ar Scoil!, agus Rírá i Seomra na Naíonán. B’fhiú siúl a chaitheamh ar an tSraith Bimís ag caint atá ar fáil ó Futa Fata chomh maith. Tá leabhair phictiúr an-mhaith freisin le cur le scileanna cainte agus comhrá faoin scoil a spreagadh – is féidir caint faoi na pictiúir go spraíúil le chéile. Glac sealanna – is féidir leis an páiste féin leabhar gan fhocail a léamh, agus is féidir leat sult a bhaint as an scéal a insíonn siad.
Bí ag spraoi! Beidh do pháiste ag foghlaim go leor rudaí nua trí mhodh an tsúgartha ar scoil. Más féidir bualadh agus spraoi le páistí eile, cabhróidh sé leo dul i dtaithí ar bhréagáin a roinnt agus babhtáil ar a chéile. Cabhraíonn an spraoi leo scileanna luaile, cumarsáide, cruthaitheachta agus fiosrachta a fhorbairt agus teacht ar thuiscintí nua ar an saol mórthimpeall orthu.
Tá go leor bealaí le spraoi a bheith agaibh tríd an nGaeilge sa bhaile. Is féidir éisteacht le rannta nó amhráin Ghaeilge le chéile, breathnú ar chláir do pháistí ar TG4 nó físeáin spraíúla ar líne, cluichí Gaeilge a imirt agus freastal ar imeachtaí do theaghlaigh le Gaeilge. Tá rogha mhór ann agus beidh do pháiste ag foghlaim gan fhios dó/di féin agus é/í ag tógáil ar a stór focal, scileanna litearthachta agus teanga de réir a chéile.
Lorg comhluadar! Má tá aon cheisteanna agat faoin scoil nó faoin gcóras lán-Ghaeilge, b’fhiú go mór labhairt le tuismitheoirí eile a bhfuil taithí acu ar an gcóras. Beidh siad in ann tú a chur ar do chompord agus labhairt faoin eispéireas a bhí acu go dtí seo, conas a chabhraíonn siad leis an obair bhaile agus na buntáistí a bhaineann leis an gcóras óna dtaithí phraiticiúil féin. Déan teagmháil le Coiste na dTuistí sa scoil, fiú mura bhfuil do pháiste ar scoil go fóill, agus fiosraigh maidir leis na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do thuismitheoirí na scoile.
Is bealach álainn le bualadh le teaghlaigh eile le Gaeilge ná freastal ar Pop Up Gaeltacht na nÓg nó imeachtaí a chuireann eagraíochtaí éagsúla Gaeilge ar siúl timpeall na tíre – Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gael Taca, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Muintearas agus An Carn ina measc. Feicfidh do pháiste go bhfuil go leor daoine eile timpeall orthu a bhfuil Gaeilge acu.
Bí ar do shuaimhneas! Tá sé nádúrtha imní a bheith ort maidir le do pháiste tosú ar an scoil mhór. Ach ná déan dearmad go bhfuil an-taithí ag na múinteoirí, na cúntóirí agus foireann uile na scoile ar seo gach bliain. Tabharfar an-aire do do pháiste agus déanfar gach iarracht cabhrú leis/léi socrú isteach go han-luath. Tá go leor cleasanna agus acmhainní ag múinteoirí a úsáideann siad le cinntiú go bhfuil na páistí sona sásta agus rannpháirteach san obair atá ar siúl, agus go dtuigeann siad a chéile. Luaigh aon ábhar imní leis an múinteoir nó le príomhoide na scoile, nó déan teagmháil le Gaeloideachas (www.gaeloideachas.ie) a chuireann tacaíocht agus comhairle ar fáil do phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Starting in the Gaelscoil – tips for parents
Lúnasa 27, 2018
Starting school is a big milestone for small children. There’s loads of great information out there on how to prepare your child for their first day in school, but what if it’s their (and your) first experience of a Gaelscoil?
Here are five tips especially for parents who have little or no Irish themselves, to help you and your child feel ready for their céad lá sa Ghaelscoil.
Be enthusiastic: Show your child that you’re excited about them starting in the Gaelscoil. Enrolling them in the school was a big decision for you, especially if you don’t have fluent Irish yourself. Read up on the benefits of education through Irish and remind yourself why you chose the school for them. Browse the section for parents on www.gaeloideachas.ie, which is a one-stop-shop for everything to do with gaelscoileanna.
Talk together: Talking to your child in any language helps them to improve their communication skills. It’s how we learn to talk in the first place, and it’s how they’ll learn to speak Irish when they start in the Gaelscoil, by listening to their teachers and then imitating them.
Talk to your child about all the great things that will happen when they start school school: making new friends, playing games, reading new books, singing songs and learning a whole new language. Give them the chance to tell you what they’re looking forward to or what they might be worried about.
Talk to them about the language or languages you use at home, and explain to them that they will use Irish in school. Help your child to understand that there are different languages. From the age of about 2, children can tell the difference between colours and shapes, and they begin to develop an awareness of the differences between people. Talk to them about how language is one of the ways in which people can be different, and that this can be fun and exciting. Use examples that will be familiar to your child if you can, friends and neighbours who speak other languages, or any experiences they have of other countries and cultures. Try watching some cartoons in Irish together. There’s a huge range of programmes and interactive games in Irish available on www.cula4.com, TG4’s player for children’s television.
Introducing some Irish to your home before your child starts in school will help them to get used to how the language sounds, and even to learn a few simple words. Gaeloideachas has published a book of simple vocabulary and phrases to help parents to use some Irish at home. It covers various everyday themes: home life, school, animals, colours, clothes, and lots more besides. It’s available to download from www.gaeloideachas.ie. You can listen to how the words are pronounced through the online dictionary www.focloir.ie.
Read together: The very best thing you can do for your child to prepare them for school is to read to them, and foster a love of books and reading. Picture books are a great way to encourage conversation – about school or anything else. Read in your home language, or if you have a cúpla focal, try reading a simple book in Irish with them. Make an adventure of it, take a trip to the library together and allow your child to choose a book for you to read.
Learn together: The vast majority of parents whose children go to a Gaelscoil don’t have fluent Irish. Show your child that you’re interested in learning along with them and they’ll be motivated to teach you. There’s no better teacher than the child who comes home from school every day, excited to share what they’ve learned. Take a look at www.irishforparents.ie. This website has simple lessons to help you to learn Irish yourself at home, as well as a number to call when you need help with your child’s homework. Ask your school about classes for parents. Many schools offer them at low cost and convenient times throughout the school year. These classes give you a great chance to talk to other parents about their experiences and to trade tips on how best to support your child.
Don’t worry! It’s natural to be anxious about your child starting school, even more so when they’ll be learning through a language that you’re not fluent in yourself. But don’t forget that the teachers, special needs assistants and all the support staff in Gaelscoileanna welcome new children in every year. It’s their job to take the very best care of your child, and to help them to settle and feel happy in school. They have all kinds of tricks up their sleeves to do this – songs, body language, gestures, pictures, rhymes, repetition –to make sure that the children can understand them and that they can understand the children. It won’t be long before your child will start using the Irish they pick up in school, and they’ll be keen to teach you as they learn themselves.
Teagascóir ag teastáil do dhalta le Disléicse
Lúnasa 3, 2018
Teagascóir Dhátheangach (Béarla/Gaeilge) ag teastáil do bhuachaill óg 7mbliana le Disléicse a bheidh ag dul isteach i Rang 1 sa bhFómhar.
Glaoigh ar Ciara i mBÁC 6 ag 087 2046565.
Folúntas le Gaeloideachas
Meitheamh 22, 2018
Riarthóir Oifige ag teastáil (Athfhógairt)
Conradh 3 bliana
Duine le sárscileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán labhartha agus scríofa sa Ghaeilge de dhíth.
Tuilleadh eolais agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV – meánlae, Dé hAoine, 6 Iúil 2018. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Tá an post seo lonnaithe sa phríomhoifig i Marino, Baile Átha Cliath 9.
Scála Tuarastail: €23,107 – 38,724
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie
Líofacht sa Ghaeilge á cheadú mar chritéir iontrála sna scoileanna lán-Ghaeilge sa Bhille Oideachais 2016
Bealtaine 10, 2018
Fáiltíonn Gaeloideachas roimh ráiteas an Aire Oideachais go bhfuil leasú le cur i bhfeidhm sa Bhille Iontrála Scoile a thabharfaidh cead do scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí sna polasaithe iontrála a bhfuil líofacht aois-oiriúnach acu sa Ghaeilge, agus a thógann aon riachtanais speisialta oideachais ag an bpáiste san áireamh sa mheasúnú ar céard is líofacht aois-oiriúnach ann. Baineann an foráil seo le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, sé sin 30% de bhunscoileanna agus 25% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tá an foráil seo á cheadú mar aitheantas ar na dúshláin a bhíonn ann áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge de bharr an éilimh mór atá orthu, nach bhfuil scoileanna in ann freastal air. Aithníonn an Rialtas nach bhfuil sé inmhianta i dtéarmaí beartais stáit nach bhfuil ceart uathoibríoch ag páistí leanúint ar aghaidh tríd na leibhéil ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge más sin a rogha.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas ina leith, “Aithnímid gur iarracht mhacánta atá ann ón Roinn agus ón Rialtas cosaint a thabhairt do pháistí le Gaeilge oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge, bíodh is nach bhfuil sainiú déanta sa bhfoclaíocht ar cén leibhéal líofachta a bhfuiltear ag súil leis ó pháiste. Táimid an-bhuartha áfach nach bhfuil sé sainithe go mbeidh cosaint ann don pháiste atá á thógáil le Gaeilge. Tacaíonn an eagraíocht le feachtas Cearta Oideachais gur ceart meicníocht cinnte a bheith ann chun an mionlach beag de chainteoirí dúchais a chosaint chun go bhfaighfidís oideachas ina t(h)eanga bhaile, agus beimid ag súil leis go mbeidh foráil ann sa reachtaíocht chuige sin.”
I gcomhthéacs éilimh Gaeloideachas go dáta go dtógfar na naíonraí san áireamh sa dréachtú Bille i dtéarmaí cosaint don teanga agus don tumoideachas, deir sí “aithnímid go bhféadfadh an foráil seo cosaint a thabhairt do pháistí a d’fhreastal ar naíonra chun go mbeidh deis acu tógáil ar na scileanna teanga a shealbhaigh siad agus iad ag aistriú go bunscoileanna lán-Ghaeilge. Táimid an-sásta go bhfuaireamar éisteacht ar sin.”
Aithnítear áfach go mbeidh dúshláin leis an gcur i bhfeidhm ag leibhéal na scoile sa mhéid is go bhfágfar faoi na scoileanna a mheas céard is leibhéal líofachta aois-oiriúnach. Deir Anna Ní Chartúir, Uachtarán Gaeloideachas, “níl sainiú déanta air go fóill, agus ní fios an ndéanfar. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán seo, tá sé tábhachtach go mbreathnóimid ar na heiseamláir idirnáisiúnta mar a bhaineann le dea-chleachtas sna córais eile iontrála a thugann cosaint agus caomhnú don mhionteanga.”
CRÍOCH
An chéad ócáid phoiblí riamh do thuismitheoirí páistí le riachtanais urlabhra, teanga agus chumarsáide atá ag freastal ar scoil dhátheangach.
Bealtaine 1, 2018
PREASRÁITEAS: LE FOILSIÚ LÁITHREACH
01.05.2018
Tá líon na bpáistí in Éirinn atá á dtógáil le dhá theanga nó níos mó sa bhaile nó sa timpeallacht scoile ag méadú. Bíonn ceisteanna ag go leor tuismitheoirí/caomhnóirí, ceisteanna nach dtugtar freagra orthu go minic, maidir le húsáid an dá theanga agus oiriúnacht an oideachais dátheangaigh do pháistí a bhfuil riachtanais urlabhra, teanga agus chumarsáide acu nó riachtanais speisialta oideachais eile acu (uathachas, disléicse, diospraicse agus Siondróm Down ina measc). Tabharfaidh painéal de shaineolaithe sa réimse seo aghaidh ar na saincheisteanna seo ag oíche eolais phoiblí agus déanfaidh siad chuile iarracht tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas gur córas tairbheach é an t-oideachas dátheangach do pháistí le riachtanais speisialta oideachais éagsúla.
Beidh an ócáid seo, atá eagraithe ag Gaeloideachas i gcomhar leis an ‘Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism’, ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an 3 Bealtaine 2018 óna 7-9i.n. agus tá fáilte roimh chách.
Tá go leor buntáistí leis an oideachas lán-Ghaeilge in Éirinn do pháistí, agus le córais oideachais dátheangacha eile, ina measc cumas cumarsáide, litearthachta agus líofachta in dhá theanga, muinín agus braistint féiniúlachta níos láidre, gnóthachtáil chognaíoch agus oideachais níos fearr. Is buntáistí iad seo do gach páiste, do pháistí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh. Faraor géar, bíonn go leor míthuiscintí maidir leis na cúrsaí seo agus mar thoradh air sin, ní fhaigheann páistí an deis tairbhe a bhaint as córas oideachais a bhfuil go leor buntáistí leis.
Tabharfaidh na saineolaithe sa réimse seo a ndearcthaí ar na ceisteanna ar oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ina measc an tOllamh Ianthi Tsimpli (University of Cambridge); an tOllamh Padraig Ó Duibhir (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); an Dr Ciara O’Toole (Coláiste na hOllscoile Corcaigh); an Dr Maria Garraffa (Heriot-Watt University) & Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, (Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín – gaelscoil le dhá aonad neamhoird de chuid speictream an uathachais (ASD).
Tá fáilte roimh thuismitheoirí, tuismitheoirí ionchasacha, taighdeoirí, múinteoirí agus cleachtóirí gairmiúla freastal ar an ócáid. Ní gá ach clárú don ócáid atá saor in aisce ag an nasc seo thíos:
TEAGMHÁIL:
Bláthnaid ní Ghréacháin, Gaeloideachas 086 8050335
Francesca La Morgia, Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism: 0892504137