Méid an Téacs

Ard-taitneamh bainte ag daltaí Ghaelscoil na nDéise as cuairt go Gaeltacht na Rinne

Bealtaine 27, 2013

Chuaigh daltaí Rang 6 ó Ghaelscoil na nDéise ar cuairt 3 lá go Gaeltacht na Rinne idir an 15ú Bealtaine 2013 agus an 17ú Bealtaine 2013. Bhuaileamar le daltaí Rang 6 ó Scoil na Leanaí ann ‘s ghlacadar páirt sna himeachtaí éagsúla linn. Bhí deis iontach againne ár gceantar Gaeltachta áitiúil a fheiscint ‘s canúint na háite a chloisint ‘s a fhoghlaim. Ghlacamar páirt i gcluichí, caithimh aimsire, rince gaelach, turasanna ‘s go leor imeachtaí eile ‘s bhí deis iontach ag na páistí bualadh le daltaí ó Ghaelscoil eile ‘s cumarsáid a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge i modh taitneamhach. D’fhan na páistí i gColáiste na Rinne (ionad Gaeilge sa Rinn) ‘s bhí a gcuid béilte acu ann chomh maith. Chuamar ar turasanna timpeall an cheantair agus bhí na páistí an-thógtha lena nGaeltacht áitiúil!! Bhí an-spórt ‘s spraoi againn le daltaí Scoil na Leanaí chomh le muintir an Choláiste ‘s táimid ag súil go mór leis an turas ann an bhliain seo chugainn cheana féin!!

Tráth na gCeist, Cnoc na Labhras

Feabhra 8, 2013

Tá rang na hidirbhliana darb ainm ‘Anam’ páirteach sa scéim YSI , sé sin Young Social Innovators agus b’é aidhm na scéimé ná rud suimiúil / spórtúil / cabhrach / sóisialta / difriúil / acadúil a dhéanamh sa sochaí / timpeallacht atá timpeall orainn. Toisc gur scoil lán ghaelach muid le suim mór i dteanga agus cultúr na gaeilge agus le teacht blian na Gaeilge 2013 shocraíomar rud a dhéanamh leis an bhun scoil in aice linn ‘An Mhodhscoil’. D’eagraíomar ‘Tráth na gCeist’ i Mí Nollag 2012. Fuaireamar pacáiste iontach ó Ghael Linn leis na ceisteanna go léir, agus fuaireamar tacaíocht freisin ó Forás na Gaeilge rud atámuid fíor bhuíoch de. Freisin cheannaíomar duaiseanna agus bhí spot duaiseanna againn freisin. Bhain na scoláirí go léir an-chuid taitneamh as an rud go léir. Bhí spórt agus scléip acu trí mheán na Gaeilge. D’eagraíoch é go hiontach agus thugamar liosta de na bhfocail do na dhaltaí roimh ré mar sin bhí ullmuchán iontach déanta acu agus d’fhoghlamaíomar go léir a lán!!

Bhaineamar go léir árd taitneamh as an ócáid seo ar fad. Ba mhaith linn freisin ár mbuíochas a ghabháil díbh go léir i nGaelscoileanna Teo.

Rang ‘Anam’ na hidirbhliana,
Cnoc na Labhras,
Luimneach.

Gaelcholáiste Chill Dara ar chuairt go Coláiste Feirste

Eanáir 11, 2013

Thug Gael-Choláíste Chill Dara cuairt ar Choláiste Feirste le déanaí. Turas dhá lá a bhí ann, a chuimsigh bialanna lánGhaeilge nó le seirbhís Ghaeilge, turais staire trí Ghaeilge, cuairt ar stáisiún raidió Gaeilge agus cruinnithe le polaiteoirí (cuid acu a bhfuil Gaeilge acu). Bhí céilí, comórtais ar nós Seachain an Liathróid, Amhránaíocht, Dáta Dall agus Luasdátáil i measc na n-imeachtaí agus is léir ó na grianghraif gur bhain na daltaí an-taitneamh as!

Imeachtaí idirscoile i mBeanntraí um Nollag

Eanáir 7, 2013

Tháinig tuismitheoirí agus múinteoirí ó Naíonra Bheanntraí, Pobalscoil Bheanntraí agus na trí scoileanna náisiúnta i mBeanntraí chun ceard a dhéanamh le páistí an Naíonra, páistí na scoile agus páistí ó Pobalscoil Bheanntraí trí mheán na Gaeilge gach maidin Dé hAoine ar feadh ceithre sheachtain.

Do dhein na bunranganna maisiúcháin na Nollag, na meánranganna puipéidí, agus na hardranganna scatháin mosaic agus coinnle na Nollag. Chomh maith le sin, do thaispeáin múinteoir amháin do na tuismitheoirí conas taispeántas bláthanna na Nollag a dhéanamh. Do bhí cupán tae tar éis gach ceardlann agus béim ar comhrá Gaeilge agus craic.

Ar an 4 Nollag, bhí oíche mhór sa scoil – bhí na ceird go léir ar díol agus tugadh cuireadh do mhuintir an bhaile, na scoileanna áiti úila, páistí agus tuismitheoirí teacht chun féachaint ar an obair iontach a bhí déanta. Do tháinig Daidí na Nollag chomh maith agus bhí an áthas ar na páistí go raibh gaoluinn á labhair aige!

Thug scoláirí ón Ghearmáin cuairt ar Gairmscoil Mhic Diarmada mar pháirt den clár mhalartú scoile

Deireadh Fómhair 25, 2012

Thug cúig déag scoláirí ón Ghearmáin cuairt ar Gairmscoil Mhic Diarmada ar na mallaibh mar pháirt den clár mhalartú scoile atá beartaithe idir an dá scoil idir an 15ú agus 19ú mí Dheireadh Fómhair 2012. Tháinig siad chun an oileáin agus beirt mhúinteoirí dá gcuid in éineacht leo ó mheánscoil loinnithe cóngarach do Hanover (Winipeg) agus chaith siad cúig lá ar an iomlán ag freastal ar ranganna ins an scoil, ag cur aithne ar na daltaí sa scoil agus ag glacadh páirt in imeachtaí seac-churaclam taobh amuigh den scoil fosta. Bhí na himeachtaí tráthnóna eagraithe daofa ag an Comhachumann Fostaíochta ar an oileán: Siúlóid an oileáin, oíche spóirt, oíche ceoil agus dioscó oíche de haoine, a n-oíche dheireanach ar an oileán.

D’fhán na cuairteoirí le teaghlaigh éagsúla ar an oileán i rith na seachtaine agus chuir achan duine fáilte mhór rompu.

Chuaigh siad le daltaí ón tríú bliain suas go dtí an cúigiú bliain ar turas scoile go Béal Feirste ar an Déardaoin. Thug siad cuairt ar an ionad taispeántais titanic ar maidin agus chaith siad an chuid eile don lá ag déanamh siúlóide stairiúil thart fan cathrach agus bhain achan duine sult as an lá speisialta seo.

Cuairt ghairid a bhí ann ach b’fhiú go mór í. Bhí tráth na gceist ar siúl ins an scoil ar an Aoine agus tugadh an t-airgead tógtha so Shiondróm Down, co dhún na NGall. Beidh na daltaí ón Ghearmáin agus daltaí na hidirbhliana Gairmscoil Mhic Diarmada ag obair le chéile agus ag díriú isteach ar cúpla tionscnaimh fríd an bhliain.

1. An tábhacht atá ag baint leis an Fharraige
2. Cosúlachtaí agus difríochtaí idir an dá tír (Stair, eacnamaíocht pholaitiúil, cultúir)
3. Saol an mhuintir óig i nGearmáin agus in Éireann (comparáidí)
4. Cúrsaí spóirt
5. Ceol
6. An Aontas Eorpach

Glacfaidh daltaí na hidirbhliana uilig páirt i dturas go Gearmáin níos moille na bliana seo; deis foghlaimthe fhiúntach a bheas ann.

Gaelscoil Éadan Doire – Lá i gColáiste na bhFiann

Meitheamh 22, 2012

Chuaigh Gaelscoil Éadan Doire go Droim Rí i gcomhair an lá ar an 29 Bealtaine 2012. Chasamar ar na scoileanna seo ann: Gaelscoil Uí Chéide, Brí Chualann, Scoil Bhríde, Ranallach agus Gaelscoil an Bradán Feasa, Co. na Mí. Roinneadh na páistí go léir idir thrí ghrúpa. Bhí cluichí, damhsa, drumaí Afraiceach agus drámaíocht ar siúl acu. Seans a bhí ann do na páistí casadh ar dhaltaí eile a úsáideann Gaeilge mar theanga cumarsáide. Bhain na páistí an-sult as!

Múinteoir Eilís (Rang a 3 / Rang a 4)

Gairmscoil Chú Uladh – Blitz Peil Ghaelach

Bealtaine 30, 2012

Ar an tríú lá de Bhealtaine, 2012 bhí comórtas peil ghaelach ar siúl i nGleann Fhinne.  Dhá chomórtas “naonúr-an–taobh” a bhí ann, ceann do na gasúir agus ceann do na girseacha sa chéad bhliain.  Ghlac ceithre scoil páirt ar an lá, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, PCC An Falcarrach, Finn Valley agus Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir.

D’imir na foirne roinnt peil iontach ar an lá agus bhí an aimsir go hálainn.  Rinne achán scoil iarracht mhór Gaeilge a labhairt lena chéile.  Chabhraigh beirt ón cheathrú bliain leis an
réiteoireacht agus rinne siad job maith.  Tar-éis na gcluichí bhí go leor bia agus deochanna ar fáil sa clubtheach.

Bhí an bua ag na gasraí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus an bua ag na girseacha as Gairm scoil Chú Uladh.  Bhí boinn ar fáil do na buaiteoirí agus fosta do na foirne a bhí sa dara háit.
Bhain gach duine sult as an lá.

An Máistir Ó Gallachóir,
Gairmscoil Chú Uladh.

Coláiste Pobail Osraí – Turas go Bhéal Feirste

Bealtaine 30, 2012

Rinne 47 daltaí ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh cuairt a thabhairt ar Meánscoil Feirste ar an 10ú Meitheamh.  Baill de Choiste Gaeilge na scoile a bhí i mic léinn Chill Chainnigh agus eagraíodh an turas chun go gcuirfeadh siad aithne ar Ghael óga eile.  Roimh dúinn an cuairt a thabhairt ar na mic léinn Feirsteacha, d’fhreastail ár ndaltaí ar “Black Cab Tour” chun tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcomhthéacs ina mhaireann na Gael óga thuas ansin.  Ina dhiaidh sin, ag meán lae rinne muid lón a glacadh i gcomhluadar na mic léinn Feirsteacha agus ina dhiaidh bhí lá scléip eagraithe dúinn.  Bhí cluichí cispheile agus ‘dodgeball’ ann idir na daltaí agus cluiche ‘dodgeball’ idir na múinteoirí féin fiú amháin.  Ní nach ionadh b’fhéidir gur tugadh léasadh cheart dos na Deisceartaigh.  Bhíomar ana shásta ar fad leis an chaoi a raibh na daltaí ag meascadh agus ag baothchaint.  Ar an mbus abhaile bhí mórlucht na ndaltaí ag triail canúint Feirsteach a chur ar a gcuid caint.  Tá sé eagraithe againn go dtabharfaidh na hUltaigh cuairt orainn an bhliain seo chugainn.

Gaelcholáiste na Mara – Lá Spóirt Idirscoile

Bealtaine 22, 2012

Bhí lá spórt idirscoile iontach ar siúl i nGaelcholáiste na Mara Dé Céadaoin 16ú Bealtaine. Tugadh cuireadh do na scoláirí céad bliana ó Mheánscoil Garman agus  ó Ghaelcholáiste Phort Láirge freastal ar an ócáid. Ghlac 120 scoláire ar fad páirt in imeachtaí an lae agus bhaineadar sult is spórt as . Bhí na daltaí roinnte i bhfoirne meascaithe le daltaí ón dtrí scoil ar gach foireann agus ainmneacha na gcontae ar na foirne difriúla. I measc na gcomórtais a eagraíodh bhí cluichí cispheile, peil gaelach, rásaí éagsúla, puc fada,tarraingt téide, srl.

Ag an deireadh ba í foireann Bhaile Átha Cliath  an fhoireann ab fhearr agus bronnadh bonn breá ar gach duine acu. Ba é buachaill an lae ná Killian Gorby ó Mheánscoil Garman, ba í cailín an lae ná Niamh Bridges ó Ghaelcholáiste Phort Láirge agus bronnadh an bua don scoil ab fhearr ar an lá ar Ghaelcholáiste na Mara. Míle buíochas do na múinteoirí spóirt ó Ghaelcholáiste na Mara a d’eagraigh imeachtaí an lae; oidí Tony, Gearóid agus Breandán agus do na múinteoirí ón dá scoil eile a thug lámh cunta dóibh.

Seachtain Na Gaeilge – Gaelscoil Mhic Easmainn 2012

Bealtaine 9, 2012

Cuireadh tús le imeachtaí Seachtain na Gaeilge 2012 i nGaelscoil Mhic Easmainn le Aifreann na nÓg i Séipéal Naomh Éoin maidin Domhnaigh ag 9 r.n.  An tAthair Proinsias Ó Nualláin a dúirt an tAifreann agus ghlac tuismitheoirí agus daltaí na Gaelscoile páirt sna léachtaí, paidreacha , iomainn agus ceol.  B’ocáid scoile aoibhinn spioradálta í.

Maidin Dé Luain dhúisíomar go léir le Raidió Chiarraí agus daltaí na Gaelscoile ag rá na “ads” as Gaeilge.  Buachaillí agus cailíní ó Naíonáin Bheaga go Rang a 6 a bhí mar “Guth na Ríochta” ag cur na cláracha in aithne don lucht éisteachta le linn na seachtaine.  Dé Máirt d’fhágamar slán le Rang a 5 a bhuail an bóthar go hInis, Co. an Chláir lena dhráma “Goid Asal an Rí”. In amharclann bhreá ‘Glór’ a bhí Féile na Mumhan agus fair play dóibh – dheineadar an bheart.  Thugadar an trófaí abhaile leo agus anois táid ag ullmhú do Chraobh na hÉireann sa Mhuileann gCearr ag deireadh Mí Aibreáin.

Maidin Dé Céadaoin bhí Gaelscoil Mhic Easmainn ar fad ar an stáitse leis an Seó Ardáin Bhliantúil ina raibh mír bheag ó gach rang idir ceol, amhránaíocht, scéalaíocht agus filíocht.  Arís taispeántas den scoth ó ghach éinne agus an-atmaisféar timpeall na scoile.

Ba lá mór é an Déardaoin nuair a bhí an Ghaelscoil oscailte don bpobal. Chuireamar céad míle fáilte roimh na cuairteoirí go léir go dtí Lá Oscailte 2012  lenár gCór Scoile a chan go binn soiléir. Bhí na cuairteoirí an-thógtha lenár scoil tar éis tamall á chaitheamh ag éisteacht, ag ceistiú agus ag siúl timpeall na scoile.  Oíche Déardaoin d’eagraigh ár gComhairle na dTuismitheóirí Tráth na gCeist Teaghlaigh ina raibh ard oíche spóirt agus craic ag gach éinne idir óg agus aosta. .

Osclaíodh doirse na scoile maidin Dé hAoine do Thráth na gCeist agus Céilí idirscoileanna.  Ghlac tuairim is 30 bord páirt i  dTráth na gCeist. Iar mhúinteoir Máistir Seán Ó Dónaill a bhí mar Máistir na gCeisteanna agus tar éis cúpla ceist cruaidh ag an deireadh b’í Scoil Ard Fhearta a bhuaigh an chéad duais.  Comhghairdeas le muintir Ard Fhearta arís. Buíochas chomh maith  leis na foirne a tháinig chugainn ar an lá ó Scoil an Teaghlaigh Naofa, Trá Lí, Gaelscoil Faithleann, Cill Áirne agus Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí.  I ndiaidh lóin breá blasta cuireadh tús leis an gCéilí.  Máistir Deaglán agus Máistir Colm a bhí mar “fhear a’ tí”.  Ard-chéilí a bhí ann inar mheasc na leanaí an mhaith lena chéile ag déanamh Ionsaí na hInse, Fallaí Luimní agus Bróg ar an Asal ar feadh an tráthnóna.  Tugadh an chuid  duaiseanna amach dos na rinceoirí is fearr agus na h-amhránaithe éagsúla chomh maith.  Bhí sólaistí tuillte go maith acu faoin dtráth seo agus thug na cuairteoirí aghaidh ar an mbóthar abhaile, caite traochta i ndiaidh la an thaitneamhach i nGaelscoil Mhic Easmainn – ach ní raibh daltaí na Gaelscoile seo críochnaithe fós mar bhí an Banna Ceoil ag siúl i bParáid Lá le Pádraig ar an Satharn ag seinnt go haoibhinn, ag féachaint go hálainn – le cótaí nua i mbliana – bhí gach éinne an bhródúil as an breis is 70 dalta a ghlac páirt i bParáid Lá Fhéile Pádraig 2012.

Chun deireadh a chur le imeachtaí na seachtaine deineadh clár Raidió le Méabh Lawlee ar Raidió Chiarraí, Caint Chiarraí a bhí craolta beo oíche Dé Domhnaigh ar a dhein leanaí na Gaelscoile scéalaíochta, agallamh beirte, amhránaíocht agus cúpla píosa ceoil . Níl aon dabht ach go raibh seachtain ghníomhach ach taitneamhach  ag muintir na Gaelscoile le linn Seachtain na Gaeilge 2012.

« Previous PageNext Page »